Moladh tugtha ag an Aire McConalogue do ghnóthaí agraibhia beart a dhéanamh agus gan ach cúig seachtaine fágtha lena gcuid ullmhúchán a chur i gcrích i ndáil leis an mBreatimeacht

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Moladh tugtha ag an Aire McConalogue do ghnóthaí agraibhia beart a dhéanamh agus gan ach cúig seachtaine fágtha lena gcuid ullmhúchán a chur i gcrích i ndáil leis an mBreatimeacht

Thionóil an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an 16ú Coiste Comhairleach do Pháirtithe Leasmhara maidir leis an mBreatimeacht inné. Thapaigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD – nach raibh in ann freastal ar chruinniú an lae inné mar gheall ar ghnó Dála – an deis ar maidin an teachtaireacht láidir a cuireadh in iúl do pháirtithe leasmhara inné a athdhearbhú faoi gur chóir do na gnóthaí agraibhia ar fad na céimeanna praiticiúla atá ag teastáil a ghlacadh láithreach chun ullmhú do na hathruithe a thiocfaidh i bhfeidhm mar gheall ar an mBreatimeacht ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh, beag beann ar thoradh na gcomhráití idir an RA agus an AE maidir lena gcaidreamh amach anseo.

Dúirt an tAire:

“I gceann cúig seachtaine, beidh an RA lasmuigh de Mhargadh Aonair agus Aontas Custaim an AE. Ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh, beidh riachtanais custaim agus rialála ag baint le gnóthaí a dhéanann trádáil leis an mBreatain Mhór agus a dhéanann trádáil tríthi agus beidh moill agus costais bhreise i gceist leis sin i gcomparáid leis an trádáil a dhéantar faoi láthair. Ní mór do ghnóthaí a bheith ullamh do na cúinsí nua seo agus teagmháil a dhéanamh leis an Roinn le go mbeidh siad chomh hullamh agus is féidir don 1 Eanáir .”

Le linn chruinnithe an lae inné thug an Roinn Gnóthaí Eachtracha nuashonrú faoi mar a sheasann cúrsaí maidir leis na comhráití idir an AE agus an RA agus thug na Coimisinéirí Ioncaim nuashonrú faoi chláraithe agus údaruithe EORI, agus faoin ngá atá le ráthaíochtaí airgeadais i ndáil le haistir ar an droichead talún mura n-aistríonn oibritheoirí chuig bealaí díreacha leis an mór-roinn. Dúirt an tAire McConalogue

“Tá mé buartha toisc go ndealraíonn sé go bhfuil líon suntasach cuideachtaí ann ar fud na hearnála agraibhia, foraoiseachta agus iascaigh, lena n-áirítear monaróirí bia agus dí, mar aon le trádáil mhórdhíola agus mhiondíola a bhí i mbun trádála leis an RA in 2019 agus 2020, nach bhfuil an chéad chéim glactha acu go fóill chun clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim chun uimhir EORI a fháil. Ní bheidh na cuideachtaí sin in ann trádáil a dhéanamh leis an mBreatain Mhór i gceann cúig seachtaine mura bhfuil an chéad chéim sin glactha acu.”

Chuir oifigigh na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara nuashonrú ar fáil do pháirtithe leasmhara maidir leis an obair ullmhúcháin i ndáil leis an mBreataimeacht atá curtha i gcrích agus maidir le réimse leathan eile oibre a leanann go fóill, go háirithe i réimse na cumarsáide d’fhonn cuidiú le gnóthaí ullmhúchán a dhéanamh. Moladh do Pháirtithe Leasmhara arís iarraidh ar a gcuid comhaltaí a dhéanann trádáil leis an mBreatain Mhór, agus atá ar na hoibritheoirí atá freagrach as an seachadadh, clárú leis an Roinn ionas go bhfaighidh siad an fhaisnéis ábhartha go díreach agus ionas gur féidir leo rochtain a fháil ar ardáin nua allmhairithe agus onnmhairithe IT na Roinne, mar aon le rochtain a fháil ar TRACES.

Dúirt an tAire ar deireadh: “Níl ach cúig seachtaine fágtha go dtí deireadh na hidirthréimhse, táimid iontach gann ar am agus ní mór gníomh a dhéanamh go práinneach. Tá pleanáil agus infheistíocht ag teastáil ina leith sin – agus ní féidir é a fhágáil go dtí an nóiméad deireanach. Molaim do ghnóthaí teagmháil a dhéanamh leis an Roinn agus breathnú ar shraith seimineáir ghréasáin atá ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne chun cuidiú le gnóthaí bheith ullamh don Bhreatimeacht www.gov.ie/agriculture .”

Nóta d’Eagarthóirí: Teachtaireachtaí Barrthábhachtacha do Thrádálaithe agus Tionscal

• Beag beann ar thoradh na gcomhchainteanna idir an AE agus an RA, ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh, beidh gnó ar bith a aistríonn ainmhithe, plandaí, táirgí ainmhithe nó táirgí plandaí chuig an mBreatain Mhór nó uaithi, nó tríthi, faoi réir réimse nua foirmiúlachtaí custaim agus riachtanas rialála.

• Tá sé bunriachtanach go nglacfadh gnóthaí céimeanna d’fhonn na tionchair a bheidh ag na rialacha nó próisis nua sin ar a gcuid oibríochtaí a thuiscint.

• Ba chóir do ghnóthaí iad féin a chur ar an eolas faoi na nósanna imeachta rialála agus custaim nua chomh luath agus is féidir, agus faoi na deimhnithe agus doiciméid atá ag teastáil d’fhonn leanúint de thrádáil a dhéanamh leis an mBreatain Mhór agus tríthi.

• Iarrtar ar ghnóthaí cinnte a dhéanamh de go bhfuil an t-oibritheoir atá freagrach as an seachadadh cláraithe leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara tríd an tairseach cláraithe ar líne ag www.gov.ie/agriculture agus go bhfuil an rochtain acu atá riachtanach ar ardáin allmhairithe agus onnmhairithe na Roinne agus ar an gcóras EU TRACES.

• Chomh maith leis sin, moltar do ghnóthaí labhairt lena soláthraithe, gníomhairí lóistíochta agus custaiméirí lena chinntiú go bhfuil gach duine sa slabhra soláthair ar an eolas faoi na róil agus freagrachtaí a bhaineann leo.

• Maidir le hábhar pacáistíochta adhmaid a úsáidtear chun earraí a aistriú, pailéid san áireamh, níor mhór caighdeán ISPM 15 a chomhlíonadh, ar caighdeán fíteashláintíochta é a d’fhorbair an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cosaint Plandaí. Beidh ar thrádálaithe leis an RA (allmhaireoirí agus onnmhaireoirí) a chinntiú go bhfuil an WPM a úsáideann siad ina slabhra soláthair ag comhlíonadh ISPM ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh.

• Breithniú a dhéanamh faoi athrú i dtreo roghanna maidir le seachadadh díreach idir Éire agus an Mhór-Roinn roimh dheireadh na hidirthréimhse chun moill fhéideartha agus nósanna imeachta nua a sheachaint a bhaineann le droichead talún na RA a úsáid .

• Ba chóir do ghnóthaí gníomhú anois chun moill shuntasacha a sheachaint agus chun cur isteach ar a ngnó a íoslaghdú - ba chóir dóibh dul chuig www.gov.ie/agriculture chun clárú, teacht ar thacaíochtaí agus an fhaisnéis ar fad a theastaíonn uathu a fháil.

• Chun cúnamh a fháil maidir le do ghnó a ullmhú do na hathruithe seo, téigh i dteagmháil leis an Roinn tríd an ionad glaonna tiomnaithe, 076 106 4443 nó seol ríomhphost chuig Brexitcall@agriculture.gov.ie

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat