Ráiteas d’Iarratasóirí ar Scéim Próitéine an RTBM

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas d’Iarratasóirí ar Scéim Próitéine an RTBM

Is iad Seiceálacha trí Mhonatóireacht (StM) a thabhairt isteach don Scéim Cúnaimh Próitéine in 2021 an chéad chéim sa Chóras Monatóireachta Limistéir (CML) a chur i bhfeidhm a bheidh éigeantach sa CBT nua. Próiseas uathoibrithe agus leanúnach atá i Seiceálacha trí Mhonatóireacht trína mbaintear úsáid as sonraí Satailíte chomh maith le sonraí ó fhoinsí eile chun an ghníomhaíocht talmhaíochta ar na dáileachtaí talún ar fad atá dearbhaithe ag feirmeoirí faoin Scéim Cúnaimh Próitéine 2021 a dhéanamh amach.

Dá réir, scríobh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chuig na hiarratasóirí go léir ar an Scéim Cúnaimh Próitéine agus tugadh roinnt eolas áisiúil dóibh faoi Sheiceálacha trí Mhonatóireacht (StM) a thabhairt isteach don Scéim Cúnaimh Próitéine in 2021. Cuirfear seimineár gréasáin ar siúl Dé Máirt, an 29 Meitheamh ag 11 am i gcomhthráth leis seo ina mbeidh deis ag iarratasóirí scéime níos mó a fhoghlaim faoin bpróiseas agus an méid a chiallaíonn sé dóibh.

Cruthóidh sonraí agus teicneolaíochtaí satailíte, cosúil le AgriSnap, aip ghrianghraf geochlibeáilte an RTBM a úsáidtear chun Seiceálacha trí Mhonatóireacht a dhéanamh, tairbhí suntasacha d’fheirmeoirí. Mar shampla, éascaíonn StM fógra a thabhairt roimh ré d’iarratasóirí ar an Scéim Cúnaimh Próitéine faoi neamhchomhlíonadh a bhaineann le saghas bairr agus cuireann sé an deis ar fáil don iarratasóir a n-éileamh a leasú dá réir gan pionós a bheith gearrtha orthu.

Tá seimineár gréasáin le cur ar siúl Dé Máirt, an 29 Meitheamh ag 11 am, agus ba cheart d’Iarratasóirí ar an Scéim Próitéine ar spéis leo freastal air clárú ag:

www.register.gotowebinar.com/register/6443957689707477262

Cuirfear taifeadadh den seimineár gréasáin ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne dóibh siúd a mb’fhéidir nach mbeidh ábalta freastal ar an lá.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat