Fógraíonn na hAirí Heydon agus Michael Healy-Rae íocaíocht €23.5m i bpréimheanna bliantúla le níos mó ná 6,500 úinéir foraoise

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn na hAirí Heydon agus Michael Healy-Rae íocaíocht €23.5m i bpréimheanna bliantúla le níos mó ná 6,500 úinéir foraoise

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, TD, inniu go n-eiseofar íocaíochtaí préimhe foraoiseachta bliantúla saor ó cháin ioncaim don bhliain 2026. Eisíodh na híocaíochtaí an tseachtain seo chuig úinéirí foraoise a rinne iarratas ar a n-íocaíochtaí trí suíomh gréasáin Sheirbhísí Ar Líne na Roinne: www.agfood.ie.

Dúirt an tAire Heydon:

“Is tacaíocht thábhachtach d’úinéirí foraoise iad na híocaíochtaí préimhe bliantúla seo, mar aon leis na deontais atá ar fáil chun cabhrú le plandálacha nua a bhunú, cuireann siad tacaíocht shuntasach ar fáil chun foraoiseacht na hÉireann a chothabháil agus leanúint dá leathnú.”

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht maidir le Foraoiseacht, Michael Healy-Rae, TD:

“Fáiltím go mór roimh an íocaíocht shuntasach seo d’úinéirí foraoise. Tá os cionn 24,000 úinéir talún ag baint tairbhe cheana féin as na buntáistí a bhaineann leis an bhforaoiseacht. Mholfainn go láidir d'úinéirí talún a d'fhéadfadh a bheith ag smaoineamh ar chrainn a chur labhairt le comharsana a bhfuil sé sin déanta acu cheana féin, agus teagmháil a dhéanamh le coillteoir cláraithe nó le comhairleoir Foraoiseachta Teagasc. Íocann an Clár Foraoiseachta reatha ag na rátaí is airde a bhí ar fáil riamh d’úinéirí foraoise, agus tá réimse roghanna plandaithe ar fáil do gach duine ó choillearnacha dúchasacha ar mhionscála, go dtí an agrafhoraoiseacht, go dtí an fhoraoiseacht leanúnach.’

Íocadh préimheanna bliantúla foraoiseachta arbh fhiú beagnach €23.5 milliún iad i mbulcíocaíocht na seachtaine seo caite i leith beagán os cionn 6,500 iarratas.

Is féidir le húinéirí foraoise nach bhfuil a n-iarratais ar líne curtha isteach acu go dtí seo iarratas a dhéanamh ar líne fós ar a bpréimheanna foraoiseachta trí shuíomh gréasáin na Roinne um Sheirbhísí ar Líne(www.agfood.ie). Fanfaidh an tsaoráid seo ar oscailt ar feadh na bliana, agus leanfaidh an Roinn ag próiseáil iarratais ar líne le haghaidh préimheanna foraoise 2026 de réir mar a fhaightear iad, agus eiseofar íocaíochtaí ar bhonn seachtainiúil.

Nótaí don Eagarthóir

Clúdaíonn na deontais atá ar fáil faoin Deontas Foraoisithe agus faoin Scéim Préimhe an costas a bhaineann leis an bplandáil foraoise a bhunú agus préimh bhliantúil foraoiseachta suas le €1,142 in aghaidh an heicteáir a íoc, ar feadh tréimhsí suas le 20 bliain d'fheirmeoirí agus 15 bliana d'iarratasóirí eile. Tá tuilleadh eolais faoi thacaíochtaí don fhoraoiseacht ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne, (Deontais agusScéimeanna Foraoiseachta).

Forestry premiums - county breakdown

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat