POF-ainmnithe do ról an Rialálaithe Agraibhia fógartha ag an Aire McConalogue
- Foilsithe: 22 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D, inniu an POF-ainmnithe atá roghnaithe chun feidhmiú mar An Rialálaí Agraibhia, Oifig reachtúil neamhspleách nua a bhunófar go luath.
Tháinig Niamh Lenehan trí phróiseas earcaíochta iomaíoch agus cuirfidh sí tús lena post nua, ar bhonn eatramhach, mar cheannasaí an Údaráis Forfheidhmiúcháin um Thrádchleachtais Éagothroma atá lonnaithe sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Ceapfar Niamh mar POF-ainmnithe an Rialálaithe Agraibhia go foirmiúil nuair a achtófar an Bille um Shlabhra an tSoláthair Talmhaíochta agus Bia, agus ainmneofar í mar POF ar an lá bunaithe.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire:
“Cúis áthais dom a fhógairt go bhfuil Niamh Lenehan ceaptha mar an POF-ainmnithe ar An Rialálaí Agraibhia. Sílim gur duine an-ghairmiúil í Niamh a bhfuil na scileanna agus an taithí aici a chuirfidh ar a cumas a ról mar an gcéad POF ar oifig an Rialálaithe Agraibhia, oifig atá le bunú gan mhoill, a chur i gcrích go cumasach. Is ról ríthábhachtach é seo agus beidh tionchar suntasach aige ar an earnáil agraibhia trí chéile sna blianta beaga amach romhainn. Tá tuiscint mhaith ag Niamh ar an earnáil talmhaíochta agus feirmeoireachta agus d'éirigh go breá léi sna róil rialála agus bheartais a bhí aici roimhe seo ina saol oibre freisin.
"Anois ó tá sí ceaptha, beidh Niamh in ann tús a chur leis an bpróiseas ullmhúcháin chun Oifig an Rialálaithe Agraibhia a chur ar bun roimh achtú an Bhille um Shlabhra an tSoláthair Talmhaíochta agus Bia atá ag dul trí phróiseas reachtach Thithe an Oireachtais faoi láthair. Guím gach rath uirthi ina post nua”.
Rinneadh an ceapachán seo i ndiaidh phróiseas earcaíochta na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí (PAS) a chur i gcrích. Tá neart taithí ag Niamh ar a bheith ag obair san earnáil phoiblí, agus san áireamh sna róil a bhí aici go dtí seo bhí dearbhú cáilíochta agus rialachán sna hearnálacha oideachais agus dócmhainneachta pearsanta.
Foscríbhinn: An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D agus POF-ainmnithe An Rialálaithe Agraibhia, Niamh Lenehan.
Nótaí do na hEagarthóirí:
An Rialálaí Agraibhia
Is Oifig reachtúil neamhspleách nua é An Rialálaí Agraibhia a bheidh ag feidhmiú faoi choimirce na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara. Beidh dhá phríomhfheidhm ag an oifig: feidhm anailíse agus tuairiscithe ar phraghsanna agus ar an margadh, agus feidhm forfheidhmithe rialála a bhaineann le forfheidhmiú trádchleachtas éagothrom toirmiscthe.
Tá an Bille um Shlabhra an tSoláthair Talmhaíochta agus Bia, lena mbunaítear an Oifig nua, ag Céim na Tuarascála i nDáil Éireann faoi láthair.
Déanfar foráil i bhforálacha cumasúcháin an Bhille d'aistriú na freagrachta as feidhmeanna forfheidhmiúcháin Trádchleachtas Éagothrom (TCÉ) ó Údarás Forfheidhmiúcháin TCÉ na Roinne chuig sainchúram An Rialálaithe Agraibhia, a bhfuiltear ag súil leis go dtarlódh sé ar thosach feidhme an Achta.
Foráiltear sa Bhille le haghaidh sásraí a chabhróidh leis an Rialálaí scrúdú a dhéanamh agus moltaí a dhéanamh maidir le haon ghné den slabhra soláthair agraibhia, lena n-áirítear bailiú agus anailís sonraí praghsanna agus margaidh chun trédhearcacht a fheabhsú agus chun déileáil le bearnaí faisnéise sa slabhra soláthair.
Beathaisnéis Achomair - Niamh Lenehan
Is de bhunadh Chontae na Mí í Niamh Lenehan agus is ag obair le Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann a bhí sí go dtí le déanaí, áit a raibh ról gairmiúil aici agus áit a raibh sí freagrach as tionscnaimh a bhain le réimsí beartais agus rialacháin. Roimhe sin bhí róil bhainistíochta á gcomhlíonadh aici le Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI). Bhronn Ollscoil Mhá Nuad céim dochtúra uirthi agus tá cáilíochtaí aici i réimse na hEolaíochta Talmhaíochta freisin (Céim Onóracha Baitsiléara san Eolaíocht Talmhaíochta ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus Céim Máistir ó Ollscoil Stát Kansas, SAM). Chomh maith leis sin, tá teastas gairmiúil sa Rialachas Corparáideach bronnta ag An Foras Riaracháin uirthi.