Ráitis N & P do 2018 ar fáil anois

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráitis N & P do 2018 ar fáil anois

Tá sé fógartha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go bhfuil ráitis Nítrigine agus Fosfair (Ráitis N & P) a bhaineann le Eanáir go dtí Nollaig 2018 ar fáil anois ar chóras ar-líne na Roinne ag www.agfood.ie. Ní bheidh aon cháipéisíocht a cuireadh faoi bhráid na Roinne faoin 31 Nollaig 2018 curtha san áireamh sna figiúirí seo.

Tá na ráitis seo an-úsáideach d'fheirmeoirí le gur féidir pleanáil don bhliain atá romhainn, agus chun a chinntiú go bhfuiltear ag cloí le teorainneacha na Rialachán Níotráití, trína seachnófar pionóis mar gheall ar na teorainneacha 170 kg Nítrigine an heicteár nó an teorainn dóibh sin a bhfuil maolú faofa 250 kg Nítrigine an heicteár acu a bheith á sárú.

Ba chóir d'fheirmeoirí a sháraigh na teorainneacha nó a bhí ag teannadh leo in 2018 smaoineamh faoi iarratas a dhéanamh ar mhaolú in 2019 faoina bhfreastalaítear ar fheirmeoirí aoileach beostoic a scaipeadh ar ghabháltas (lena n-áirítear aoileach a fhágann na hainmhithe ina ndiaidh) atá imithe thar 170kg N/ha/bliain suas go dtí 250kg N/ha/bliain. Is féidir Iarratas a dhéanamh ar Mhaolú 2019 anois agus is é an 31 Márta 2019 an dáta deiridh.

Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe le agfood.ie sin a dhéanamh trí logáil isteach ar www.agfood.ie agus trí chliceáil ar an gcnaipe 'Cláraigh'.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat