Fógraíonn na hAirí Heydon agus O’Brien €10 milliún maoinithe ó Chiste an Aontais um Aistriú Cóir do dhá thionscadal taispeána bithgheilleagair

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn na hAirí Heydon agus O’Brien €10 milliún maoinithe ó Chiste an Aontais um Aistriú Cóir do dhá thionscadal taispeána bithgheilleagair

Tacóidh dhá dhámhachtain €5 mhilliún an ceann faoin Tionscnamh Taispeána Bithgheilleagair Chiste an Aontais um Aistriú Cóir an Aontais Eorpaigh le dhá thionscadal bithgheilleagair le comhoibriú ar fud Lár Tíre

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon T.D., agus an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O’Brien T.D., inniu maoiniú €10 milliún do dhá thionscnamh taispeána bithgheilleagair. Is é seo an dara glao faoin Tionscnamh Taispeána Bithgheilleagair Chiste an Aontais um Aistriú Cóir an Aontais Eorpaigh, atá cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach. Tá an glao seo ceaptha chun réitigh phraiticiúla, infheistithe sa bhithgheilleagar a chur ar fáil i gCríoch Chiste um Aistriú Cóir in Éirinn i Lár Tíre, a thacaíonn le pobail agus le gnólachtaí slabhraí luacha bithbhunaithe nua ísealcharbóin a fhorbairt de réir mar a aistríonn an réigiún ó mhóin. Beidh gníomhaíocht taispeána, soláthar bithmhaise agus comhoibriú tionscail lárnach i Lár Tíre sa dá thionscadal, rud a ghinfidh infheistíocht áitiúil, deiseanna sa slabhra soláthair agus forbairt scileanna.

Tá maoiniú €5 mhilliún á dhámhachtain don tionscadal ‘BIOCHAR’, atá faoi stiúir Ollscoil Luimnigh, agus €5 mhilliún eile á dhámhachtain don tionscadal ‘TRANSFORM’, atá faoi stiúir Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Ag trácht dó ar an bhfógra, dúirt an tAire Heydon:

“Is cúis áthais dom an maoiniú €10 milliún seo a fhógairt do dhá thionscadal taispeána bithgheilleagair nua mar chuid de Chiste an Aontais um Aistriú Cóir. Léireoidh tionscadail BIOCHAR agus TRANSFORM na féidearthachtaí a bhaineann le bithghual a úsáid sa talmhaíocht, sa bhithfhuinneamh agus san inbhuanaitheacht, chomh maith le seachtháirgí agus dramhaíl agraibhia a thiontú ina gcomhábhair fheidhmiúla. Cuirfidh an infheistíocht seo leis an €22 milliún atá tiomnaithe cheana féin do thionscadail phíolótacha bithgheilleagair eile, rud a léiríonn tiomantas an Rialtais chun an bhithgheilleagar a mhéadú ar fud ár ngeilleagair agus ár gceantar tuaithe.”

Tabharfaidh an tionscadal ‘BIOCHAR’ le chéile réimse comhpháirtithe ar fud na hÉireann agus bainfidh sé leas as a dtaithí chun táirge bithghuala inbhuanaithe a fhorbairt agus a tháirgeadh le haghaidh taispeána sa talmhaíocht, i gcóireáil uisce agus i mbonneagar iompair. Déanfar an bithghual as bithmhaise dúchasacha agus déanfar é a thástáil trí thaispeántais ar scála mór i gCríoch Chiste um Aistriú Chóir, lena n-áirítear sa talmhaíocht, i gcóireáil uisce agus i mbonneagar iompair. Forbróidh an tionscadal freisin treoirphlean ardleibhéil do shaoráid mheánmhéide bithghuala chun tacú le hinfheistíocht agus le hathdhéanamh amach anseo i Lár Tíre.

Trí chomhoibriú agus rannpháirtíocht leis an Circular Food Company i Lár Tíre agus le SOMATECH, soláthraí teicneolaíochta coipthe in Éirinn, léireoidh an tionscadal ‘TRANSFORM’ uaschúrsáil dramhaíola bia agus seachtháirgí agraibhia. Déanfar taispeántas ar scála tráchtála i saoráid an Circular Food Company i dTulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí, le hinfheistíocht i dtrealamh nua agus i bhfoireann chun tacú le bithmhonarú inbhuanaithe, poist agus lóistíocht sa réigiún. Forbróidh an tionscadal múnla in-athdhéanta freisin don earnáil agraibhia i gcoitinne chun deiseanna uaschúrsála a dhíghlasáil chun comhábhair ar ardluach a tháirgeadh don tionscal bia agus beatha.

Ag trácht ar an dá thionscnamh nua mhaoinithe, dúirt an tAire O’Brien:

“Is cúis áthais dom infheistíocht a fheiceáil in dhá thionscadal taispeána bithgheilleagair eile i réigiún Lár Tíre mar chuid de Chlár um Aistriú Chóir an Aontais Eorpaigh. Tacóidh an infheistíocht bhreise seo sa réigiún leis an inbhuanaitheacht, leis an nuálaíocht agus le deiseanna eacnamaíocha agus fostaíochta, agus leanfar de bhonn láidir saineolais réigiúnaigh a thógáil sa réimse atá ag teacht chun cinn seo. Tugann na tionscadail ‘BIOCHAR’ agus ‘TRANSFORM’ deis den scoth chun cur i bhfeidhm praiticiúil mhúnla an gheilleagair chiorclaigh a léiriú, agus chun a thaispeáint conas is féidir le húsáid éifeachtúil agus inbhuanaithe dramhaíola agus seachtháirgí tacú le spriocanna aeráide agus eacnamaíocha. Táim ag súil le tuilleadh a chloisteáil faoi na tionscadail seo de réir mar a fhorbraíonn siad agus a chuireann siad deiseanna ar fáil i réigiún Lár Tíre.”

Dúirt Ceann Ionadaíochta an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn, Peter Power:

“Tá Ciste Aistrithe Chóir an Aontais Eorpaigh ag tacú le Lár Tíre na hÉireann ar a bealach i dtreo geilleagair ghlan-nialasaigh a oibríonn do dhaoine agus do phobail. Is sampla eile fós é an tacaíocht a fógraíodh inniu do dhá thionscadal bithgheilleagair chiorclaigh den chaoi a bhfuil Clár Chiste an Aontais um Aistriú Cóir ag baint leas as na hacmhainní agus an saineolas atá ar fáil cheana féin sa réigiún chun éiceachórais nuálacha a neartú agus chun poist ar ardluach, inbhuanaithe a chruthú. Tá sé seo ar aon dul go hiomlán le cuspóir Chiste an Aontais um Aistriú Cóir, is é sin tacú le deiseanna nuálacha atá bunaithe ar áit agus a mbeidh tionchar buan acu ar an gcríoch agus ar a muintir.”

Dúirt Clare Bannon, Stiúrthóir Gníomhach Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre, an tÚdarás Bainistíochta do Chlár Chiste an Aontais um Aistriú Cóir in Éirinn:

“Léiríonn an infheistíocht shuntasach seo san earnáil Bithgheilleagair i Lár Tíre tiomantas láidir na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh do gheilleagar aeráid-neodrach agus ciorclach a chur chun cinn ar scála mór. Ní hamháin go gcothaíonn tionscadail mhórscála bithgheilleagair mar seo nuálaíocht do thodhchaí níos glaise agus níos iomaíche don réigiún, ach tacaíonn siad freisin le héagsúlú eacnamaíoch agus le cruthú deiseanna nua fostaíochta. Trí thacú le múnla geilleagair chiorclaigh, tá Ciste Aistrithe Chóir an Aontais Eorpaigh ag imirt ról lárnach i gclaochlú Lár Tíre i gcoitinne, ag cabhrú le geilleagar athléimneach a thógáil agus le slite beatha inbhuanaithe a chinntiú. Táimid ag súil leis na tionscadail seo a fheiceáil i mbun gnímh, in éineacht leis an dá thionscnamh taispeána bithgheilleagair eile sa réigiún a maoiníodh roimhe seo faoi Chiste an Aontais um Aistriú Cóir.”

Notes to editor

Images Repro Free

Just Transition Funding
L to R: Minister for Agriculture, Food and the Marine, Martin Heydon TD; Emma Feeney, University College Dublin and Coordinator of TRANSFORM project; JJ Leahy, University of Limerick & Coordinator of BIOCHAR project, Minister for Climate, Energy and the Environment, Darragh O’Brien TD; at the announcement of €10 million EU Just Transition Funding for the two bioeconomy demonstration projects. Photos by Julien Behal Photography.
Just Transition Funding
L to R: Helena Stromberg, Eastern and Midland Regional Assembly; Lorraine Allen, University College Dublin; Gearóid O’Riain, Circular Food Company; Tim Yeomans, Munster Technological University; Minister for Agriculture, Food and the Marine, Martin Heydon TD; Tony Callaghan, Somatech; Minister for Climate, Energy and the Environment, Darragh O’Brien TD; Emma Feeney, University College Dublin & Coordinator of TRANSFORM project; Nessa Noronha, University College Dublin; Henry Abbott, European Commission Representation in Ireland; Bernie Roe (Eastern and Midland Regional Assembly); at the announcement of €10 million EU Just Transition Funding for two bioeconomy demonstration projects. Photos by Julien Behal Photography.
Just Transition Funding
– L to R: Sean Finan, Irish Bioenergy Association; Denyse Julien, EIT ClimateKIC; Shaun Connolly, Teagasc; Anushree Priyadarshini, Maynooth University; Bernie Roe, Eastern and Midland Regional Assembly; Fergus Melligan, Roadstone; Brendan Allen, Senus; Minister for Agriculture, Food and the Marine, Martin Heydon TD; JJ Leahy, University of Limerick & Coordinator of BIOCHAR project; Kenneth Joyce, Coillte; Minister for Climate, Energy and the Environment, Darragh O’Brien TD; Ed Roycroft, Chemifloc; Ian Brannigan, Western Development Commission; Melissa Meade, NuaFund; Henry Abbott, European Commission Representation in Ireland; Cathy Fitzgibbon, NuaFund; Helena Stromberg, Eastern and Midland Regional Assembly; at the announcement of €10 million EU Just Transition Funding for two bioeconomy demonstration projects. Photos by Julien Behal Photography.

Sonraí an Tionscadail

Cuirfidh an tionscadal BIOCHAR, faoi stiúir Ollscoil Luimnigh, ar chumas maolú agus oiriúnú don athrú aeráide, agus cuirfidh sé le forbairt bithgheilleagair chiorclaigh, trí fheidhmchláir thras-earnála bithghuala a léiriú. Is ábhar saibhir i gcarbón é bithghual, atá cosúil le gual adhmaid, a dhéantar trí bhithmhais a théamh (mar shampla, sceallóga adhmaid nó iarmhair barr) le méid teoranta ocsaigine. Is féidir leis carbón a stóráil ar feadh tréimhsí fada agus is féidir leis feidhmiú freisin mar scagaire nádúrtha agus mar fheabhsaitheoir ithreach. Déanfar ábhair bhithghuala a sholáthar trí phróiseas tairisceana láidir ag úsáid bithmhaise a fhaightear ó amhábhair dhúchasacha, rud a chruthóidh deiseanna do chuideachtaí i gCríoch Chiste um Aistriú Chóir dul san iomaíocht do mhonarú conartha de réir shonraíochtaí an tionscadail. Déanfar trialacha taispeána i gCríoch Chiste um Aistriú Chóir ar fud na talmhaíochta agus na talún, an díleá anaeróbaigh, cóireáil uisce agus bonneagar, lena n-áirítear trialacha feirme tráchtála le feirmeoirí sa réigiún agus le comhpháirtithe amhail Aurivo. Oibreoidh an tionscadal le hinnealtóir chun treoirphlean nó scéim ardleibhéil do shaoráid mheánmhéide bithghuala a fhorbairt le roinnt le páirtithe leasmhara i gCríoch Chiste um Aistriú Chóir agus níos faide i gcéin, chun tacú le hinfheistíocht réigiúnach amach anseo.

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal laghdú ar astaíochtaí carbóin a léiriú agus a bhailíochtú ar fud réimse earnálacha eacnamaíocha lena n-áirítear an talmhaíocht, an tógáil agus cóireáil fuíolluisce. Beidh trialacha taispeána, roghnú bithmhaise agus tástáil táirgí uile infheidhme i réigiún Chiste an Aontais um Aistriú Cóir in Éirinn agus beidh siad ar siúl laistigh den réigiún sin.

Sa talmhaíocht, léireofar bithghual mar bhreiseán aoiligh i sciobóil éanlaithe agus in aonaid stórála sciodair chun astaíochtaí amóinia a laghdú. Cuirfear an meascán aoiligh agus bithghuala ó na haonaid seo isteach i ndíleáiteoir anaeróbach ina bhfuiltear ag súil go mbainfidh cur leis an mbithghual dhá bhuntáiste amach;

(1) méadú ar tháirgeadh bithgháis, agus

(2) gabháil agus coinneáil cothaithigh ón aoileach ar bhealach a mhoillíonn scaoileadh na gcothaithigh nuair a úsáidtear mar fheabhsaitheoir ithreach é.

I dtaispeántas eile, úsáidfear bithghual ar dtús chun truailleáin orgánacha a bhaint as fuíolluisce. Ina dhiaidh sin, cuirfear an bithghual san aspal agus úsáidfear é chun bóithre nó lánaí rothaíochta a thógáil.Trí na gníomhaíochtaí seo, agus trí chonsóirt a thabhairt le chéile a bhfuil taithí shuntasach acu ar tháirgeadh, tástáil agus trialáil bithghuala, tá sé beartaithe go spreagfaidh an tionscadal BIOCHAR méadú ar tháirgeadh agus ar fhorbairt táirgí bithghuala.

Maoiniú iomlán an tionscadail

€4,931,189

Ollscoil Luimnigh (Príomhpháirtí)

€1,024,608

ADF Farm Solutions Limited ag trádáil mar Senus

€295,915

Arigna Fuels

€53,383

Chemifloc Group

€336,555

Climate KIC

€301,344

Coillte

€363,514

Cumann Bithfhuinnimh na hÉireann Teoranta

€277,240

Cumann Eagraíochtaí Comharchumann na hÉireann Teoranta

€93,270

Coláiste Talmhaíochta an Chreagáin

€198,700

Ollscoil na hÉireann, Má Nuad

€281,966

NuaFund

€222,408

Roadstone Teoranta

€197,100

Teagasc

€542,138

Coimisiún Forbartha an Iarthair

€743,048

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal TRANSFORM, atá faoi stiúir Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, samhlacha gnó ciorclacha inscálaithe a fhorbairt agus a bhailíochtú a chuirfidh ar chumas táirgeoirí agus gnólachtaí bia agus dí seachtháirgí agraibhia a thiontú ina gcomhábhair fheidhmiúla ar ardluach trí bhithphróiseáil úrscothach.

Gineann Éire thart ar 835,000 tona de dhramhaíl bia gach bliain (an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil). Tugann TRANSFORM aghaidh ar an mbearna idir an líon mór seachtháirgí seo agus na húsáidí ar ardluach atá teoranta faoi láthair trí léiriú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir seachtháirgí bia agus dí a uaschúrsáil ina gcomhábhair indíolta seachas iad a chóireáil mar dhramhaíl.

I dtéarmaí simplí, úsáidfidh an tionscadal coipeadh rialaithe agus triomú chun seachtháirgí snáithíneacha a thiontú, ag tosú le grán grúdaireachta caite, ina gcomhábhair nádúrtha fheidhmiúla. Is comhábhair iad seo ar féidir leo cothú, blas, uigeacht agus seilfré i mbianna a fheabhsú, agus is féidir iad a úsáid freisin i mbeatha ainmhithe. Scrúdóidh an tionscadal múnla lárnaithe ag an Circular Food Company atá lonnaithe i dTulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí, áit a n-úsáidfear teicneolaíochtaí coipthe solaid agus triomaithe chun comhábhair fheidhmiúla a chruthú ag úsáid grán grúdaireachta caite ar dtús.

Bunófar an cur chuige uaschúrsála iomlánaigh, ó bhailiú amhábhar go foirmliú comhábhar, i saoráid thiomnaithe an Circular Food Company i dTulach Mhór (taispeántas ar scála tráchtála ag úsáid córas aon tona), le tacaíocht ó infheistíocht €207,000 i dtrealamh sa tsaoráid atá bunaithe i gCo. Uíbh Fhailí. Infheisteoidh SomaTech €312,000 i dtrealamh modúlach coipthe solaid (a shuiteálfar i mBaile Uí Bhealach, Co. Mhuineacháin). Aistreofar táirgí idirmheánacha coipthe go Tulach Mhór le haghaidh próiseála iartheachtacha agus forbartha táirgí, rud a léireoidh conas is féidir an cur chuige seo a chur i bhfeidhm ar fud Chríoch Chiste Aistrithe Chóir de réir a chéile.

Forbróidh an tionscadal cás gnó do mhúnla dáilte lúb dúnta, rud a chuirfidh ar chumas táirgeoirí agraibhia eile dramhaíl nó seachtháirgí a luachú ag an bhfoinse trí aonaid mhodúlacha choipthe ar an láthair. Is féidir leis seo tacú le hathdhéanamh ar fud Lár Tíre agus ar fud na tíre.

Tá sé mar aidhm ag an gconsóirt suas le 50 post nua a chruthú nó a chothabháil i réigiún Uíbh Fhailí i réimsí an bhithmhonaraíochta inbhuanaithe agus na lóistíochta de réir mar a fhásann an teicneolaíocht agus glacadh an mhargaidh. Scrúdófar múnla dáilte freisin, ina gceadófar an saineolas teicneolaíochta le húsáid ag táirgeoirí agus monaróirí agraibhia eile, rud a chuirfidh ar chumas gnólachtaí ar fud na hÉireann comhábhair ar luach níos airde agus samhlacha gnó ciorclacha a chruthú laistigh dá slabhraí soláthair féin. Tá an dá mhúnla deartha chun tacú le slabhraí soláthair gearra, éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú, úsáid inscálaithe agus in-athdhéanta teicneolaíochtaí bithbhunaithe a fhorbairt, agus freagracht don mhargadh a spreagadh.

Maoiniú iomlán an tionscadail

€4,969,177

Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (Príomhpháirtí)

€2,230,132

Circular Food Company

€754,400

Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan

€562,132

SomaTech

€811,675

Teagasc

€610,838

Tionscnamh Taispeána Bithgheilleagair Chiste an Aontais um Aistriú Cóir

Tá Tionscnamh Taispeána Bithgheilleagair Chiste an Aontais um Aistriú Cóir cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach trí Chiste an Aontais um Aistriú Cóir. Dearadh glao maoinithe €10 milliún in 2025 chun an bithgheilleagar a phíolótú agus a léiriú i ngníomh laistigh de Chríoch Chiste Aistrithe Chóir. Thug an maoiniú deis tacú le dlúthchomhoibriú idir páirtithe leasmhara ar fud an tslabhra luacha bithbhunaithe ar fad, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, eagraíochtaí taighde, ollscoileanna, údaráis áitiúla, braislí, príomhtháirgeoirí, tionscail bhithphróiseála agus brandaí tomhaltóirí.

