Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráitis N & P go dtí 31ú Deireadh Fómhair 2020 ar fáil anois

Tá sé fógartha ag an Roinn Talmhaíochta Bia, agus Mara go bhfuil ráitis eatramhacha Nítrigine agus Fosfair (Ráitis N & P) don tréimhse ó Mhí Eanáir go Mí Dheireadh Fómhair 2020 ar fáil anois ar chóras ar-líne na Roinne ag https://agfood.agriculture.gov.ie/sso-auth-ui-applicant/#/login

Tá na ráitis seo an-úsáideach d'fheirmeoirí le gur féidir pleanáil don chuid eile den bhliain, ionas gur féidir a chinntiú go bhfuiltear ag cloí le teorainneacha na Rialachán Níotráití, trína seachnófar pionóis mar gheall ar na teorainneacha 170 kg Nítrigine an heicteár nó an teorainn dóibh sin a bhfuil maolú faofa 250 kg Nítrigine an heicteár acu a bheith á sárú.

Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe le agfood.ie sin a dhéanamh trí logáil isteach ar https://agfood.agriculture.gov.ie/sso-auth-ui-applicant/#/loginagus trí chliceáil ar an gcnaipe 'Cláraigh'. Chun uimhir fóin póca a chlárú d’fholáirimh téacs SMS amach anseo téigh chuig https://www.agriculture.gov.ie/contactsupdates/

Críoch

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat