Seoladh Glao Oscailte ar Thograí do Thionscadail Chur Chun Cinn na Foraoiseachta

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seoladh Glao Oscailte ar Thograí do Thionscadail Chur Chun Cinn na Foraoiseachta

Sheol an tAire Stáit um Fhoraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireacht, Michael Healy-Rae TD, glao oscailte ar thograí do thionscadail chur chun cinn na foraoiseachta inniu.

Chuir an tAire Healy-Rae fáilte roimh an tríú tráinse den ghlao oscailte seo, agus dúirt:

“Tá áthas orm an glao oscailte seo a fhógairt, rud a léiríonn ár dtiomantas do thacaíocht a thabhairt do thionscnaimh a spreagann feirmeoirí, úinéirí talún agus an pobal i gcoitinne chun páirt a ghlacadh san fhoraoiseacht, agus ag an am céanna tacú lenár n-úinéirí foraoise reatha. Tá sé tábhachtach go leanfaimid orainn ag cur béime ar na buntáistí iomadúla a bhaineann le foraoisí, agus go spreagfaimid níos mó daoine chun páirt a ghlacadh i bhfás agus i mbainistiú ár bhforaoisí.”

Tá sé mar aidhm ag an nglao poiblí seo tacú le tionscadail nuálacha a chuireann foraoisiú, bainistiú inbhuanaithe foraoise agus na buntáistí a bhaineann leis an bhforaoiseacht agus le táirgí adhmaid chun cinn, lena n-áirítear buntáistí aeráide, comhshaoil, eacnamaíocha agus sochaíocha. Cuirfear béim ar leith ar thionscnaimh a mheallann feirmeoirí, úinéirí talún agus an pobal i gcoitinne.

Dúirt an tAire Healy-Rae freisin:

“Tar éis an athbhreithnithe mheántéarmaigh le déanaí, tá raon tacaíochtaí feabhsaithe ar fáil anois faoin gClár Foraoiseachta. Ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag cur na ndeiseanna seo chun cinn, agus a chinntiú go bhfuil feirmeoirí, úinéirí talún agus an pobal i gcoitinne ar an eolas faoi na scéimeanna agus na tacaíochtaí atá ar fáil. Tá roghanna ar fáil a oireann do chách, ó bhearta a chomhtháthaíonn le cleachtais feirmeoireachta atá ann cheana go deiseanna don fhoraoiseacht thiomnaithe.”

Iarrtar iarratais don phróiseas iomaíoch seo ó aon ghrúpa nó ó aon duine aonair, le haghaidh tionscadal a bheidh ar siúl idir Meitheamh agus Deireadh Fómhair 2026. Mar a bhí i gcás tráinseanna roimhe seo, táthar ag súil le hiarratais ó réimse leathan páirtithe leasmhara.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:

“Molaim do gach duine aonair nó eagraíocht a bhfuil smaointe nuálacha acu chun an fhoraoiseacht a chur chun cinn iarratas a dhéanamh ar thacaíocht faoin nglao seo.”

Nótaí don eagarthóir:

  • Tá an doiciméad Sonraíochta Glao agus an fhoirm iarratais ar fáil le breathnú orthu ag Glao Oscailte ar Thograí do Thionscadail Chur Chun Cinn na Foraoiseachta Meitheamh go Deireadh Fómhair 2026
  • Féadfar iarratais a sheoladh ar ríomhphost chuig ForestrySupportFunding@agriculture.gov.ie.
    Is é 5 i.n., Déardaoin an 30 Aibreán 2026, an spriocdháta d’iarratais.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat