Osclaíonn an tAire McConalogue an Síneadh Ché Smooth Point €35m in Ionad Iascaigh Cuain na gCealla Beaga go hoifigiúil
- Foilsithe: 20 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 23 Meán Fómhair 2024
Inniu, d'oscail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. in éineacht le Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Niamh Kennedy, Síneadh Ché Smooth Point in Ionad Iascaigh Cuain na gCealla Beaga go hoifigiúil, ceann de na sé Ionad Iascaigh Cuain atá faoi úinéireacht an Stáit.
Cuireadh an mórthionscadal caipitiúil seo i gcrích le 10 mbliana anuas, agus chuir Clár Forbartha Ionaid Iascaigh Cuain agus Bonneagar Cósta na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara maoiniú ar fáil dó.
Agus Síneadh Ché Smooth Point á oscailt go hoifigiúil aige, dúirt an tAire:
“Tá áthas orm Síneadh Ché Smooth Point a oscailt go hoifigiúil agus cinntíonn sé go mbeidh na Cealla Beaga mar ard-chalafort iascaireachta na hÉireann le saoráidí den scoth i gcónaí. Is áis eacnamaíoch ríthábhachtach é an bonneagar seo don Iarthuaisceart agus go háirithe do mhuintir na gCealla Beaga.”
Soláthraíonn Síneadh Ché Smooth Point 125 méadar breise de bheartlann chun dul i dtír agus is iontach an méid atá ann ar an iomlán dá bharr sin: 275 méadar de bheart líneach ag Smooth Point. Cabhróidh sé chun brú tráchta agus long a laghdú i mbuaic an tséasúir agus is féidir leis dul i dtír long suas le 100 méadar ar fad a éascú. Cuirfidh sé beartlann fhoscúil ar fáil i rith na bliana ar fad do na longa atá níos mó agus ceadóidh sé aga comhlánaithe níos sciobtha do longa. Rinneadh na hoibreacha tógála de réir a chéile, tosaíodh le dreideáil an dríodair lena athúsáid istír, agus úsáideadh an t-ábhar cloiche mar ábhar aislíonta don ché nua agus in áiteanna eile sa chuan. Bhí an póca bearta dreideáilte chuig -9.0 méadar tagra cairte.
D’aithin an tAire ról an phríomhchonraitheora maidir leis an síneadh a chur i gcrích, ag rá:
“Sorenson Civil Engineering Ltd a rinne an tionscadal seo, a chuaigh i ngleic le srianta Covid19 agus moilleanna ar shlabhra an tsoláthair chun an struchtúr den chéad scoth atá le feiceáil os ár gcomhair amach a chríochnú.”
In 2023, ba i gceann de na sé Ionad Iascaigh Cuain atá faoi úinéireacht an Stáit a cuireadh i dtír 86% na n-iasc uilig a cuireadh i dtír in Éirinn. Cuireadh beagnach 68% na n-iasc uilig ar rugadh orthu in Éirinn i dtír in Ionad Iascaigh Cuain na gCealla Beaga, bhí luach breis is €118 milliún ag baint le cur i dtír an éisc seo. Is bonneagar ríthábhachtach iad na sé Ionad Iascaigh Cuain d’earnáil bia mara na hÉireann.
Mhaígh an tAire:
“Tuigim go rímhaith tábhacht na hinfheistíochta caipitiúla chun bonneagar riachtanach, fadtéarmach a sholáthar, agus conas a chuireann sé sin spreagadh ar fáil d’fhás eacnamaíoch níos leithne. Leagann an bonneagar ríthábhachtach seo tuilleadh béime ar an tábhacht a leagann an Rialtas ar thodhchaí na bpobal cois cósta, atá ag brath ar iascaigh, a chosaint.”
Tar éis dó an phlaic a nochtadh, dúirt an tAire McConalogue mar fhocal scoir:
“Mar gheall gur chuir an Rialtas an bonneagar riachtanach seo ar fáil, is féidir linne freastal ar réimse long a bhíonn ag méadú i gcónaí, agus tacú lenár n-earnáil próiseála éisc trí éascaíocht níos fearr a dhéanamh ar chur i dtír an éisc. Soláthróidh sé seo an t-amhábhar chun deiseanna a spreagadh agus a uasmhéadú do phróiseáil phríomhúil agus thánaisteach agus a chinntiú go bhfuil earnáil bia mara na hÉireann láidir agus inbhuanaithe. Tá an infheistíocht seo mar bhonn faoin mbéim i bhFís don Bhia 2030 ar inmharthanacht eacnamaíoch agus acmhainneacht na dtáirgeoirí tosaigh a fheabhsú, agus tuilleadh cruthúnais atá ann ar thiomantas an Rialtais d’aghaidh a thabhairt ar thionchar an Bhreatimeachta ar an earnáil iascaireachta.”
Nótaí d’Eagarthóirí
Déanann an Clár Forbartha Ionaid Iascaigh Cuain agus Bonneagar Cósta de réir an Chláir um Ghníomhú an Rialtais (Roinn Forbartha Réigiúnaí ar Bhonn Cothrom) chun “Infheistíocht straitéiseach a dhéanamh i mbonneagar calafoirt chun tuilleadh cur i dtír an éisc a mhealladh go hÉirinn, cur i dtír an éisc ar rugadh air go hinbhuanaithe inár n-uiscí, ag spreagadh fhorbairt na hearnála próiseála bia mara agus an gheilleagair ghoirm inár bpobail chois chósta.”, agus an gníomh chun “An plean um oiriúnú don athrú aeráide a chur i bhfeidhm don earnáil agraibhia agus bia mara, agus cabhrú leis na hearnálacha seo, dul in oiriúint don timpeallacht athraithe.”
Sainaithníodh gur Príomhthosaíochtaí Infheistíochta Straitéisí iad mórthionscadail forbartha sna Cealla Beaga agus in Ionaid Iascaigh Cuain eile, don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 (Tionscadal Éireann 2040).

Fotheidil Ghrianghraif:
Ó Chlé go Deis, Máistir Cuain na gCeall Beag, Fergal Hegarty, Méara na gCealla Beaga, Christine Fallon Cunningham, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue agus Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Niamh Kennedy

An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D ag labhairt dó ag oscailt Shíneadh Ché Smooth Point in Ionad Iascaigh Cuain na gCealla Beaga.

An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D ag oscailt Shíneadh Ché Smooth Point in Ionad Iascaigh Cuain na gCealla Beaga.

An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D agus na daoine a d’fhreastail ar oscailt Shíneadh Ché Smooth Point in Ionad Iascaigh Cuain na gCealla Beaga.