Plean Deich mBliana Seolta ag Creed chun Saotharlanna Réigiúnacha na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara a Fhorbairt
- Foilsithe: 4 Meán Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 23 Márta 2020
Tá Plean chun Saotharlanna Réigiúnacha na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara a Fhorbairt seolta inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., mar chuid de Thionscadal Éireann 2040, agus tá maoiniú caipitil measta €33.5 milliún fógartha aige chun an Líonra Saotharlann a atógáil sna deich mbliana atá romhainn.
Dúirt an tAire Creed, “Tríd an bplean seo a fhoilsiú, léirítear tiomantas mo Roinne i leith barr feabhais a bhaint amach san eolaíocht agus tuilleadh forbartha a dhéanamh ar acmhainneacht agus saineolas sna réimsí saotharlann ar fad. Tríd an dara céim d'fhorbairt na saotharlann atá á fógairt agam inniu, tugtar éifeacht don tiomantas atá againn cur leis na seirbhísí diagnóiseacha a chuireann ár saotharlanna réigiúnacha ar fáil don phobal feirmeoireachta agus a chinntiú go mbeidh teacht níos fearr ag feirmeoirí ar fud na tíre ar an tseirbhís sin.”
Is iad na torthaí a bhí ar anailís costais is taighde agus comhairliúchán forleathan le páirtithe leasmhara a rinne eolas don Phlean Deich mBliana. Ceann de na nithe is mó atá ag déanamh imní don phobal feirmeoireachta is ea an teacht a bheidh acu ar sheirbhísí saotharlainne. Nuair a thabharfar an plean seo chun críche in 2028, beidh 98% d'úinéirí tréad atá cláraithe laistigh d'aistear uair an chloig tiomána ó cheithre cinn de shaotharlanna réigiúnacha nó ceann amháin de na cúig ionaid aistrithe conablach a bheidh le bunú i gcontaetha na teorann agus ar feadh chósta an Iarthair.
Tabharfar infheistíocht sa Líonra Saotharlann Réigiúnach chun cinn de réir chúig chéim incriminteacha sna deich mbliana atá romhainn, cuirfear tús leis trí líne chabhrach a bhunú mar aon leis an chéad dá ionad aistrithe roimh dheireadh na bliana 2020. Leanfar de seo ar bhonn seicheamhach trí shaoráidí nua a chur in n-áit na n-ionad atá i gCill Chainnigh agus i Sligeach i láthair na huaire chomh maith le saotharlanna níos mó a bhunú i gCorcaigh agus i mBaile Átha Luain. Mar aon le hinfheistíochtaí suntasacha caipitil a dhéanamh i ngach suíomh, infheisteoidh an Roinn i bhfoirne daoine a bhfuil na scileanna agus saineolas atá ag teastáil acu chun seirbhís dhiagnóiseach den chéad scoth a chur ar fáil - trína bhforbrófar ionaid bharr feabhais chun imscrúdú agus faireachas a dhéanamh ar ghalair in ainmhithe feirme.
Dúirt an tAire Creed, “Tríd an bPlean seo a fhoilsiú, tugtar deis dom béim a leagan ar na gníomhartha atá faoi bhealach cheana féin agus aitheantas a thabhairt dóibh, a bhfuil cuid acu curtha i gcrích cheana féin, d'fhonn cumas eolaíochta agus éifeachtúlacht oibríochta na saotharlann i mBacastún agus i gCorcaigh a fheabhsú. Tá fís curtha in iúl ag an bhfoireann chun go mbeidh na saotharlanna thar barr uile ó thaobh na heolaíochta de agus tá siad ag obair go dúthracht sin a chur i gcrích leis na gníomhartha atá á gcur i bhfeidhm acu faoi láthair.”
I mBacastún, tá an Roinn ag cur cruth nua ar mar a chuireann sí seirbhísí saotharlainne a bhaineann le sábháilteacht bia ar fáil- trína dtugtar le chéile cumas agus saineolas na Roinne ar fad in dhá fhoireann mhóra ildisciplíneacha chun measúnú a dhéanamh agus comhairle a chur ar fáil maidir leis an dá réimse is mó baoil sa slabhra bia atá ann a bhaineann le guaiseacha miocróbacha agus guaiseacha ceimiceacha faoi seach. Chomh maith leis sin, tá an Roinn ag cur atheagair ar mar a chuireann sí na tacaíochtaí bunriachtanacha ar fáil ar nós bainistíocht cáilíochta agus tacaíocht IT a chuireann taca faoi eolaíocht saotharlainne.
Tá eintiteas amháin déanta de dhá shaotharlann i gCorcaigh (an tSaotharlann Tástála Fola agus an tSaotharlann Eolaíocht Déiríochta) agus táthar ag cur réimse leathan anailíse saotharlainne ar fáil chun tacú le hobair na Roinne maidir le sláinte ainmhithe, sláinte plandaí agus sábháilteacht bia.
Táthar ag glacadh le cur chuige bainistíochta tionscadail céimnithe chun cur i bhfeidhm an phlean gníomhaíochta uaillmhianaigh seo a leagan amach agus lena chinntiú go gcuirfear é ar fáil i gceart, a fhad is a leanann na saotharlanna ar fad de sheirbhís ar ardchaighdeán a chur ar fáil dá gcliaint.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire ‘tá an plean seo do Shaotharlanna na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara ann mar thoradh ar oifigigh shinsearacha ag dul i mbun oibre le páirtithe leasmhara ábhartha (inmheánacha agus seachtracha) d'fhonn uaillmhian i leith shaotharlanna na Roinne a bhaint amach chun go mbeidh aitheantas acu mar ionaid bharr fheabhais sa tír seo agus thar lear. Tríd an infheistíocht seo, cuideofar leis an earnáil agraibhia chun táirgeadh bia inbhuanaithe a chinntiú - trína gcosnófar an slabhra bia agus trína mbeidh bunús faoin stádas fabhrach atá againn i leith sláinte ainmhithe agus plandaí a fhad is a bhainfear amach na spriocanna fáis uaillmhianacha atá leagtha amach i Food Wise 2025. Beidh oifigigh na Roinne ag dul i dteagmháil le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha araon le linn tréimhse an Fhómhair.”
Nóta d'eagarthóirí
Cuimsíonn Saotharlanna DAFM lárchoimpléasc saotharlainne i mBacastún chomh maith le líonra saotharlann réigiúnach. Tá thart ar 300 duine fostaithe sna saotharlanna sin, ina bhfuil réimse leathan saineolais eolaíochta maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí, tástáil síolta, sábháilteacht agus barántúlacht bia agus bia ainmhithe agus cosaint comhshaoil. Tá ról mór ag na saotharlanna sin maidir le rialuithe oifigiúla agus scéimeanna éagsúla an DAFM a sheachadadh – trína gcuirtear tacaíocht anailíseach agus chomhairleach ar fáil don Roinn. Faoi láthair, tá 34 Saotharlann Náisiúnta Tagartha faoi choimirce na Roinne i mBacastún.
Cuireann na Saotharlanna Tréidliachta Réigiúnacha (RVLanna) seirbhís dhiagnóiseach saotharlainne ar fáil don phobal feirmeoireachta - seirbhís atreoraithe í seo ar féidir le feirmeoir ar bith sa tír leas a bhaint aisti via an tréidlia príobháideach (PVP) a bhfuil an tréada atá i gceist faoina chúram. Tugann na RVLanna faoi scrúdú iarbháis ar ainmhithe marbha arna iarraidh ag PVP agus is faoi úinéir an tréada atá sé ansin socrú a dhéanamh an conablach a thabhairt chomh fada leis an RVL is gaire dó. Cuireann RVLanna réimse anailíse ar fáil ar na samplaí cliniciúla a bhailíonn PVPanna ar fheirmeacha atá ag fiosrú galair thar ceann an fheirmeora. Déanann diagnóiseoirí tréidliachta an RVL torthaí na saotharlainne a thuairisciú do PVPanna agus cuireann siad comhairle agus cúnamh ar fáil (tuairim eile) do PVPanna ar bhearta chun galair a chosc agus a rialú. Gearrtar táille réasúnta chun scrúdú iarbháis agus tástálacha paiteolaíochta cliniciúla eile a dhéanamh. Tá cuid mhór d'úinéirí tréada atá le cósta an Iarthair chomh maith le húinéirí atá ina gcónaí i roinnt contaetha leis an teorainn píosa maith ón RVL is gaire dóibh faoi láthair agus dá bhrí sin, ní dóigh go mbainfidh siad leas as an tseirbhís. Tagann 90% den riar cásanna a fhaigheann an líonra RVL gach bliain ó laistigh de raon 65KM (nó glacann sé tuairim is uair an chloig le tiomáint chuig an ionad le leantóir) ó cheann amháin nó ceann eile de na RVLanna.
Cuireann an riar cásanna a chuireann feirmeoirí agus a gcuid tréidlianna ar fáil go deonach do líonra na RVLanna bunús ar fáil le haghaidh dhá "earra poiblí" eile a chuireann na saotharlanna seo ar fáil don phobal feirmeoireachta agus don tionscal agraibhia níos leithne. Ar an gcéad dul síos, cinntíonn sé go gcoinnímid saineolas atá scaipthe go réigiúnach agus atá mearfhreagrach nuair atá galar in ainmhithe feirme á fhiosrú agus gur féidir na saineolaithe sin a chur ar fáil gan mórán fógra i gcúinsí ar nós go ndéantar cás amhrasta de ghalar andúchasach a chur in iúl don Roinn, nuair a bhíonn leibhéal an-ard de ghalracht agus de mhortlaíocht in ainmhithe feirme agus/nó sa chás go bhfuil nasc amhrasta idir an galar atá ar ainmhithe agus go bhfuil sin ag cur sláinte an phobail nó an timpeallacht i mbaol. Ar an dara dul síos, cuireann sé sonraí bunlíne ar fáil ar phatrún agus ar mhinicíocht an ghalair ar phobail éagsúla ainmhithe feirme in Éirinn - bíonn sin mar bhonn le tuarascálacha faireachais a bhíonn mar thaca le hábhar margaíochta maidir le stádas fabhrach sláinte ainmhithe agus stádas saor ó ghalair shonracha beostosic na hÉireann a bhfuil tionchar ollmhór acu ar chúrsaí trádála. Déantar na sonraí sin chomh maith le fógraí galair anois is arís a fhoilsiú sa phreas feirmeoireachta agus tréidliachta chun eolas a chur ar fáil i ndáil le bearta cosanta agus rialaithe galair atá éifeachtúil ó thaobh costais de ar an bhfeirm.
Mar chuid den chéad chéim d'fhorbairt an líonra nua bunófar líne chabhrach d'fheirmeoirí agus do thréidlianna a mbeifear ábalta úsáid as bhaint aisti chun comhairle agus cabhair a lorg, scrúduithe iarbháis a chur in áireamh do chonablaigh (PME) chomh maith le torthaí na saotharlainne a fhiosrú ina dhiaidh sin. Beidh i gceist leis chomh maith dhá ionad aistrithe conablach a bhunú i gCo. Dhún na nGall agus i gCo. an Chabháin a mbeidh feirmeoirí ábalta conablaigh a bhfuil scrúdú iarbháis curtha in áirithe ina leith a thabhairt - agus as a mbeidh an Roinn ábalta conablaigh a sheachadadh uathu chuig RVLanna Shligigh agus Bhaile Átha Luain faoi seach. Is éard a bheidh i gceist leis an dá chéim ina dhiaidh sin ná dhá shaotharlann den chineál is nua-aimseartha a leagan amach, a thógáil agus a choimisiúnú i gCill Chainnigh agus i Sligeach. Tiocfaidh siad sin in áit na saoráidí faoi bhun caighdeáin atá ann faoi láthair faoi dheireadh na bliana 2022 agus faoi dheireadh na bliana 2024 faoi seach. Tabharfaidh an Roinn acmhainneacht agus saineolas le chéile ansin ina cuid saotharlann i gCorcaigh agus i Luimneach chun "RVL Ollmhór" a bhunú ag láithreán úrnua i dTuaisceart Chontae Chorcaí agus beidh ionaid aistrithe conablach i gCo. an Chláir agus i gCo. Chiarraí. Is éard a bheidh i gceist leis an gcéim deiridh ná go ndéanfar RVL Ollmhór a fhorbairt i mBaile Átha Luain chomh maith le hionad aistrithe conablach a dhéanamh i gCo. Mhaigh Eo. Beidh na RVLanna i gCill Chainnigh agus i Sligeach leagtha amach le freastal ar fhoireann oibre 15 duine. Beidh an RVL Ollmhór i gCo. Chorcaí ábalta freastal ar 45 duine agus beidh ceann Bhaile Átha Luain ábalta freastal ar 25 duine.
Is féidir teacht ar na Tuarascálacha anseo.
CRÍOCH