Seolann na hAirí Heydon agus Healy-Rae Glao Oscailte do Thionscadail Sábháilteachta, Sláinte agus Folláine Feirmeoirí

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann na hAirí Heydon agus Healy-Rae Glao Oscailte do Thionscadail Sábháilteachta, Sláinte agus Folláine Feirmeoirí

Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, agus an tAire Stáit don Fhoraoiseacht, don tSábháilteacht Feirme agus don Ghairneoireacht, Michael Healy-Rae TD, Glao Oscailte inniu do Thionscadail Sábháilteachta, Sláinte agus Folláine Feirmeoirí.

Ag fógairt an ghlao, dúirt an tAire Healy-Rae:

“Ag tógáil ar rath na nGlaonna Oscailte in 2024 agus 2025, tacóidh an tionscnamh seo le tionscadail in 2026 chun sábháilteacht, sláinte agus folláine ár bpobal feirmeoireachta a fheabhsú. Cuireadh roinnt téamaí nua leis an nGlao Oscailte i mbliana, lena n-áirítear tograí chun tacaíocht ar leith a thabhairt d’fheirmeoirí níos sine, ar grúpa níos leochailí iad. Bhí feirmeoirí os cionn 60 bliain d’aois freagrach as trí cheathrú de na básanna feirme in 2025. Tá tograí á lorg freisin maidir le hoiliúint maidir le hobair ar airde agus seiceálacha éisteachta agus radhairc, agus beidh obair leantach ar athrú iompraíochta sláinte san áireamh i seiceálacha sláinte feabhsaithe chun feirmeoirí a spreagadh na hathruithe riachtanacha a dhéanamh chun a sláinte a fheabhsú agus a chosaint.”

Tá na tionscadail faoin nGlao Oscailte á maoiniú ó bhuiséad tiomnaithe sábháilteachta feirme na Roinne. Tá tograí á lorg do thionscadail a thabharfaidh aghaidh ar na téamaí agus na fothéamaí seo a leanas:

  • Sábháilteacht Feirme
    • Oiliúint feasachta ar thiomáint tarracóra do pháistí 14 bliana d’aois agus níos sine
    • Oiliúint sábh slabhrach d’fheirmeoirí
    • Oiliúint maidir le hobair ar airde d’fheirmeoirí

  • Sláinte fhisiciúil feirmeoirí
    • Seiceálacha sláinte fisiciúla d’fheirmeoirí
    • Seiceálacha éisteachta agus radhairc

  • Sláinte mheabhrach agus folláine feirmeoirí

Seiceálacha sláinte meabhrach

  • Tacaíocht d’fheirmeoirí níos sine

Ní mór gach tionscadal a mhaoinítear faoin nGlao Oscailte a bheith críochnaithe faoin 30 Deireadh Fómhair 2026. Féadfar tionscadail rathúla a chuirfear i gcrích in 2026 a mhaoiniú arís sna blianta ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse nó tréimhsí suas le dhá mhí dhéag, suas go deireadh 2029, faoi réir maoiniú a bheith ar fáil agus ceadú na Roinne.

Ag fáiltiú roimh an nGlao Oscailte, dúirt an tAire Heydon:

“Tar éis €3 mhilliún a fháil i maoiniú tiomnaithe don réimse tábhachtach seo i mBuiséad 2026, leanfaidh mo Roinn de thosaíocht a thabhairt do shábháilteacht, sláinte agus folláine gach duine atá bainteach leis an bhfeirmeoireacht. Léiríonn an tionscnamh seo tiomantas an Rialtais aghaidh a thabhairt ar na rioscaí díréireacha atá roimh an bpobal feirmeoireachta agus dul i ngleic le drochthaifead sábháilteachta na feirmeoireachta. Táim tiomanta a chinntiú go ndéanfaidh gach feirmeoir, sna ceithre bliana amach romhainn, na bearta riachtanacha chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sábháilteachta ar a bhfeirmeacha agus chun a sláinte fhisiciúil agus mheabhrach agus a bhfolláine a chosaint agus a fheabhsú.”

Is féidir iarratais faoin nGlao Oscailte a sheoladh ar ríomhphost chuig farmsafetycall@agriculture.gov.ie nó iad a chur leis an bpost cláraithe chuig: An Rannóg um Bheartas Barr, Meastóireacht agus Deimhniúchán, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Foirgneamh Riaracháin Backweston, Cill Droichid, Co. Chill Dara. Is é an spriocdháta chun iarratais a chur isteach ná 5.00 i.n. Dé Céadaoin, an 1 Aibreán 2026. Tá an Doiciméad Sonraíochtaí agus an Fhoirm Iarratais ar fáil ag www.gov.ie/farmsafety.

Seimineár Gréasáin Faisnéise

Reáchtálfar seimineár gréasáin faisnéise maidir le hullmhú iarratas don Ghlao Oscailte Dé Céadaoin, an 11 Márta 2026 ag 10.00 am. Moltar d’iarratasóirí atá ag smaoineamh ar thogra a chur isteach freastal ar an seimineár gréasáin tábhachtach seo. Chun clárú don seimineár gréasáin, cliceáil anseo le do thoil.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat