Moltar don phobal gan capaill ná asail a bheathú gan cead an úinéara
- Foilsithe: 5 Lúnasa 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag iarraidh ar an bpobal gan capaill ná asail a bheathú gan cead an úinéara.
Tá go leor againn ag baint taitnimh as siúlóidí feadh bhóithríní an tsráidbhaile an samhradh seo agus is dócha go mbeidh deis againn capaill agus asail a fheiceáil i ngiorracht dúinn. Tá an Roinn ag tathant ar dhaoine, áfach, gan na hainmhithe seo a bheathú gan cead an úinéara.
Cé go bhféadfadh go mbíonn dea-rún ag daoine, d’fhéadfadh breoiteacht thromchúiseach, tachtadh nó bás a bheith mar thoradh ar bheathú aráin, fuílleach bia, torthaí nó glasraí do chapaill nó asail. D'fhéadfadh rud a cheapann tusa atá ina fhéirín do na hainmhithe a bheith marfach dóibh. Ina theannta sin, d’fhéadfadh go gcuirfí na capaill agus na hasail i mbaol laiminítis (at pianmhar sna cosa) nó coilicim a fhulaingt (riocht a d’fhéadfadh a bheith tromchúiseach agus fiú marfach). Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh go gcuirfí na capaill agus na hasail i mbaol laiminítis (at pianmhar sna cosa) nó coilicim (riocht a d’fhéadfadh a bheith tromchúiseach nó marfach fiú).
Iarrtar ar an bpobal a bheith aireach go bhféadfadh sé a bheith contúirteach freisin scotháin féir nó dramhaíl ghairdín a thabhairt d’eachaithe. D’fhéadfadh ceimiceáin a chuirtear ar fhaichí a bheith díobhálach má itear iad, agus d’fhéadfadh plandaí a mheasctar le scotháin féir a bheith nimhiúil do chapaill agus asail má ionghabhtar iad.
Agus cuimhnigh - ná hoscail geataí feirme, agus ná téigh isteach i bpáirceanna ina gcoimeádtar ainmhithe, gan cead an úinéara.