Osclaítear an córas ar líne d’iarratais ar Dhíolúine Níotráití 2026 agus do dheimhniú Banda Déiríochta

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Osclaítear an córas ar líne d’iarratais ar Dhíolúine Níotráití 2026 agus do dheimhniú Banda Déiríochta

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, inniu gur féidir iarratais ar Dhíolúine Níotráití 2026 a dhéanamh anois ar www.myagfood.ie.

“Ceadaíonn an Díolúine Níotráití do thart ar 7,000 feirmeoir feirmeoireacht a dhéanamh ag ráta stoic níos airde, faoi réir Téarmaí agus Coinníollacha breise atá deartha chun ár gcúrsaí uisce a chosaint,”

a dúirt an tAire Heydon.

“Is cloch mhíle shuntasach domsa mar Aire Talmhaíochta é oscailt Dhíolúine Níotráití 2026, tar éis dom síneadh trí bliana ar an díolúine a bhaint amach i dtreo dheireadh na bliana seo caite. Molaim d’fheirmeoirí a riachtanas chun iarratas a dhéanamh ar Dhíolúine Níotráití a phlé lena gcomhairleoir talmhaíochta a luaithe is féidir.”

Is é Dé hAoine an 15 Bealtaine 2026 an dáta deiridh le haghaidh iarratais ar Dhíolúine Níotráití 2026. Tá tuilleadh faisnéise faoi Théarmaí agus Coinníollacha Dhíolúine Níotráití 2026 ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag: www.gov.ie/nitrates

Ina theannta sin, tá ráitis Nítrigine agus Fosfair, ina leagtar amach ráta stoic féarach eallaigh gach sealbhaithe do 2025, ar fáil ar chóras ar líne na Roinne www.myagfood.ie. Socraíonn ráta stoic na bliana roimhe seo liúntas leasacháin féaraigh gach feirme, mar a leagtar amach sna Rialacháin maidir le Dea-Chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint (I.R. 588 de 2025, arna leasú).

Dheimhnigh an tAire freisin go bhfuil suíomh gréasáin Chónaidhm Pórúcháin Eallaigh na hÉireann oscailte chun cabhrú le feirmeoirí déiríochta a mBanda Déiríochta do 2026 a dheimhniú.

Ba cheart d’fheirmeoirí déiríochta banda bó dhéiríochta a dtréada do 2026 a dheimhniú agus, más mian leo, rogha a dhéanamh chun aitheantas a fháil as próitéin amh sna tiúchain a tugadh dá mbó anuraidh a bhainistiú. Déantar é seo a dheimhniú freisin trí shuíomh gréasáin Chónaidhm Pórúcháin Eallaigh na hÉireann.

Tar éis an 15 Bealtaine, cuirfear feirmeoirí déiríochta nach bhfuil banda a dtréada do 2026 deimhnithe acu go huathoibríoch sa bhanda eisfhearadh is airde, is é sin 106kg N in aghaidh na bó déiríochta do 2026, go dtí go gcuirfidh siad an fhaisnéis chuí faoi bhráid na Roinne chun banda a dtréada a dheimhniú. Is é an 31 Nollaig an spriocdháta le haghaidh na n-aighneachtaí sin.

Dúirt an tAire freisin:

“Tá mo Roinn ag scríobh chuig gach feirmeoir déiríochta an tseachtain seo chun iad a chur ar an eolas faoi athruithe a tugadh isteach faoin 6ú Clár Gníomhaíochta Níotráití maidir le beart an ardáin bleána agus méaduithe ar riachtanais stórála sciodair agus uisce salach ón 1 Deireadh Fómhair 2028. Agus feirmeoirí gnóthacha le hobair an earraigh, tá sé tábhachtach go mbeadh siad ar an eolas faoin bhféidearthacht go mbeidh gá gluaiseacht sciodair ón ardán bleána a thaifeadadh agus dul i dteagmháil lena gcomhairleoir talmhaíochta, más cuí, maidir leis na rialacha nua. Ós rud é go mbeidh méadú ar riachtanais stórála cothaithigh orgánaigh in 2028, ba cheart d’fheirmeoirí an deis a thapú plean a chur i bhfeidhm maidir le cead pleanála agus maoiniú nuair is gá.”

Nótaí don Eagarthóir – Díolúine Níotráití

Is féidir iarratais ar Dhíolúine Níotráití 2026 a chur isteach trí thairseach ar líne na Roinne, www.myagfood.ie

Ceadaíonn an Díolúine Níotráití d’fheirmeoirí dul thar an ngnáthteorainn 170kg de Nítrigin aoiligh stoic in aghaidh an heicteáir atá leagtha síos sna Rialacháin Níotráití, suas go huasmhéid 220kg nó 250kg in aghaidh an heicteáir, faoi réir cloí le rialacha níos déine. I ngach cás, ní féidir le talamh comhroinnte cáiliú ach do liúntas uasta 50kg de Nítrigin aoiligh stoic in aghaidh an heicteáir.

Chun go mbeidh iarratas ar Dhíolúine Níotráití bailí, ní mór gach Téarma agus Coinníoll den Díolúine a chomhlíonadh.

Bandaíocht Déiríochta Níotráití

Tugadh bandaíocht rátaí eisfheartha bó dhéiríochta isteach in 2023, bunaithe ar thaighde eolaíoch a léiríonn go méadaíonn eisfhearadh cothaithigh na bó déiríochta de réir mar a mhéadaíonn toradh bainne.

Ní mór d’fheirmeoirí déiríochta a mbanda déiríochta a dheimhniú gach bliain. Is fearr é seo a dhéanamh trí shuíomh gréasáin Chónaidhm Pórúcháin Eallaigh na hÉireann, ina bhfuil sonraí réamhlíonta bainne agus bó dhéiríochta. Moltar d’fheirmeoirí ríomhaire glúine nó ríomhaire pearsanta a úsáid chun a mbanda a dheimhniú ar shuíomh gréasáin Chónaidhm Pórúcháin Eallaigh na hÉireann.

I gcás nach bhfuil feirmeoir déiríochta tar éis toiliú a thabhairt dá cheannaitheoir bainne a gcuid sonraí a roinnt le Cónaidhm Pórúcháin Eallaigh na hÉireann, beidh ar na feirmeacha sin foirm láimhe a chomhlánú agus ráitis tacaíochta ón gceannaitheoir bainne a chur ar fáil.

Tá an rogha ann freisin d’fheirmeoir déiríochta aitheantas a fháil as leibhéal níos ísle próitéine amh a bheathú dá thréad agus ráta eisfheartha nítrigine níos ísle a bhaint amach ar thairseach Chónaidhm Pórúcháin Eallaigh na hÉireann. Níl an beart roghnaithe seo ar fáil ach dóibh siúd a dhearbhaíonn a mbanda trí Chónaidhm Pórúcháin Eallaigh na hÉireann.

Príomhphointí le tabhairt faoi deara maidir le dearbhú bandaíochta déiríochta 2026:

  1. Is féidir próitéin amh laghdaithe sna tiúchain a tugadh in 2025 a dhearbhú agus ráta eisfheartha níos ísle a chur i bhfeidhm.
  2. Ba cheart aighneachtaí a dhéanamh faoin 15 Bealtaine 2026. Déanfar aighneachtaí déanacha agus leasuithe a phróiseáil suas go dtí meán oíche an 31 Nollaig 2026 amháin.
  3. Tá Ceisteanna Coitianta ar fáil ar www.gov.ie/nitrates.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat