Ráiteas ar phróiseas 2030

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ar phróiseas 2030

Ráiteas ar phróiseas 2030

Mar Airí, is mian linn an t-aiféala atá orainn faoin gcinneadh a rinne an Colún Comhshaoil chun aistarraingt ón bplé ar an straitéis Agribhia 2030 a chur in iúl. Tá súil mhór againn leis go ndéanfaidh an Colún athmhachnamh ar an gcinneadh sin agus go nglacfaidh siad páirt sa phróiseas mar gheall go gcreidimid go bhfuil ról tábhachtach le glacadh aige sa bheartas seo a fhorbairt.

Glacfaidh Agribhia 2030, faoi chathaoirleacht Tom Arnold, le ról ollmhór chun an treo a ghabhfaidh ár n-earnáil agraibhia inbhuanaithe amach anseo a stiúradh. Sin an fáth go bhfuil sé ríthábhachtach go mbíonn gach páirtí leasmhar bainteach ann.

Tuigimid go bhfuil an próiseas ar siúl faoi láthair, agus go bhfuil roinnt ama ann go fóill chun comhoibriú breise a dhéanamh. Spreagfaimis an dá thaobh é sin a aithint agus a ndícheall a dhéanamh leanúint de bheith páirteach ann.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat