Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Osclaíonn meicníocht fhormheasta tosaíochta le haghaidh Sciar 2 don Scéim Spriocdhírithe um Nuachóiriú Talmhaíochta

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu go bhfuil an mheicníocht fhormheasta tosaíochta don Scéim Spriocdhírithe um Nuachóiriú Talmhaíochta (TAMS 3), oscailte anois le haghaidh Sciar 2.

Dúirt an tAire McConalogue:

“An bhliain seo caite, chinntigh mé gur eisíodh formheasanna tosaíochta d’fheirmeoirí ar ghá dóibh tús a chur le hoibreacha go práinneach. Tá an áis seo i bhfeidhm arís le haghaidh feirmeoirí agus a gcomhairleoirí. Mar sin, mholfainn dóibh siúd a chuir iarratas TAMS 3 isteach faoi Sciar 2, agus a bhfuil riachtanas práinneach orthu tús a chur le hoibreacha, dul i dteagmháil le mo Roinn. Má bhaineann sé sin leat, ba cheart duit dul i dteagmháil le d'oifig Roinne Talmhaíochta áitiúil. Déanfar measúnú ar d’iarratas ansin chun a chinneadh an bhfuil géarghá le ceadú a eisiúint, agus tabharfar tús áite dó dá réir.”

Dheimhnigh an tAire freisin go leanfar le TAMS 3, agus Sciar 3 den scéim ar oscailt go dtí an 12 Aibreán 2024.

Dúirt an tAire McConalogue freisin:

“Is féidir liom a dhearbhú go mbeidh TAMS 3, a thugann tacaíochtaí d’fheirmeoirí chun infheistíocht a dhéanamh ar réimse áiseanna ar a bhfeirmeacha, ag leanúint ar aghaidh. Is léir an tóir a bhí ar an scéim seo, agus cuireadh 9,110 iarratas isteach san iomlán le linn Sciar 2, a dúnadh le haghaidh iarratas ar an 19 Eanáir. Dheimhnigh mé go déanach anuraidh go bhfaomhfar gach iarratas incháilithe le haghaidh Sciar 2.”

Mar fhocal scoir dúirt an tAire:

“Is scéim thar a bheith rathúil agus tairbheach í TAMS ó cuireadh tús léi. Tá príomhfheabhsuithe nuachóirithe, comhshaoil agus sábháilteachta curtha ar fáil aige ar na mílte feirmeacha ar fud na tíre, agus ag an am céanna tacaíonn sé le geilleagair áitiúla i gcéim tógála na bhforbairtí.”

CRÍOCH

Nótaí d'Eagarthóirí

Is comhpháirtíocht é comhbheartas talmhaíochta an AE (CBT) idir an tsochaí agus an talmhaíocht a chinntíonn go mbíonn soláthar seasmhach bia ann, a chosnaíonn ioncam feirmeoirí, a chosnaíonn an comhshaol agus a choimeádann ceantair thuaithe bríomhar. Cuireann Ballstáit AE CBT i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT don tréimhse 2023- 2027.

Tugann na Scéimeanna Nuachóirithe Talmhaíochta Spriocdhírithe (SNTS 3) deontais d'fheirmeoirí chun raon sonraithe foirgneamh agus trealamh feirme a thógáil agus/nó a fheabhsú ar a ngabháltas. Tá TAMS cómhaoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an AE. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar www.gov.ie/cap

TAMS 3 Iarratais ar Sciar 2

SCÉIM
Iomláin
Scéim um Leas Ainmhithe agus Stóráil Chothaitheach
2200
Scéim um Threalamh Déiríochta
217
Scéim Infheistíochta Caipitil um Shábháilteacht Feirme
3113
Scaipeadh Draoibe Astaíochtaí Ísle
756
An Scéim um Infheistíocht Chaipitil Orgánach
634
An Scéim Infheistíochta Muc agus Éanlaithe
46
An Scéim um Infheistíocht Chaipitil Gréine
738
An Scéim um Infheistíocht Chaipitil Curaíochta
444
An Scéim um Infheistíocht Chaipitil do Bhanfheirmeoirí
438
An Scéim um Infheistíocht Chaipitil d'Fheirmeoirí Óga
524
Iomlán
9110
Contae
Iarratais ar Sciar 2 Faighte
Ceatharlach
188
An Cabhán
416
An Clár
332
Corcaigh
1265
Dún na nGall
560
Baile Átha Cliath
55
Gaillimh
754
Ciarraí
403
Cill Dara
174
Cill Chainnigh
416
Laois
242
Liatroim
147
Luimneach
309
An Longfort
187
119
Maigh Eo
529
An Mhí
313
Muineachán
261
Uíbh Fhailí
242
Ros Comáin
310
Sligeach
186
Tiobraid Árann
614
Port Láirge
223
An Iarmhí
273
Loch Garman
429
Cill Mhantáin
163
Iomlán
9110

á 10 scéim aonair faoin Scéim Infheistíochta Caipitil ar an bhFeirm, ar a dtugtar TAMS 3. Tá siad mar seo a leanas:

• Scéim um Leas Ainmhithe agus Stóráil Chothaitheach (AWNSS) ag ráta deontais 40%, le teorainn infheistíochta de €90,000

• Scéim um Infheistíocht Chaipitil Curaíochta (TCIS) ag ráta deontais 40%, le teorainn infheistíochta de €90,000

• Scéim um Infheistíocht Chaipitil Muc agus Éanlaithe (PPIS) ag ráta deontais 40%, le teorainn infheistíochta de €500,000

• Scéim um Threalamh Déiríochta (DES) ag ráta deontais 40%, le teorainn infheistíochta de €90,000

• Scéim um Infheistíocht Chaipitil d’Fheirmeoirí Óga (YFCIS) ag ráta deontais 60%, le teorainn infheistíochta de €90,000

• Scéim um Infheistíocht Chaipitil do Banfheirmeoirí (WFCIS) ag ráta deontais 60%, le teorainn infheistíochta de €90,000

• Scéim um Infheistíocht Chaipitil Feirmeoireachta Orgánaí (OCIS) ag ráta deontais 60%, le teorainn infheistíochta de €90,000

• Scéim um Infheistíocht Chaipitil le haghaidh Sábháilteachta Feirme (FCIS) ag ráta deontais 60%, le teorainn infheistíochta de €90,000

• Scéim um Infheistíocht Chaipitil Gréine (SCIS) ag ráta deontais 60%, le teorainn infheistíochta de €90,000 atá scartha ó scéimeanna eile

• Scéim Trealaimh Scaipeadh Sciodair Astuithe Íseal (LESS) ag ráta deontais 60%, le teorainn infheistíochta de €40,000 atá scartha ó scéimeanna eile

Faigh rochtain ar réimse iomlán na n-infheistíochtaí agus na nDoiciméad Costais Tagartha.

Ba chóir ceisteanna de chineál teicniúil i dtaca leis na sonraíochtaí a aighniú trí ríomhphost chuig an ríomhsheoladh seo a leanas: tams@agriculture.gov.ie

Le haghaidh gach ceist SNTS eile, téigh i dteagmháil le Riarachán SNTS 3 ag 053 9163425.

Féadfaidh conraitheoirí a eTC agus cód rochtana a chlárú trí ríomhphost a sheoladh chuig TAMScontractors@agriculture.gov.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat