Oscailt na Scéime um Chúnamh Infheistíochta 2026 d'Fhorbairt Earnáil na Gairneoireachta Tráchtála

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Oscailt na Scéime um Chúnamh Infheistíochta 2026 d'Fhorbairt Earnáil na Gairneoireachta Tráchtála

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, mar aon leis an Aire Stáit atá freagrach as Foraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireacht, Michael Healy-Rae TD, oscailt na Scéime um Chúnamh Infheistíochta 2026 d'Fhorbairt Earnáil na Gairneoireachta Tráchtála inniu.

Tá sé mar aidhm ag an Scéim cabhrú le forbairt earnáil gairneoireachta na hÉireann, lena n-áirítear beachaireacht, trí dheontais a thabhairt d’infheistíochtaí caipitiúla i ngléasra agus i dtrealamh speisialaithe.

Dúirt an tAire Heydon:

“Tá buiséad méadaithe €8.8 milliún faighte don ghairneoireacht in 2026 a aithníonn dúthracht mo Roinne don earnáil thábhachtach seo. Leanann an earnáil ag fás le luach ag geata na feirme de €639 milliún in 2024, rud a léiríonn dul chun cinn i dtreo na sprice a leagtar amach sa Straitéis Náisiúnta Gairneoireachta 2023 – 2027 a bhaint amach. Foilseofar athbhreithniú meántéarma ar an Straitéis Náisiúnta Gairneoireachta níos déanaí i mbliana agus leagfar amach ann an dul chun cinn atá déanta maidir le cur i bhfeidhm ocht bPríomhghníomhartha Straitéiseacha (KSA) na Straitéise. Tá mo Roinn tiomanta go láidir don fhís atá leagtha amach sa Straitéis maidir le hearnáil níos brabúsaí agus níos breisluacha atá á tiomáint ag inbhuanaitheacht agus nuálaíocht agus is fianaise air sin oscailt na Scéime um Chúnamh Infheistíochta 2026 d’Fhorbairt Earnáil na Gairneoireachta Tráchtála.”

Clúdaíonn an Scéim um Chúnamh Infheistíochta d'Fhorbairt Earnáil na Gairneoireachta Tráchtála gach réimse gairneoireachta lena n-áirítear glasraí páirce (lena n-áirítear prátaí síl), beacáin, barra bia cosanta, barra áise, torthaí boga, úlla, agus beachaireacht.

Dúirt an tAire Healy-Rae freisin:

“Tá áthas orm a bheith in ann oscailt na Scéime um Chúnamh Infheistíochta d’Fhorbairt Earnáil na Gairneoireachta Tráchtála a fhógairt le buiséad méadaithe in 2026. I rith na bliana, thapaigh mé an deis cuairt a thabhairt ar roinnt saothróirí gairneoireachta agus fuair mé aiseolas dearfach ar an ról tábhachtach atá ag an scéim seo i bhforbairt agus i bhfás na hearnála tábhachtaí agus athléimní seo. Cuireann sé ar chumas saothróirí infheistíocht a dhéanamh in infheistíochtaí caipitiúla a dhéanann difríocht mhór dá ngnó. Ba mhaith liom cuireadh a thabhairt do shaothróirí gairneoireachta freisin chuig cruinniú saothróirí Fhóram an Tionscail Gairneoireachta (HIF) atá le teacht, a mbeidh mé i mo chomhchathaoirleach air Dé Céadaoin, 12 Samhain ag Campas Bhacastúin na Roinne i gCill Droichid. Beidh deis ag na freastalaithe bualadh le hionadaithe ón earnáil HIF agus nuashonruithe a fháil ó mo Roinn, ó Bhord Bia agus ó Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann (IFA). Molaim do shaothróirí freastal ar an ócáid speisialta sin mar go gcuirfidh sé deis iontach ar fáil le haghaidh plé agus rannpháirtíochta.”

Is é Dé hAoine, an 12 Nollaig 2025 an dáta deiridh chun iarratais a fháil faoin Scéim um Chúnamh Infheistíochta 2025 d'Fhorbairt Earnáil na Gairneoireachta Tráchtála.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Tá foirmeacha iarratais agus Téarmaí agus Coinníollacha na Scéime ar fáil ar líne

Is féidir iarratais a iarraidh trí ríomhphost freisin chuig: horticulturegrants@agriculture.gov.ie

Cuidíonn an scéim seo le táirgeoirí atá ann cheana féin agus le daoine nua sa ghairneoireacht ar ráta suas le 40% ar gach infheistíocht cheadaithe, agus faigheann feirmeoirí óga cáilitheacha agus saothróirí orgánacha ceadúnaithe suas le 50% de chúnamh deontais.

Nasc chuig An Straitéis Náisiúnta Gairneoireachta 2023-2027

Áirítear ar chuspóirí na Scéime glacadh le teicneolaíochtaí nuálacha a éascú, an earnáil gairneoireachta a éascú chun cur chuige spriocdhírithe agus beacht a fhorbairt a dhíríonn ar bhuntáistí comhshaoil, éifeachtúlacht agus fás agus infheistíocht i maolú ar an athrú aeráide a éascú. Tá sé mar aidhm ag an Scéim freisin iomaíochas saothróirí a fheabhsú agus cur le feabhas a chur ar ioncam talmhaíochta agus dá bhrí sin, inmharthanacht fhadtéarmach na bhfiontar gairneoireachta.

Beidh cruinniú saothróirí Fhóram an Tionscail Gairneoireachta ar siúl Dé Céadaoin, 12 Samhain 2025 ó 09:30 - 14:30 ag Foirgneamh na Seirbhísí Comhroinnte, Campas Saotharlainne Bhacastúin, Cill Droichid, W23 X3PH.

Tá ticéid ar fáil ar Eventbrite agus ní mór iad a chur in áirithe roimh ré chun rochtain ar an gcampas a chinntiú: Ticéid do Chruinniú saothróirí Fhóram an Tionscail Gairneoireachta, Dé Céadaoin 12 Samhain 2025 ag 09:30 | Eventbrite

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat