Ráitis N & P do 2020 ar fáil anois
- Foilsithe: 9 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
Tá sé fógartha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go bhfuil ráitis Nítrigine agus Fosfair (Ráitis N & P) Deireadh Bliana a bhaineann le Eanáir go dtí Nollaig 2020 (eallach amháin) ar fáil anois ar chóras ar-líne na Roinne ag www.agfood.ie
Níl cáipéisíocht a cuireadh ar aghaidh chuig an Roinn faoin 31 Nollaig 2020 san áireamh agus déanfar sin a phróiseáil in am trátha.
Tá na ráitis seo an-úsáideach d'fheirmeoirí le gur féidir pleanáil don bhliain atá romhainn, agus chun a chinntiú go bhfuiltear ag cloí le teorainneacha na Rialachán Níotráití, trína seachnófar pionóis mar gheall ar na teorainneacha 170 kg Nítrigine an heicteár nó an teorainn dóibh sin a bhfuil maolú faofa 250 kg Nítrigine an heicteár acu a bheith á sárú.
Ba chóir d'fheirmeoirí a sháraigh na teorainneacha nó a bhí ag teannadh leo in 2020 dul i mbun idirchaidrimh lena gcomhairleoirí agus smaoineamh faoi iarratas a dhéanamh ar mhaolú in 2021, faoina gceadaítear d'fheirmeoirí aoileach beostoic a scaipeadh ar ghabháltas (lena n-áirítear aoileach a fhágann na hainmhithe iad féin ina ndiaidh) suas le 250kg N/ha/bliain. Is féidir Iarratas a dhéanamh ar Mhaolú 2021 anois agus is é an 31 Márta 2021 an dáta deiridh chun sin a dhéanamh.
Is féidir le feirmeoirí atá páirteach i BEAM rochtain a fháil ar a gcuid figiúirí nuashonraithe faoin mBeart Cúnaimh Eisceachtúil ar www.agfood.ie. Tá na figiúirí atá ar fáil cruinn suas go dtí an 31 Nollaig agus is féidir le feirmeoirí an méid den fhigiúr maidir lena sprioc Níotráití a laghdú atá fós le baint amach acu as seo go dtí an spriocdháta an 20 Meitheamh a fheiceáil. Eiseofar litreacha ina sonrófar na figiúirí sin chuig rannpháirtithe BEAM ar fad an tSeachtain seo chugainn.
Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe le agfood.ie sin a dhéanamh trí logáil isteach ar www.agfood.ie agus trí chliceáil ar an gcnaipe 'Cláraigh'. Tá tuilleadh eolais le fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag an nasc seo a leanas:
Tá tuilleadh eolais, lena n-áirítear Téarmaí & Coinníollacha an Mhaolaithe Níotráití, le fáil ar láithreán gréasáin na Roinne anseo: www.gov.ie/en/publication/c9563-rural-environment-sustainability-nitrates/#nitrates-derogation
CRÍOCH