Ráiteas ón Aire Talmhaíochta Bia & Mara Michael Creed TD i ndiaidh dó casadh le Ceannairí Thionscal Iascaireachta na hÉireann ó Eagraíochtaí Táirgíochta agus Próiseála Éisc agus Eagraíochtaí Cois Cladaigh
- Foilsithe: 21 Márta 2019
- An t-eolas is déanaí: 13 Aibreán 2020
Inniu (Déardaoin) chas an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD le ceannairí ó Eagraíochtaí Táirgíochta agus próiseála Éisc agus eagraíochtaí cois cladaigh.
Dúirt an tAire tar éis an chruinnithe:
"Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le hionadaithe Iascaigh na hÉireann as a rannpháirtíocht dhearfach i gcomhairliúchán an lae inniu maidir le cur ar aghaidh An Bhille Iascaigh Mhara 2017, trína bhféachtar leis an socrú seanbhunaithe ‘voisinage’ (comharsanachta) a bhí ann le Tuaisceart Éireann ó na 1960í i leith a athbhunú. Bhí cainteanna an lae inniu mionsonraithe agus tomhaiste.
"Tá sé i gceist agam dul ar aghaidh leis an reachtaíocht seo a rith ar bhonn práinne. Áireofar leis seo leasú faoina gcinnteofar nach mbeidh aon cheist ann faoi a bheith ag caitheamh go fabhrach le soithigh ó Thuaisceart Éireann agus iad ag iascach laistigh den chrios 0-6 mhuirmhíle. Ní thabharfar rochtain ach de réir na dtéarmaí céanna is a bhaineann le soithigh na hÉireann. Le linn na díospóireachta atá le teacht, tá sé i gceist agam labhairt le go leor daoine ar na saincheisteanna tábhachtacha atá ardaithe ag an tionscal lena n-áirítear ábhair imní maidir le rochtain a theorannú do shoithigh Thuaisceart Éireann amháin, agus na gealltanais a fuarthas ó Rialtas na RA maidir le comhlántacht dhlíthiúil an tsocraithe."
CRÍOCH