Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Síneadh seachtaine ar Scéim um Chúnamh Infheistíochta chun Earnáil na Gairneoireachta Tráchtála a Fhorbairt in 2026

D’fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara síneadh seachtaine inniu ar an spriocdháta chun iarratais a chur isteach faoi Scéim 2026 um Chúnamh Infheistíochta chun Earnáil na Gairneoireachta Tráchtála a Fhorbairt. Dúnfar an scéim anois ag 5pm Dé hAoine, 19 Nollaig 2025. Bhí sé le dúnadh ag 5pm an Aoine seo, 12 Nollaig.

Tá sé mar aidhm ag an scéim, a osclaíodh d’iarratais i mí Dheireadh Fómhair, cabhrú le forbairt earnáil gairneoireachta na hÉireann, lena n-áirítear beachaireacht, trí dheontais a thabhairt d’infheistíochtaí caipitil i bplandaí agus i dtrealamh speisialaithe.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo, lena n-áirítear an Fhoirm Iarratais agus Téarmaí agus Coinníollacha na Scéime.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat