English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Molann an tAire McConalogue go mbeifí ar an airdeall arís faoi BVD roimh shéasúr pórúcháin 2024

Níl an séasúr pórúcháin i bhfad uainn anois, arb é an tréimhse is coitianta é chun buinneach víreasach bólachta (BVD) a aimsiú go minic in eallach, agus dá réir sin mhol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. go mbeifí ar an airdeall arís faoi BVD as seo go ceann cúpla mí eile.

Mar gheall ar chomh maith agus a d’éirigh leis an gclár agus de réir mar a laghdaíonn an líon cásanna de BVD, laghdaíonn an imdhíonacht nádúrtha atá ag an tréad náisiúnta do BVD. Leis sin, agus leis an úsáid laghdaithe tríd is tríd atá á baint as vacsaíniú, tá eallach i mbaol níos mó, má bhuaileann an galar tréad. Má bhuaileann BVD tréada a bhfuil imdhíonacht laghdaithe acu do BVD, is féidir leis tionchar tubaisteach a bheith aige, agus as sin d’fhéadfadh eallach a bheith ann atá ionfhabhtaithe de shíor leis an ngalar.

Léiríodh i dtaighde go gcosnaíonn ráig den BVD €63 in aghaidh na bó i dtréada déiríochta agus €32 in aghaidh na bó i dtréada diúil, agus ar ndóigh cruthaíonn sé sin caillteanais mhór airgid. Le bliain anuas, sainaithníodh in imscrúduithe eipidéimeolaíochta go bhfuil braislí beaga ionfhabhtaithe aimsithe i líon beag eallach, agus gur scaip an galar idir tréada - ceaptar gur tharla sé sin de bharr ainmhithe a bheith á mbogadh, nó go deimhin nuair a bhogtar trealamh agus de bharr gluaiseacht daoine. Bhí an-imní faoi limistéar Chiarraí Thuaidh Iarthar Luimnigh in 2023 ach tá feabhas mór ar an gcás in 2024.

Sainaithníodh i mbreis taighde a rinneadh go bhfuil tréada atá i bhfoisceacht 5km de thréad ina bhfuil an galar (deimhneach) i mbaol níos mó agus go bhfuil an baol níos airde do na tréada sin atá i bhfoisceacht 400 méadar de thréada a thástáil deimhneach don ghalar. Mar gheall air sin iarrann an tAire ar úinéirí tréad díriú ar an mbithshlándáil – chun a dtréada a chosaint agus iarracht a dhéanamh deireadh ar fad a chur le BVD.

Chuir an tAire i dtábhacht go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach:

• Go gcuirtear tréada ina raibh tástáil dheimhneach BVD in 2024 isteach sa chlár rialaithe BVD gan mhoill, go dtógfaí amach na hainmhithe go léir a bhí deimhneach, agus go gcuirfí an clár vacsaínithe i gcrích.

• Go mbainfeadh tréada ina raibh eallach a raibh tástáil dheimhneach acu in 2023 leas as an gclár vacsaínithe leantach in 2024 agus é sin a dhéanamh roimh an séasúr pórúcháin.

• Tréada a fuair fógra go bhfuil eallach in aice leo a fuair tástáil dheimhneach BVD, gur chóir dóibh comhairle a lorg óna dtréidlia, athbhreithniú a dhéanamh ar a gcleachtais bhithshlándála, beartais vacsaínithe ina measc, agus feabhas a chur orthu sin nuair is gá.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire McConalogue:

“Faoi threoir Sláinte Ainmhithe Éireann (AHI) agus an Ghrúpa Forfheidhmithe BVD (BVDIG), tá dul chun cinn iontach déanta ag feirmeoirí na hÉireann maidir le díothú BVD. Táthar ag céim an-tábhachtach den chlár agus táim ag áitiú ar gach feirmeoir a bheith ar a n-airdeall faoin tábhacht atá le cleachtais bhithshlándála agus aird a bheith acu mar chuid de sin ar chlaíocha teorann, ar ghluaiseacht isteach agus amach eallach, ar vacsaíniú, ar níochán agus ar dhífhabhtú aon innealra, trealamh nó áiseanna a roinntear idir feirmeacha, chun baol an ionfhabhtaithe a laghdú ionas gur féidir linne mar thír stádas saor ó BVD a bhaint amach, rud a thabharfaidh buntáiste fadtéarmach d’fheirmeoirí beostoc.”

Nóta d’Eagarthóirí

Ó cuireadh tús leis an gclár díothaithe BVD in 2013, rinneadh dul chun cinn mór le leibhéal na gcásanna i dtréada a laghdú ó 11.27% in 2013 go dtí 0.23% ag deireadh 2023, sin laghdú faoi chaoga. Tá an clár náisiúnta saor ó BVD ceadaithe ag an gCoimisiún Eorpach, ar céim thábhachtach í chuig an aitheantas mar náisiún saor ón ngalar.

Foilsíonn Sláinte Ainmhithe Éireann léarscáileanna míosúla ina léirítear na háiteanna ina mbeirtear eallach ar a bhfuil BVD don bhliain go dáta. Léarscáileanna BVD - Sláinte Ainmhithe Éireann