English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas thar ceann an Aire Talmhaíochta, Bia & Mara maidir le Toghchán Uachtaránachta an IFA

Tá comhghairdeas déanta ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Michael Creed T.D. le Tim Cullinan atá tofa ina Uachtarán ar Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann.

Dúirt an tAire maidir leis an toradh, “Comhghairdeas leis an Uachtarán tofa agus lena fhoireann as an bhFeachtas rathúil a bhí acu. Táim ag súil le dul i mbun obair thairbheach leis an gceannaireacht nua san IFA chun dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh fheirmeoirí na hÉireann. Chomh maith leis sin, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do John Coughlan agus Angus Woods a bhí san iomaíocht sa chomórtas seo freisin. Ní raibh mórán ar bith eatarthu sa deireadh.’’

CRÍOCH