Sheol Airí Heydon, Healy-Rae agus Grealish tuarascáil cheannródaíoch taighde maidir le foirgníocht le hadhmad foraoise in Éirinn
- Foilsithe: 11 Lúnasa 2025
- An t-eolas is déanaí: 13 Lúnasa 2025
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus mara, Martin Heydon TD an tuarascáil Taighde maidir le Foirgníocht le hAdhmad Foraoise in Éirinn, Taighde agus Nuálaíocht cheannródaíoch don adhmad foraoise agus táirgí adhmadbhunaithe in Éirinn'.
Dúirt an tAire Heydon:
"Is príomh-mhaoinitheoir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara don taighde ar fhoraoiseacht agus adhmad foraoise. Maoiníonn mo Roinn an taighde seo chun an t-eolas, na léargais agus an teicneolaíocht is gá a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais straitéiseacha, bheartais agus thionsclaíocha atá ag athrú. Is léiriú an infheistíocht seo sa taighde agus sa nuálaíocht den tacaíocht leanúnach ón rialtas chun ár n-acmhainn foraoisí a úsáid agus chun timpeallacht tógála in-athnuaite a chruthú.”
Ba dhíol sásaimh don Aire Stáit a bhfuil freagracht air as Foraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireacht, Michael Healy-Rae TD, inniu an méid a thig as an nGrúpa Stiúrtha maidir le hAdhmad Foraoise san Fhoirgníocht:
“Tá ár n-earnálacha muilte sábhadóireachta agus foraoise iompaithe amach ina dtionscal próiseála ardchaighdeáin, a bhuí sin don nuálaíocht agus don saineolas a tharla de bharr taighde roimhe sin agus ní beag an méid sin. Trí chur leis an mbunús seo, is féidir linn inbhuanaitheacht, éifeachtúlacht agus iomaíocht ár n-earnáil adhmaid foraoise a threisiú níos mó, lena dtacófar leis an tionscal foirgníochta adhmaid foraoise, lena mbainfear an leas is fearr is féidir as luach ár n-acmhainní foraoise agus a rachfar chun tairbhe na bpobal a mbíonn ag brath orthu."
Dúirt an tAire Stáit a bhfuil freagracht air as Cur Chun Cinn Bia, Margaí Nua, Taighde agus Forbairt, Noel Grealish TD:
"Tugtar forbhreathnú beacht sa leabhrán seo ar níos mó ná luach €8 milliún taighde, le tacaíocht ó mo Roinn le blianta beaga anuas, a rinne Institiúidí na hÉireann ar tháirgí adhmaid agus adhmadbhunaithe. Clúdaíonn sé topaicí amhail feidhmíocht struchtúrtha, tionchar comhshaoil, forbairtí ábhair, agus dul chun cinn i dtáirgí adhmaid a bhfuil innealtóireacht déanta orthu. Léirítear sa leabhrán seo an tionchar praiticiúil a d'fhéadfadh a bheith ag torthaí an taighde seo ar bheartas, tionscal agus ar an tsochaí, agus léirítear a dhoimhne is a leithne is atá taighde na hÉireann ar adhmad foraoise."
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
Is féidir teacht ar an bhfoilseachán ar líne anseo . Grúpa Stiúrtha maidir le hAdhmad Foraoise san Fhoirgníocht (wwwgov.ie)
Áirítear ar shamplaí suntasacha taighde atá sa leabhrán:
- SAOLWood – Foirgníocht Inbhuanaithe agus Measúnú Saolré Adhmad Foraoise na hÉireann
Tá céad bhunachar sonraí náisiúnta na hÉireann á chruthú ag SAOLWood chun lorg timpeallachta táirgí adhmaid na hÉireann a rianú ar fud a saolré iomláin. Leis an obair seo tugtar sonraí bunriachtanacha chun tacú le soláthar poiblí glas, dearadh tógála inbhuanaithe agus beartais aeráide atá dírithe ar adhmad foraoise. Trí na tairbhí comhshaoil a bhaineann le hadhmad foraoise áitiúil a thaispeáint, tacaíonn SAOLWood le roghanna ísealcharbóin níos eolasaí san fhoirgníocht.
Tá SAOLWood ríthábhachtach chun leas a bhaint as an ról atá ag adhmad foraoise i mbithgheilleagar ciorclach na hÉireann.
- MODCONS – Ollfhoirgnimh Mhodúlacha Adhmaid Foraoise don Gheilleagar Ciorclach
Díríonn MODCONS ar dhearadh, forbairt agus tástáil trialach admhad modúlach inbhuanaithe a úsáideann táirgí réamhdhéanta chun foirgníocht a dhéanamh níos sciobtha, dramhaíl a laghdú agus feidhmíocht foirgníochta a fheabhsú. Déantar tástáil sa tionscadal ar conas a fheidhmíonn na córais adhmaid foraoise seo i dtéarmaí sábháilteachta dóiteáin, insliú fuaime agus úsáid fhadtéarmach. Léiríonn MODCONS conas is féidir le hadhmad foraoise a fhástar in Éirinn tacú le spriocanna náisiúnta tithíochta agus aeráide.
- WoodProps – Clár maidir le hAiríonna Adhmaid na hÉireann
Mar chlár náisiúnta, tá WoodProps ag cuidiú chun cumais struchtúrtha speicis adhmaid na hÉireann a shainmhíniú, go háirithe sprús Sitceach. Tá an tionscadal tar éis socruithe grádála meaisín a fhorbairt do speicis bhreise agus dá bhrí sin roghanna adhmaid na hÉireann a éagsúlú, teicneolaíochtaí méarailt a fhorbairt, agus blianta taighde ar thaighde adhmaid a chaomhnú i dtaisclann náisiúnta. Tá ról lárnach aige a chinntiú gur féidir adhmad a fhástar in Éirinn a shonrú go muiníneach san fhoirgníocht nua-aimseartha agus tá caighdeáin Éireannacha agus Eorpacha á múnlú go gníomhach aige.
Bunaíodh an Grúpa Stiúrtha maidir le hAdhmad Foraoise san Fhoirgníocht chun na dálaí a chruthú chun úsáid adhmaid san fhoirgníocht a mhéadú agus an leibhéal is airde sábháilteachta foirgneamh agus cosaint maoine a chinntiú ag an am céanna; chun dúshláin rialála agus caighdeánaithe a scrúdú; agus chun úsáid adhmaid dúchais san fhoirgníocht a uasmhéadú. gov- An Grúpa Stiúrtha maidir le hAdhmad Foraoise san Fhoirgníocht (www.gov.ie)
Tacaíonn cúig ghrúpa téamacha leis an nGrúpa Stiúrtha ina bhfuil 16 bhall agus an Cathaoirleach Neamhspleách, ina bhfuil breis is 60 ball ó raon leathan geallsealbhóirí. Is ionadaithe iad na comhaltaí do chomhlachtaí tionscail thábhachtacha, chomh maith le hionadaithe sinsearacha ó ranna agus gníomhaireachtaí rialtais ábhartha a bhfuil freagrachtaí orthu as beartas agus forbairt earnálacha. Áirítear leis na grúpaí téamacha sin:
- Deis Margaidh,
- Rialachas, Caighdeáin agus Comhlíontacht,
- Soláthar Poiblí agus Tionscadail Taispeántais,
- Taighde agus Forbairt, agus
- Cumarsáid, Oideachas, Oiliúint agus Feasacht Phoiblí.
Tá na tuarascálacha ar fáil ar shuíomh gréasáin Adhmad Foraoise san Fhoirgníocht: https://www.gov.ie/en/publication/864a9-timber-in-construction-steering-group/#findings