Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann leis an earnáil Talmhaíochta pléite ag an Aire McConalogue agus Rúnaí Talmhaíochta SAM agus comhaontú déanta tabhairt faoi bhreis plé agus comhoibrithe i ndáil le ceisteanna tábhachtacha

Inniu reáchtáil an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., cruinniú fiúntach le Rúnaí nuacheaptha Talmhaíochta SAM, Tom Vilsack. Chuir an tAire McConalogue tús leis an gcruinniú trí thréaslú leis an Uasal Vilsack atá athcheaptha mar Rúnaí Talmhaíochta.

I rith an phlé maidir le Brexit agus Prótacal na hÉireann/Thuaisceart na hÉireann, d’admhaigh an tAire McConalogue

“an tacaíocht agus an tuiscint a bhí léirithe ag an Uachtarán Biden agus ag a Riarachán i ndáil le síocháin agus cobhsaíocht i dTuaisceart na hÉireann, lena n-áirítear trí thacú le Comhaontú Aoine an Chéasta agus cur i bhfeidhm éifeachtach an Phrótacail.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue,

“Deis thráthúil ba ea an cruinniú cúrsaí a bhaineann linn féin agus lenár gcairde Meiriceánacha a phlé leo. I measc na nithe a pléadh inniu bhí athrú aeráide agus an gá atá le tairbhe a bhaint as taighde agus teicneolaíocht agus oibriú i gcomhpháirt le feirmeoirí ionas go mbeidh ar ár gcumas an dúshlán suntasach atá os ár gcomhair a shárú. D’admhaigh an Rúnaí Vilsack agus mé féin go bhfuil deis ann comhoibriú i ndáil le taighde a bhaineann le hÉirinn, Tuaisceart na hÉireann agus SAM, agus iarracht a dhéanamh teacht ar réitigh ar na dúshláin atá le sárú.”

Chomh maith leis sin, pléadh ceisteanna trádála agus comhaontaíodh go leanfaidh oifigigh Éireannacha agus SAM leis na cúrsaí seo a phlé amach anseo. Thagair an tAire McConalogue do ról an Rúnaí Vilsack nuair a fuair Éire rochtain ar mhargadh mairteola SAM den chéad uair in 2015, agus chuir sé in iúl go raibh súil aige go bhféadfaí dul chun cinn a dhéanamh gan mhoill maidir le rochtain ar an margadh caoireola.

Mar fhocal scoir, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue ,

“Bhí comhrá fiúntach eadrainn inniu maidir le go leor cúrsaí éagsúla agus chomhaontaigh mé féin agus an Rúnaí Vilsack comhoibriú lena chéile i ndáil leis na dúshláin atá le sárú ag an earnáil Talmhaíochta agus obair a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh cúrsaí trádála ag dul chun tairbhe do gach uile dhuine.”

CRÍOCH