Bhí sé mar aidhm ag an nGlao seo tacú le forbairt dhá thionscadal píolótacha agus taispeána bithgheilleagair sna “Críocha Ainmnithe” i Lár Tíre, lena n-áirítear contaetha Laoise, an Longfoirt, Uíbh Fhailí, na hIarmhí, Ros Comáin, agus Ceantair Bhardasacha Bhéal Átha na Sluaighe (Co. na Gaillimhe), Bhaile Átha Í agus Claonadh–Maigh Nuad (Co. Chill Dara), agus Charraig na Siúire agus Dhurlas (Co. Thiobraid Árann).

I mí Dheireadh Fómhair 2024, fógraíodh €10 milliún de mhaoiniú do dhá thionscadal rathúla faoi Ghlao 1 de Thionscnamh Taispeána Bithgheilleagair Chiste an Aontais um Aistriú Cóir. Tá an tionscadal ‘Dobharshaothrú Bithgheilleagar Ciorclach Mount Lucas ’ lonnaithe i Mount Lucas i gCo. Uíbh Fhailí agus tá an tionscadal ‘BioScale’ up lonnaithe ar Champas Náisiúnta na Bithgheilleagair, Lios Caoin i nDurlas, Co. Thiobraid Árann. Ó bronnadh an maoiniú orthu, tá an dá thionscadal ag obair chun foireann riachtanach a earcú agus chun an trealamh taispeána atá ag teastáil a cheannach agus a shuiteáil ar a suíomhanna.

Tá an dá thionscadal gníomhach i gcur in iúl a gcuid cuspóirí trí phríomhghníomhaíochtaí bithgheilleagair amhail Cruinniú Mullaigh Uile-Oileáin na Bithgheilleagair 2025 agus Seachtain Bithgheilleagair na hÉireann 2025. Méadóidh an dá thionscadal go suntasach gníomhaíochtaí eolaíochta agus taispeána in 2026. Táthar ag súil go reáchtálfar imeacht seolta oifigiúil ag gach suíomh i samhradh 2026 chun an trealamh, na saoráidí agus an fhoireann mhaoinithe a thaispeáint.

An Bithgheilleagar

Is deis straitéiseach don 21ú haois é an bithgheilleagar, mar thiománaí fáis ghlais, iomaíochais agus athléimneachta. Baineann sé úsáid níos fearr as acmhainní bitheolaíocha, as barr feabhais eolaíochta agus as an mbonn tionsclaíoch chun ár ngeilleagar a dhícharbónú agus chun ábhair agus táirgí atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise a chur in ionad. Forbraíonn sé réitigh phraiticiúla a thacaíonn le rathúnas eacnamaíoch agus le pobail láidre tuaithe agus cósta, agus a chabhraíonn leis an tionscal aistriú chuig samhlacha táirgthe níos ciorclaí. Cuireann sé le neamhspleáchas straitéiseach trí spleáchas ar tháirgí allmhairithe atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus féadann sé cur go suntasach le spriocanna aeráide agus comhshaoil amhail éifeachtúlacht acmhainní, laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa, athléimneacht uisce, truailliú nialasach agus bithéagsúlacht.

Tacaíocht do phíolótú agus do thaispeántas bithgheilleagair

Is cuspóir lárnach de Phlean Gníomhaíochta na Bithgheilleagair 2023–2025 é tacaíocht do ghníomhaíochtaí píolótacha agus taispeána.

Tá €22 milliún infheistithe cheana féin ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i ngníomhaíochtaí taispeána bithgheilleagair ó 2023 i leith trí €10 milliún a fógraíodh faoi Thionscnamh Taispeána Bithgheilleagair Chiste an Aontais um Aistriú Cóir, €3 mhilliún a fógraíodh don tionscnamh taispeána comhtháite díleá anaeróbaigh agus bithscagtha glasa, agus €9 milliún a fógraíodh faoi Thionscnamh Taispeána Bithgheilleagair an Oileáin Chomhroinnte.

Baineann an fógra seo le dara Ghlao maoinithe, ar luach €10 milliún eile, a osclaíodh faoi Thionscnamh Taispeána Bithgheilleagair Chiste an Aontais um Aistriú Cóir: Tionscnamh Taispeána Bithgheilleagair Chiste an Aontais um Aistriú Cóir 2025 (Glao 2).

Aistriú Cóir – maoiniú agus tacaíochtaí

Go dtí seo, reáchtáladh 15 ghlao, agus bronnadh os cionn €110 milliún ar 183 tionscadal (faoi chomhaontú deontais).

I measc na dtionscnamh tá:

Scéim Turasóireachta Athghiniúna agus Forbartha Áite Fháilte Éireann – ag éagsúlú geilleagair áitiúla agus ag neartú achomharc Lár Tíre mar cheann scríbe turasóireachta.

Scéim Tacaíochta do Straitéisí Eacnamaíocha Áitiúla agus Réigiúnacha (arna riaradh ag Pobal) – do thionscadail atá dírithe ar inbhuanaitheacht chun tacú le forbairt eacnamaíoch atá faoi stiúir áitiúil.

Scéim Thionscnamh Taispeána Bithgheilleagair na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara – chun go mbeidh an earnáil bhithbhunaithe aeráid-neodrach agus inbhuanaithe, le ciorclacht agus iomaíochas feabhsaithe sa mhargadh domhanda.

Tionscadal Athchóirithe Portaigh Tóchar na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra – ag soláthar maoinithe do shuirbhéireacht agus do phleanáil athchóirithe portaigh sa chríoch, chomh maith le léirmhíniú, oideachas agus gníomhartha athchóirithe.

Fáilte Ireland ag obair le Bord na Móna mar chomhpháirtí straitéiseach chun cosáin atá inrochtana go huilíoch a fhorbairt ar iar-thailte móna tionsclaíocha ar thailte poiblí sa chríoch.

An tÚdarás Náisiúnta Iompair ag tacú le dícharbónú bealaí bus tuaithe áitiúla poiblí, chomh maith le tacaíocht a chur ar fáil d’oibreoirí bus príobháideacha sa réigiún chun a bhflít a aistriú chuig feithiclí leictreacha.

Glao nua seolta faoi Chlár Chiste an Aontais um Aistriú Cóir – Tacaíocht d’Aistriú Inbhuanaithe trí Ghníomhú ar son na hAeráide do Chríoch Athléimneach (START)

Tá an glao is déanaí faoi Chlár Chiste an Aontais um Aistriú Cóir oscailte anois agus tacóidh sé le tionscadail bhonneagair agus staidéir féidearthachta faoi stiúir údaráis áitiúla atá ailínithe leis an gclár. Is ionann an scéim Tacaíocht d’Aistriú Inbhuanaithe trí Ghníomhú ar son na hAeráide do Chríoch Athléimneach (START) agus infheistíocht €30 milliún eile i gCríoch Aistrithe Chóir an Aontais Eorpaigh i Lár Tíre atá dírithe ar ghníomhú áitiúil ar son na haeráide.

Tacóidh an scéim nua seo tuilleadh leis an aistriú aeráide agus le hathléimneacht fhoriomlán na Críche Aistrithe Chóir trí thacú le tionscadail atá san áireamh i bPleananna Gníomhaíochta Aeráide na nÚdarás Áitiúil. Áirítear i measc na gcineálacha tionscadal ar féidir maoiniú a fháil faoin scéim seo tionscadail fuinnimh in-athnuaite, oibreacha éifeachtúlachta fuinnimh, athchóiriú talún éillithe amhail iar-líonta talún, agus infheistíocht i mbonneagar iompair inbhuanaithe ina gceantair áitiúla.

Beidh údaráis áitiúla sa réigiún i gceannas ar chur i bhfeidhm na dtionscadal seo, ó thosaíochtaí áitiúla a shainaithint agus iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú, go dtí obair le comhpháirtithe pobail maidir le cur i bhfeidhm. Féadfaidh siad comhpháirtíocht a dhéanamh le grúpaí pobail, le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus le heagraíochtaí eile.

Tá tuilleadh eolais faoin nglao, atá á riaradh ag Pobal, ar fáil anois ar shuíomh gréasáin Pobal.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat