Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tosaíonn íocaíochtaí faoi na Bearta Ilspeiceas agus Siláis Seamair Dhearg 2025

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí faoi na Bearta Ilspeiceas agus Siláis Seamair Dhearg 2025.

Thug an tAire Heydon faoi deara:

“Tá áthas orm go n-eiseofar íocaíochtaí os cionn €2.1 milliún do bhreis is 1,200 feirmeoir as na bearta seo sna laethanta amach romhainn. Sa bhliain 2025, lean feirmeoirí orthu ag léiriú spéise sna barra seo araon, agus ag teacht leis an spéis seo, d’áirithigh mo Roinn go gcoimeádfar an ráta íocaíochta €300/heictéar. Gheobhaidh iarratasóirí incháilithe íocaíocht ar uasmhéid de 20 heicteár in aghaidh an bhirt.”

Thug an tAire Heydon faoi deara freisin:

“Chuir na bearta seo ar chumas feirmeoirí leas a bhaint as na buntáistí suntasacha comhshaoil agus cothaitheacha is féidir a bhaint as na féarach seo agus faisnéis a sholáthar le haghaidh bainistíocht na bhféarach sin amach anseo.” Tá méadú suntasach tagtha ar ár dtuiscint ar na buntáistí a fhaightear ó na barra araon, agus ar an gcaoi ar cheart iad a bhainistiú chun na torthaí is fearr a fháil.”

I gcásanna ina bhfuil tuilleadh eolais iarrtha ag an Roinn, moltar d’fheirmeoirí an fhianaise dhoiciméadach tacaíochta riachtanach a thabhairt ar ais a luaithe is féidir chun go bhféadfar íocaíochtaí a eisiúint.

Nótaí

Tugadh na bearta seo isteach ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chun modhanna feirmeoireachta atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn, a mbeidh tionchar dearfach acu ar astaíochtaí aeráide, ar bhithéagsúlacht agus ar cháilíocht uisce.

Is é €300/heic an ráta íocaíochta agus is cuid de fhreagairt an rialtais é chun freastal ar chostais ionchuir mhéadaithe agus ar chleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe.

Tá sé léirithe go bhfuil féarach Ilspeiceas tairbheach chun toradh ard foráiste a choinneáil ag baint úsáid as i bhfad níos lú leasacháin nítrigine. Tá tionchar tairbhiúil aige seo ar astaíochtaí ocsaíd nítriúil agus laghdaíonn sé costais ionchuir d’fheirmeoirí ag an am céanna. I measc na mbuntáistí eile a eascraíonn as an mbeart seo tá bithéagsúlacht fheabhsaithe, caoinfhulaingt níos mó i leith triomach, struchtúr ithreach agus scagacht ithreach feabhsaithe agus riachtanais laghdaithe frith-theilminteacha.

I bhfianaise chostas leasacháin agus beatha, agus srianta comhshaoil atá ag méadú, is féidir buntáistí suntasacha a thairiscint trí Seamair Dhearg a ionchorprú i bhfáinseacha. Tá sé léirithe ag Siléas Seamair Dhearg go bhfuil níos mó próitéine sna féaraigh seo ná mar atá sna féaraigh thraidisiúnta mar gheall ar a gcumas nítrigine a shocrú agus, in éineacht lena gcumas os cionn 14t DM/ha a tháirgeadh, cabhróidh sé le feirmeoirí a mbillí beatha tiubhaithe a laghdú.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat