Níos mó maoinithe ná riamh ar fáil do scéim na feirmeoireachta orgánaí i mBuiséad 2023
- Foilsithe: 28 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Maoiniú luach €37m ar fáil do Scéim na Feirmeoireachta Orgánaí - méadú 80% i gcomparáid leis an mbliain seo caite
- Méadú 12% go dtí €112m chun an Clár Náisiúnta Foraoiseachta nua a mhaoiniú, a fhógrófar go luath
- Méadú breise, go dtí €10 milliún, ar an mbuiséad Gairneoireachta, agus tacaíocht leanúnach faoi Choigeartú Brexit d'earnálacha na mBeacán agus na bPrátaí Síl.
Inniu d'fháiltigh an tAire Stáit atá freagrach as Talamhúsáid agus Bithéagsúlacht, an Seanadóir Pippa Hackett, roimh an leithdháileadh de suas le €500m i maoiniú atá imfhálaithe go sonrach le haghaidh scéimeanna um chomhshaol talmhaíochta i mBuiséad 2023, lena n-áirítear leithdháileadh atá méadaithe go suntasach, luach €37m, do Scéim na Feirmeoireachta Orgánaí.
Le linn di a bheith ag tagairt don mhéadú 80% ar an maoiniú atá ar fáil do Scéim na Feirmeoireachta Orgánaí, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Hackett:
“Tá an Rialtas tiomanta don limistéar talmhaíochta iomlán atá in úsáid do tháirgeadh orgánach a ardú go dtí 7.5% faoi 2027. I mbuiséad 2023 tá €37m á leithdháileadh ar fheirmeoireacht orgánach, méadú níos mó ná riamh cheana agus fianaise ar an leibhéal spéise atá ag feirmeoirí in orgánaic.
“Tá raon beart beartais curtha chun feidhme ag mo Roinn le dhá bhliain anuas a bhfuil sé mar aidhm leo rannpháirtíocht i bhFeirmeoireacht Orgánach a mhéadú. Fiú amháin sular fógraíodh rátaí feabhsaithe d'orgánaic mar chuid den chéad Phlean Straitéiseach CAP eile, bhí méadú 20% sa líon iarratas chun páirt a ghlacadh i Scéim na Feirmeoireachta Orgánaí tugtha faoi deara againn in 2022 i gcomparáid le 2021, rud a chiallaigh go raibh 17,000ha breise in úsáid. Tríd is tríd, tá méadú 35% tagtha ar an talamh atá in úsáid d'fheirmeoireacht orgánach le dhá bhliain anuas. Creidim go n-éascóidh an maoiniú breise a fógraíodh mar chuid den bhuiséad seo méadú suntasach breise ar an méid talún atá in úsáid d'fheirmeoireacht orgánach in Éirinn.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire le linn di tacaíocht láidir don earnáil Foraoiseachta a fhógairt, breis is €112m le haghaidh 2023:
“Cúis áthais dom go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an leithdháileadh d'fhoraoiseacht le haghaidh 2023; bhí €100 ar fáil go dtí seo agus beidh €112 milliún ar fáil i mbliana. Tacóidh an maoiniú seo le daoine atá páirteach sa Chlár Foraoiseachta faoi láthair agus a mbeidh préimheanna á bhfáil acu fós, agus cuirfear maoiniú ar fáil freisin d'úinéirí nua foraoisí a chuireann plandaí faoin gcéad Chlár eile.
Ní mór go mbeimis in ann na foraoisí atá againn cheana féin a bhainistiú go hinbhuanaithe, ach chomh maith leis sin, ní mór dúinn go leor foraoisí nua a chur. Spreagfaidh an leithdháileadh buiséid mhéadaithe seo earnáil foraoiseachta atá sláintiúil agus a rachaidh chun tairbhe dár gcuspóirí aeráide, bithéagsúlachta, geilleagracha agus áineasa. Is é an aidhm atá againn an uaillmhian atá sonraithe in ‘Fís Chomhroinnte Náisiúnta do Chrainn agus d'Fhoraoisí’ a chomhlíonadh, ina samhlaítear go mbeidh na crainn chearta á gcur sna háiteanna cearta le haghaidh na gcúiseanna cearta agus á mbainistiú i gceart. Cabhróidh an leithdháileadh suntasach maoinithe linn an uaillmhian sin a chomhlíonadh.
Beidh mé ag obair leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus le comhghleacaithe comh-aireachta eile d'fhonn a chinntiú go soláthróidh an Clár Foraoiseachta nua, a bheidh ailínithe lenár Straitéis Foraoiseachta go dtí 2030, dóthain spreagtha d'úinéirí talún agus go háirithe d'fheirmeoirí chun cabhrú leis an iarracht náisiúnta claochlaitheach plandaí a chur ar 8,000 heicteár gach bliain. Is gearr go mbeidh próiseas comhairliúcháin phoiblí á reáchtáil don Chlár nua mar chuid de phróiseas na Measúnachta Oiriúnaí Timpeallachta Straitéisí. Cuirfidh sé seo leis an gcomhairliúchán suntasach atá curtha i gcrích cheana féin nuair a bhí an Fhís Chomhroinnte Náisiúnta á hullmhú, atá mar bhonn leis an Straitéis Foraoiseachta atá á hullmhú faoi láthair. Ba léir ón gcomhairliúchán go raibh dearcadh dearfach ag an bpobal maidir lenár bhforaoisí, agus go raibh fonn orthu an t-eastát foraoise a mhéadú.
Chuireamar obair mhór i gcrích i mbliana chun déileáil leis na fadhbanna a bhain leis an gcóras ceadúnaithe foraoiseachta, agus tá sé beartaithe againn anois cur go suntasach leis an aschur ceadúnaithe i mbliana i gcomparáid leis an mbliain seo caite. Trí thairbhe a bhaint as na hathruithe atá bunaithe againn, agus trínár dtiomantas leanúnach do phróisis níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí, creidim go bhfuil ar ár gcumas anois tús a chur le ré nua foraoiseachta in Éirinn.”
Chomh maith leis sin, d'fháiltigh an tAire Hackett roimh an maoiniú luach €10 milliún atá á chur ar fáil don earnáil ghairneoireachta. Cloch mhíle a bheidh anseo, beidh an buiséad gairneoireachta a bhí le fáil le blianta beaga anuas á dhúbailt. Chomh maith leis sin, beidh tacaíocht ar fáil don earnáil ó Chúlchiste Coigeartaithe Brexit, agus tacófar le hearnálacha na mbeacán agus na bprátaí síl.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Hackett:
“Tá ról lárnach ag ár saothróirí gairneoireachta intíre chomh fada is a bhaineann le bia sábháilte, cothaitheach agus áitiúil a tháirgeadh ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Tá mé tiomanta do thacú lenár saothróirí - baineann tábhacht ar leith leis an earnáil ghairneoireachta intíre, agus táimid ag iarraidh an earnáil sin a chosaint agus a fheabhsú.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Hackett le linn di a bheith ag tagairt don leithdháileadh maoinithe le haghaidh EIPanna:
“Tá an rath a bhí ar na EIPanna reatha faoi RDP ríshoiléir, agus cúis áthais dom go bhfuil leithdháileadh suntasach buiséid curtha ar fáil le haghaidh EIPanna in 2023, leithdháileadh luach €21m. Tá deireadh ag teacht le téarmaí tionscadail cuid de na EIPanna reatha, agus beidh Gairm Tograí á heisiúint againn in 2023 faoin bPlean Straitéiseach CAP nua. Chun ullmhú don Ghairm sin in 2023, tá sé beartaithe agam comhairliúchán poiblí agus comhdháil a reáchtáil roimh dheireadh na bliana seo chun téamaí féideartha do Ghairm Tograí 2023 a aithint. Táim ag súil go gcuimseofar sna téamaí beartaithe dár gcéad Ghairm eile tosaíochtaí timpeallachta, mar aon le téamaí a bhaineann le leas ainmhithe, sábháilteacht feirme agus an chothromaíocht inscne i bhfeirmeoireacht in Éirinn a fheabhsú.”