Seolann na hAirí Grúpa Earnála Bia Mara Food Vision
- Foilsithe: 16 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 18 Feabhra 2026
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, TD, in éineacht leis an Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as Iascach agus an Mhuir, Timmy Dooley, TD, Grúpa Earnála Bia Mara Food Vision i gcomhpháirt inniu.
Tá earnáil bhia mara na hÉireann ríthábhachtach chun inmharthanacht eacnamaíoch ár bpobal cósta tuaithe a chothabháil. Tacaíonn earnáil an bhia mara freisin le struchtúr sóisialta na bpobal cósta agus cuidíonn sí le hinbhuanaitheacht chomhshaoil a bhaint amach.
Feidhmeoidh an Grúpa, a bunaíodh mar fhreagairt ar an laghdú suntasach ar dheiseanna iascaireachta do chabhlach na hÉireann in 2026, faoi choimirce Food Vision 2030. Breithneoidh sé na dúshláin atá roimh na trí chomhpháirt d’earnáil bhia mara na hÉireann, eadhon an earnáil gabhála, an dobharshaothrú agus próiseáil bia mara. Tá sé de chúram ar an nGrúpa freisin creat beart a fhorbairt chun freagairt do na dúshláin sin.
Ag trácht dó ag an seoladh, dúirt an tAire Heydon:
“Is é Food Vision 2030 straitéis mo Roinne chun earnáil agraibhia na hÉireann a shuíomh mar cheannaire domhanda i gcórais bhia inbhuanaithe. Tá ár n-iascairí agus ár dtáirgeoirí dobharshaothraithe ríthábhachtach chun an Straitéis sin a chur i bhfeidhm. Sa chomhthéacs sin, measaim gur iomchuí ar leith go ndéanfar inmharthanacht eacnamaíoch agus, go deimhin, inmharthanacht shóisialta earnáil an bhia mara a bhreithniú agus aghaidh a thabhairt uirthi faoi Food Vision.”
Dúirt an tAire Stáit Dooley:
“Ba mhór an díomá d’Éirinn torthaí Chomhairle Agraibhia agus Iascaigh mhí na Nollag seo caite. Is léiriú é cruinniú an lae inniu ar mo thiomantas daingean dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh an earnáil anois. Is iad ár n-iascairí, idir iascairí cósta agus amach ón gcósta, ár bpróiseálaithe, ár dtáirgeoirí dobharshaothraithe agus ár gcomharchumainn iascaigh cnámh droma ár bpobal cósta tuaithe. Is é atá i gceist agam leis an nGrúpa seo a bhunú ná leas a bhaint as a dtaithí agus a saineolas comhchoiteann chun sraith beart a fhorbairt a thacóidh leis an earnáil le linn na tréimhse dúshlánaí atá romhainn.
Ceapadh Michael Berkery, iar-Ard-Rúnaí Chumann Feirmeoirí na hÉireann, chun feidhmiú mar Chathaoirleach neamhspleách ar an nGrúpa seo, agus tá sé de chúram air Tuarascáil ón gCathaoirleach a dhréachtú faoi mhí an Mheithimh i mbliana.
Ba iad na heagraíochtaí earnála bia mara a d’fhreastail ar an gcruinniú ná an Killybegs Fishermen’s Organisation, an Eagraíocht Táirgeoirí Éisc na hÉireann, an Irish South and East Fish Producers Organisation, an Irish South and West Fish Producers Organisation, Cumann Náisiúnta na nIascairí Cósta, na sé Regional Inshore Fisheries Forums, Dobharshaothrú Chumann Feirmeoirí na hÉireann, ionadaithe comharchumann, an Irish Islands Marine Resource Organisation agus an Irish Fish Processors and Exporters Association. D’fhreastail Ranna Rialtais agus Gníomhaireachtaí Stáit ábhartha ar an gcruinniú freisin.
Nótaí don Eagarthóir
Is é an bunús dlí chun deiseanna iascaireachta do 2026 a bhunú ná an “Rialachán ón gComhairle lena socraítear do 2026 na deiseanna iascaireachta san Atlantach agus sa Mhuir Thuaidh”, ar a dtugtar an “Rialachán maidir leis an nGabháil Iomlán Incheadaithe agus Cuótaí”. Baineann an Rialachán seo le stoic san Atlantach, sa Mhuir Thuaidh agus sna huiscí máguaird, agus cuimsíonn sé stoic éisc atá ábhartha d’Éirinn. Tá formhór na stoc a chumhdaítear faoin Rialachán TAC agus Cuótaí comhroinnte le tríú tíortha, go príomha an Ríocht Aontaithe agus an Iorua.
Léirigh an chomhairle eolaíoch ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara, ar ar bunaíodh an Gabháil Iomlán Incheadaithe, laghduithe ar an nGabháil Iomlán Incheadaithe do roinnt stoc atá tábhachtach do chabhlach na hÉireann, lena n-áirítear an ronnach, arb é an stoc peiligeach is tábhachtaí d’Éirinn é. Léiríonn an laghdú 70% ar an nGabháil Iomlán Incheadaithe don ronnach an tionchar atá ag ró-iascaireacht ar stoc an roinnigh ag tríú tíortha áirithe, agus cuirtear leis sin laghdú 41% ar an gormán gorm agus laghdú 22% ar an mbóarfhiasc.
Beidh tionchar suntasach ag na laghduithe ar an nGabháil Iomlán Incheadaithe ar earnáil bhia mara na hÉireann.
Bunaíodh Grúpa Earnála Bia Mara Food Vision chun breithniú a dhéanamh ar na dúshláin atá roimh na trí chomhpháirt d’earnáil bhia mara na hÉireann, eadhon an earnáil gabhála, an dobharshaothrú agus próiseáil bia mara, agus chun creat tacaíochtaí agus gníomhartha a fhorbairt chun freagairt do na dúshláin sin, i gcomhréir le Téarmaí Tagartha an Ghrúpa.
Tá tuilleadh faisnéise faoi Food Vision 2030 ar fáil ag: Food Vision 2030 – Ceannaire Domhanda i gCórais Bhia Inbhuanaithe