Fáiltíonn Airí Heydon agus Muir roimh chur chuige uile-oileánda maidir le hinrianaitheacht eachaí

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn Airí Heydon agus Muir roimh chur chuige uile-oileánda maidir le hinrianaitheacht eachaí

Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, agus an tAire Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe, Andrew Muir MLA, fáilte roimh ailíniú na rialacha maidir le hinrianaitheacht eachaí in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann i ndáil le huimhreacha gabháltas eachaí.

Is ceanglas dlíthiúil é faoi Dhlí Sláinte Ainmhithe an Aontais Eorpaigh go gcaithfear gach bunaíocht ina gcoimeádtar eachaí a chlárú leis an údarás inniúil. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh aon duine atá freagrach as bunaíocht (talamh nó gabháltas) ina gcoimeádtar eachaí an bhunaíocht sin a chlárú leis an Roinn Rialtais ábhartha.

Tá oibreoirí eachaí in Éirinn faoi cheangal ó 2020 i leith uimhir chlárúcháin áitribh eachaí a lua agus iad ag déanamh iarratais ar phas eachaí. Ón 1 Feabhra 2026 ar aghaidh, beidh feidhm ag an gceanglas seo freisin maidir le hoibreoirí i dTuaisceart Éireann. Beidh ar iarratasóirí ar phasanna eachaí atá ina gcónaí i dTuaisceart Éireann uimhir bhunaíochta eachaí a sholáthar.

Leag Airí Heydon agus Muir béim ar an tábhacht a bhaineann le hailíniú rialála idir a ndlínseanna más mian linn inrianaitheacht láidir eachaí a bhaint amach. Chuir an tAire Heydon fáilte roimh an tionscnamh i gcomhthéacs nádúr uile-oileánda earnáil eachaí na hÉireann:

“Tá tionscal capall na hÉireann in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann fite fuaite go dlúth trí thrádáil, pórú agus iomaíocht, agus bíonn gluaiseacht thrasteorann go minic ann le haghaidh rásaíochta, díolachán, traenála agus cúram tréidliachta. Baineann an earnáil tairbhe as an gcur chuige uile-oileánda seo agus is cuí go leathnófaí an cur chuige sin chuig na ceanglais maidir le hinrianaitheacht. Tá an tAire Muir agus mise ag tnúth le bheith ag obair le chéile chun tacú leis an earnáil eachaí.”

Dúirt an tAire Muir gur cloch mhíle shuntasach i dturas inrianaitheachta eachaí Thuaisceart Éireann é Uimhreacha Bunaíochta Eachaí a dhéanamh ina gceanglas éigeantach do choimeádaithe eachaí i dTuaisceart Éireann:

“Is é an tábhacht a chuireann tír ar inrianaitheacht ceann de na táscairí is soiléire ar an tábhacht a chuireann sí ar shláinte agus ar leas a hainmhithe. Tá inrianaitheacht láidir riachtanach chun todhchaí ár n-earnála eachaí a chosaint, agus ní féidir é seo a bhaint amach gan comhar Thuaidh-Theas. Cuirim fáilte roimh chlárú éigeantach bunaíochtaí eachaí a thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann. Beidh ceanglas éigeantach maidir le huimhreacha bunaíochta eachaí mar bhunús do chóras inrianaitheachta eachaí Thuaisceart Éireann, agus táim ag tnúth le tógáil ar an mbonn sin chun sláinte agus leas ár gcapall a chinntiú.”

Chuir an bheirt Airí béim ar an tábhacht a bhaineann le comhar leanúnach idir an Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chun dul i ngleic le dúshláin agus deiseanna comhroinnte. Tacóidh na córais uathúla aitheantais áitribh leis an obair leanúnach chun na caighdeáin is airde i sláinte eachaí agus i mbithshlándáil a chothabháil, rud a léiríonn luachanna agus tosaíochtaí comhroinnte an dá riarachán.

Nótaí d'Eagarthóirí

An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Tá Uimhreacha Clárúcháin Áitribh Eachaí ina gceanglas dlíthiúil do choimeádaithe capall in Éirinn ó 2014 agus tá siad riachtanach le haghaidh iarratais ar phas eachaí ó 2020.

D’fhoilsigh an tAire Martin Heydon plean gníomhaíochta i Márta 2025 chun na hathchóirithe a mholadh i dTuarascáil Wall ar Inrianaitheacht agus Leas Eachaí a chur i bhfeidhm. Gné bhunúsach de phlean an Aire chun inrianaitheacht eachaí feabhsaithe a chur ar fáil is ea bunachar sonraí lárnach nua eachaí a nascfaidh capaill lena n-uimhir chlárúcháin áitribh eachaí. Le himeacht ama ní bheidh ach capaill atá nasctha sa bhunachar sonraí lena n-uimhir chlárúcháin áitribh eachaí in ann a bheith curtha i láthair le haghaidh díolacháin, taispeántais nó onnmhairithe. Tá an bunachar sonraí nua le seoladh roimh dheireadh na bliana (2026).

An Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe

Is ceanglas dlíthiúil é clárú bunaíochtaí eachaí faoi Airteagal 84 de Dhlí Sláinte Ainmhithe an Aontais Eorpaigh (AHL): maidir le galair ainmhithe in-tarchurtha agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse sláinte ainmhithe (‘Dlí Sláinte Ainmhithe’). Tuilleadh sonraí ag https://eur-lex.europa.eu/legal-content

Ní mór d’oibreoir na bunaíochta ina gcoimeádtar eachaí a bhunaíocht a chlárú, cibé acu is leis nó léi na heachaí a choimeádtar ann nó nach ea.

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi phasanna capall (ar a dtugtar Doiciméad Aitheantais Aonré Saoil faoin reachtaíocht) a fháil ag https://www.daera-ni.gov.uk/articles/single-lifetime-identification-document-equines-horse-passports.

Tá ceisteanna agus freagraí ar fáil ag: Clárú Bunaíochtaí Eachaí - Ceisteanna agus Freagraí | An Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe.

Ba chóir gach ceist ó na meáin a chur chuig Oifig Phreasa na Roinne Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe: pressoffice.group@daera-ni.gov.uk nó teileafón: 028 9016 3460.

Cuireann Seirbhís Faisnéise an Fheidhmeannais seirbhís lasmuigh d’uaireanta oifige ar fáil le haghaidh fiosruithe ó na meáin amháin idir 18.00 agus 08.00 ó Luan go hAoine agus ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire poiblí. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an oifigeach preasa ar dualgas ag 028 9037 8110.

Lean an Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe ar X (ar a dtugtaí Twitter roimhe seo) agus ar Facebook.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat