Molann an tAire McConalogue scéim le Soláthairtí Farae a threisiú
- Foilsithe: 25 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 30 Iúil 2024
Díospóireachtaí le heagraíochtaí feirme ag Cairt na bhFeirmeoirí curtha i gcrích ag an Aire
Mhol an tAire Talmhaíochta, Bia & Mara Charlie McConalogue TD, ag cruinniú speisialta le Cairt na bhFeirmeoirí inniu, go dtabharfaí isteach íocaíocht as beart burláilte le bheith á reáchtáil in éineacht leis an mBeart Ionchorpraithe Tuí (SIM).
D’fhógair an tAire seo le déanaí go raibh sé ar intinn aige dul i dteagmháil le baill na Cairte ar thogra le feidhmiú an Bhirt Ionchorpraithe Tuí a chur siar in 2024, chun a chinntiú go raibh soláthairtí tuí go leor ann trí mhíonna an gheimhridh.
Ag labhairt dó faoi chruinniú an lae inniu, dúirt an tAire:
“I mí an Mhárta, d’athghair mé Coiste Náisiúnta Slándála Farae agus Bia (NFFSC) lena chinntiú nach dtiocfadh géarchéim farae chun cinn i mbliana ná sa gheimhreadh agus san earrach amach romhainn. I bhfianaise cúlchistí farae ídithe agus drochrátaí fáis i mbliana, bhí mé soiléir faoi rud amháin agus sin tuí ar ardchaighdeán atá le baint faoin SIM a fheiceáil agus é burláilte agus réidh le díol, agus ag an am céanna a chinntiú go bhfanann an maoiniú SIM sin laistigh den earnáil curaíochta mar a gheall mé”.
“Bhuail mé le heagraíochtaí feirme a dhéanann ionadaíocht ar fhormhór na bhfeirmeoirí curaíochta an tseachtain seo chun roghanna le haghaidh SIM a chomhlíonann an dá chuspóir sin a phlé. Chun na haidhmeanna seo a chomhlíonadh, mhol mé go dtabharfar isteach rogha burláilte le bheith á reáchtáil go comhthráthach leis an SIM. Is féidir le feirmeoirí fanacht sa scéim agus a n-íocaíocht as ionchorprú a fháil mar is gnách nó is féidir leo tarraingt siar ón scéim agus íocaíocht as burláil a fháil ina ionad sin. Tá molta agam go bhfaighidh na daoine a tharraingíonn siar ó SIM agus burláil ráta íocaíochta €175/heicteár as tuí a bhurláil mar aitheantas ar a gcuid iarrachtaí chun ganntanas farae a chosc.”
“Chuaigh mé i dteagmháil (inniu) le Cairt na bhFeirmeoirí ar fad chomh maith leis an gComhchoiste Oireachtais um Thalmhaíocht, Bia agus Mara chun an rogha seo a phlé, agus fáiltím roimh thacaíocht leathan na n-eagraíochtaí feirme agus na n-ionadaithe tofa go léir a d'fhreastail ar na cruinnithe sin.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire;
“Creidim go bhfuil gá le gníomh réamhghníomhach chun saincheist fhéideartha farae a chosc do go leor feirmeoirí i mbliana. Bhí sé de rún agam i gcónaí an maoiniú le haghaidh SIM a choinneáil laistigh den earnáil. Ach ar ndóigh, ní féidir le rud ar bith a aontaím le comhlachtaí feirme tabhairt ar an ngrian lonrú nó an féar a fhás agus mar sin táim ag spreagadh feirmeoirí beostoic a bheith réamhghníomhach freisin. Ba cheart d'fheirmeoirí a liúntas leasacháin a úsáid, teagmháil a dhéanamh le feirmeoirí curaíochta faoina riachtanais tuí nó barr iomlán agus labhairt lena gcomhairleoir má bhíonn aon imní orthu maidir le stoic farae don gheimhreadh seo amach romhainn.”
DEIREADH