Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Osclaíonn an Rialtas an Dara Glao Faoi Scéim freagartha Breatimeachta €100m don Earnáil Agraibhia.

€30m ar fáil chun Tacú le Cuideachtaí Infheistiú go hinbhuanaithe i dTáirgí Nua agus Dul Isteach i Margaí Nua

Sheol an Tánaiste agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta Leo Varadkar TD, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD agus an tAire Stáit le freagracht as Taighde agus Forbairt, Sábháilteacht Feirme agus Forbairt Margaí Nua, Martin Heydon TD, an dara glao ar iarratais faoi Scéim €100m an Rialtais don earnáil agraibhia.

Bunaíodh an Scéim, a thug an Rialtas isteach ag deireadh 2020, mar aitheantas ar nochtadh uathúil na hearnála do thionchar an Bhreatimeachta agus dúshláin trádála domhanda eile.

Tá suas le €30m ar fáil faoin dara glao seo, atá á riar ag Fiontraíocht Éireann. Tá sé oscailte d'fhiontair mhóra, mheánmhéide agus bheaga, atá ag gabháil do phróiseáil agus do mhargaíocht táirgí príomhúla feola agus déiríochta.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar TD:

“D'ullmhaigh cuideachtaí Éireannacha, lena n-áirítear cuideachtaí san earnáil agraibhia, go han-maith don Bhreatimeacht. Mar sin féin, tá tionchar suntasach ag athrú chomh mór sin ar ár gcaidreamh trádála leis an margadh onnmhairithe is mó atá againn agus tá an Rialtas tiomanta tacaíocht a thabhairt don earnáil agraibhia ríthábhachtach chun í a oiriúnú, a éagsúlú agus a nuáil ar bhealach inbhuanaithe.

“Sa chéad ghlao faoin Scéim seo ceadaíodh 22 thionscadal le haghaidh maoiniú €70m a chabhróidh le cuideachtaí táirgí nua a fhorbairt agus dul isteach i margaí nua. Tá an nuálaíocht seo tábhachtach don earnáil a fhostaíonn níos mó ná 170,000 duine ar fud na tíre agus is fostóir réigiúnach ríthábhachtach í.

“Leis an dara glao iomaíoch seo déanfar €30m eile a infheistiú i dtodhchaí ár n-earnála agraibhia, rud a chinnteoidh gur féidir léi leanúint ar aghaidh de bheith iomaíoch i margaí idirnáisiúnta agus margaí nua a bhuachan agus leanúint le poist a chruthú ar fud na tíre.”

Dúirt an tAire Charlie McConalogue TD:

“Is é atá i gceist leis an gciste caipitil €100m don tionscal agraibhia ná ár dtionscal agraibhia a chosaint don todhchaí. Tá an Rialtas ag cabhrú le cuideachtaí an infheistíocht chaipitiúil a dhéanamh anois chun luach saothair a bhaint amach sna blianta amach romhainn agus a ligfidh dóibh táirgí nua a fhorbairt agus dul isteach i margaí nua.

“Tá an earnáil agraibhia go hidirnáisiúnta ag athrú go tapa, le héileamh tomhaltóirí feabhsaithe ar tháirgeadh inbhuanaithe.

“Cuirfidh an Scéim ar chumas cuideachtaí próiseála bia teacht aniar níos fearr a bheith iontu trí straitéisí éagsúlaithe táirgí/margaí a leanúint a chomhlánaíonn an uaillmhian atá leagtha amach i Fís don Bhia 2030, plean deich mbliana na hÉireann don earnáil agraibhia. Cabhróidh earnáil próiseála feola agus déiríochta níos iomaíche le tacú le hinbhuanaitheacht eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta na bhfeirmeoirí mar ár bpríomhtháirgeoirí.

“Táim ag tnúth leis an scéim seo a fheiceáil ag seachadadh sochair níos mó dár dteaghlaigh feirme atá mar bhunchloch dár n-earnáil iontach.”

Dúirt an tAire Martin Heydon TD, atá freagrach as Taighde agus Forbairt, Sábháilteacht Feirme agus Forbairt Margaí Nua:

“Chun a chinntiú go leanaimid orainn ag cur táirgí Éireannacha chun cinn sna margaí is airde luacha agus an toradh is fearr is féidir a fháil dár bhfeirmeoirí, tá iarrachtaí níos déine déanta ag an Rialtas rochtain ar mhargaí atá ann cheana féin a fheabhsú agus margaí nua a fhorbairt. Tugann forbairt na margaí nua seo, le cuisine difriúla agus roghanna tomhaltóirí, deiseanna chun luach a chur le tairiscint bia sábháilte, cothaitheach agus tarraingteach na hÉireann. Tríd an scéim seo táimid ag tacú le cuideachtaí agraibhia leas a bhaint as na deiseanna seo a rachaidh chun tairbhe do tháirgeoirí príomhúla dá réir."

Dúirt POF Fhiontraíocht Éireann, Leo Clancy:

“Tá an ciste tábhachtach seo ag cur dlús le hinfheistíochtaí bunathraithe ó chuideachtaí san earnáil agraibhia cheana féin, agus rinneadh faomhadh do 22 tionscadal go dtí seo. Is tréimhse an-dúshlánach í seo don earnáil agus tá sé tábhachtach a chinntiú go mbeidh an cumas ag cuideachtaí infheistíocht a dhéanamh sa todhchaí lena chinntiú go leanfar le luacháil mhór a dhéanamh ar tháirgí bia Éireannacha, a bhfuil cáil dhomhanda orthu, i margaí onnmhairithe agus go dtáirgfear ar bhealach inbhuanaithe iad.”

Reáchtálfar seimineár gréasáin d'iarratasóirí ionchasacha arna óstáil ag Fiontraíocht Éireann Dé Luain an 5 Meán Fómhair agus beidh na doiciméid go léir ar fáil ar láithreán gréasáin Fhiontraíocht Éireann.

Is féidir le cuideachtaí fiosruithe a dhéanamh chuig CIS@enterprise-ireland.com

Iarrtar ar chuideachtaí incháilithe iarratais a chur isteach ón Luan an 12 Meán Fómhair go dtí an spriocdháta Dé hAoine an 11 Samhain ag 5.30pm.

Nótaí don Eagarthóir

Is féidir le cuideachtaí a bhfuil spéis acu ann tuilleadh eolais a fháil anseo: Capital Investment Scheme for the Processing and Marketing of Agricultural Products

Mar gheall ar chineál fhormheas Státchabhrach an AE don scéim seo cuirtear teorainn le hincháilitheacht fiontar atá i mbun próiseáil agus margaíocht táirgí talmhaíochta ‘Iarscríbhinn 1' (feoil agus déiríocht) amháin.

Beidh an Scéim á riar ag Fiontraíocht Éireann agus beidh sé i bhfoirm glao iomaíoch. Tá sé oscailte d'fhiontair mhóra, mheánmhéide agus bheaga, atá ag gabháil do phróiseáil agus do mhargaíocht táirgí príomhúla feola agus déiríochta.

Díreofar tionscadail rathúla ar tháirgeadh táirgí breisluacha nua agus/nó feabhsaithe, agus/nó próisis táirgthe, a theastaíonn do mhargaí nua, agus nach ndíreofar go príomha ar mhéideanna méadaithe amhábhar a phróiseáil.

Ní mór d'iarratasóirí a léiriú go gcuireann an infheistíocht taca faoi tháirgeadh bia inbhuanaithe, ar leibhéal na feirme agus ar leibhéal an phróiseálaí araon, agus go gcuireann sí le forbairt réigiúnach chothrom, inbhuanaithe. Comhlíonfaidh gach infheistíocht faoin scéim ceanglais agus caighdeáin chomhshaoil reachtacha agus rialála náisiúnta agus AE.

Ní mór do thionscadail incháilithe caiteachas caipitil incháilithe iomlán €1 milliún ar a laghad a bheith acu, suas go huasmhéid €25 milliún. Beidh an déine cúnaimh uasta suas le 30% de na costais infheistíochta incháilithe, suas le huasdeontas díreach €5 milliún in aghaidh an tionscadail.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat