Ráiteas ón Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, maidir le Cainteanna Mairteola an lae inniu
- Foilsithe: 9 Meán Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 23 Márta 2020
Tá sé ráite ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, TD, inniu go bhfuil díomá air maidir leis an scéal is déanaí i ndáil leis an aighneas mairteola agus mhol sé do na páirtithe a bheith páirteach sna cainteanna ar bhealach dearfach d'fhonn an chonstaic mar atá faoi láthair a shárú:
“Labhair mé le cathaoirleach na gcainteanna mairteola tráthnóna chun tuairisc a fháil ar imeachtaí an lae inniu.
Tá sé curtha in iúl ag MII inniu nach bhfuil sé toilteanach dul i mbun cainteanna fad a leantar de bhacainní a chur ag geataí monarchana. Ina ainneoin sin tá ráite agam le cathaoirleach na gcainteanna a bheith ar fáil do gach páirtí le súil is bunús a shocrú chun na páirtithe a thabhairt ar ais timpeall an bhoird. Táim cinnte de i gcónaí nach bhfuil bealach ar bith eile ann chun na dúshláin shuntasacha don earnáil seo a réiteach ach trí idirbheartaíocht a dhéanamh, agus gur féidir dul chun cinn a dhéanamh ar fhadhbanna móra má ghlacann na páirtithe meon dearfach i leith na gcainteanna.
Is maith a thuigimse an frustrachas atá ar fheirmeoirí i leith choinníollacha an mhargaidh ina bhfuil go leor daoine ag táirgeadh mairteola go mór faoina luach agus níl sé chun leasa duine ar bith ar ndóigh monarchana feola a bheith á ndúnadh. Tá imní orm gurb é an toradh a bheidh ar imeachtaí an lae inniu ná go ndéanfar an staid atá glactha ag na páirtithe go léir a dhaingniú agus go mbeidh an baol níos mó ann go gcuirfear síneadh leis an aighneas thar a bheith díobhálach seo. Tá próiseálaithe agus feirmeoirí ag brath ar a chéile agus braitheann todhchaí na hearnála mairteola ar chaidreamh trádála atá bunaithe ar aitheantas a thabhairt gur mar sin atá.
I ndiaidh casadh le feirmeoirí ó ar fud na tíre atá i mbun agóidíochta agus i ndiaidh dul i gcomhairle le comhghleacaithe i réimsí eile polaitíochta tá sé ríshoiléir go bhfuil an agóid seo casta agus go bhfuil na bealaí cumarsáide míshoiléir. Ar an drochuair, níor cuireadh na gnáthbhealaí cumarsáide a d'fhéadfadh a bheith i gceist le haighnis mar seo i bhfeidhm ar bhealach chomh héifeachtach sin is a d'fhéadfaí faraor sa chás seo. Iarraim ar MII smaoineamh air seo agus gach iarracht a dhéanamh chun gníomhaíocht a sheachaint a d'fhéadfadh tuilleadh damáiste a dhéanamh do chaidrimh san aighneas seo atá achrannach cheana féin.
Ba mhaith liom a iarraidh an athuair ar na páirtithe leasmhara ar fad smaoineamh go cúramach faoin staid atá acu anois, agus céim siar a ghlacadh ó ghníomh a d'fhéadfadh díobháil a dhéanamh don earnáil ar an iomlán, d'fhonn deis a chur ar fáil le dul i mbun cainteanna fiúntacha.”
CRÍOCH