English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Osclaíonn an tAire Hackett Scéim Limistéar Crann Dúchasach faoin gClár Foraoiseachta 2023-2027 nua na hÉireann

D'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, An Seanadóir Pippa Hackett inniu, an seoladh Scéim Limistéar Crann Dúchasach faoin gClár Foraoiseachta 2023-2027 nua na hÉireann.

Dúirt an tAire:

“Tá áthas an domhain orm seoladh Scéim Limistéar Crann Dúchasach a fhógairt anseo inniu i dTeach Avondale, baile fhoraoiseacht na hÉireann. Cumasófar feirmeoirí leis an scéim seo le suas le haon heicteár amháin de choillearnach dúchasach a chur, gan an riachtanas le ceadúnas a bheith acu, nó suas le dhá heicteár má tá sruthchúrsa fóirsteanach acu ar féidir leo coillearnach dúchasach bruachánach ar scála beag a chur air. Is rud é seo ar oibrigh mé go dian air le cur i bhfeidhm mar chuid den Chlár Foraoiseachta nua, agus comhlíonfar an gealltanas ó Chlár an Rialtais chun cur na gcrann ar scála beag a dhreasú chun cabhrú le suim sa bhforaoiseacht a mhúscailt i bhfeirmeoirí arís. Is bunchloch í de rátaí coilltithe a mhéadú ná muinín a chothú i measc feirmeoirí i dtaca le buntáistí na foraoiseachta mar rogha bailí chun cur lena ngnóthais feirme atá acu cheana féin.

Dheimhnigh an tAire gur, ag teacht le forálacha d'Acht um Shláinte agus Leas Ainmhithe agus um Fhoraoiseacht 2022, sholáthair a Roinn féin an scéim trí Rialachán, a síníodh isteach sa dlí an 28 Meán Fómhair 2023. Dheimhnigh sí freisin go mbeidh dhá rogha éagsúil ar fáil d'iarratasóirí:

• NTA 1 - Cruthú Foraoisí Dúchasacha Beaga

• NTA 2 - Cruthú Foraoisí ar mhaithe le Cosaint Uisce

Is é 2 heicteár uasteorainn an limistéir ar féidir a chruthú faoin Scéim seo in aghaidh gach aon ghabháltas feirme ar feadh shaolré na scéime. Féadfaidh le feirmeoirí agus daoine nach feirmeoirí iad leas a bhaint as tacaíocht faoin scéim sin. Beidh an tacaíocht ann mar dheontas bunaithe agus íocaíochtaí préimhe bliantúla thar thréimhse deich mbliana, €22,060 san iomlán in aghaidh an heicteáir le haghaidh NTA 1 agus €22,840 in aghaidh an heicteáir le haghaidh NTA 2.

Dúirt an tAire freisin:

“Tugadh an scéim chun críche i ndiaidh Measúnacht Straitéiseach Comhshaoil agus Measúnacht Chuí a chur i gcrích. Tá critéir incháilitheachta mar chuid den scéim chun a áirithiú go ndéantar gach aon oibreacha maidir le cur crann ar bhealach atá dleathach agus inbhuanaithe.”

Chuir an tAire béim ar seo a leanas:

“Tá léarscáil incháilitheachta scéime ullmhaithe, ina sonraítear láthair 3.1 milliún heicteár de thalamh a bheidh incháilithe le bheith mar pháirt den scéim. Níor measadh an t-iomlán de thalamh talmhaíochta le bheith incháilithe le haghaidh an NTAS cionn is nach bhfuil an talamh fóirsteanach chun foraois dhúchasach a bhunú (mar shampla limistéir ar airde arda) nó cionn is go bhfuil leochaileachtaí comhshaoil ann (ar nós limistéar a ainmnithe le haghaidh NATURA 2000). Má fhaigheann duine éigin a bhfuil suim acu sa Scéim Limistéar Crann Dúchasach amach nach bhfuil a dtalamh féin incháilithe le haghaidh crann a chur gan cheadúnas, mholfainn dóibh labhairt le Teagasc nó lena bhforaoiseoir cláraithe faoi na roghanna atá ar fáil dóibh tríd an gClár Foraoiseachta faoin ngnáthphróiseas ceadúnaithe.”

Mar fhocal scoir dúirt an tAire:

“Dearadh an scéim seo le go mbeadh próiseas faofa simplí aici, ciallaíonn sé sin go bhfuil sí ar fáil anois chun go gcuirfear foraoisí nua dúchasacha roimh dheireadh 2023 faoin scéim seo. Táim ag tnúth le léiriú spéise suntasach ar an scéim ar fheirmeacha timpeall na tíre thar na míonna atá amach romhainn.”

Nóta don Eagarthóir:

Dearadh an Scéim Limistéar Crann Dúchasach (NTAS) chun tionchair fhéideartha a sheachaint nó a ísliú ón tús tríd an fhaisnéis is fearr atá ar fáil a úsáid agus bearta réamhghabhálacha a chur i bhfeidhm. Tá na bearta cineálacha sin éigeantach le haghaidh gach aon limistéar a bheidh mar chuid den Scéim.

Éileofar ionchur ó fhoraoiseoirí atá cláraithe leis an Roinn lena áirithiú go gcloífear leis na critéir incháilitheachta a bhaineann leis an scéim. Beidh saineolas foraoiseoirí cláraithe ag teastáil le cinntiú go gcuirfear na foraoisí seo ar an láthair chuí agus go ndéanfar bainistíocht orthu go dtí an chéim agus iad ag fás go neamhspleách.

D’fhonn go mbeifear in ann foraoisí a chruthú gan cheadúnas coilltithe, tugadh athruithe isteach mar chuid den Acht um Shláinte agus Leas Ainmhithe agus um Fhoraoiseacht (Forálacha Ilghnéitheacha) 2022. Ligeann na hathruithe don Aire chun Rialacháin a dhéanamh chun cur foraoisí dúchasacha ar scála beag a éascú mar chuid de scéim tríd an riachtanas le haghaidh cheadúnas coilltithe a bhaint.

Tá Sonraí na Scéime ar fáil anseo

CRÍOCH