An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Ráitis N & P go dtí an 31 Bealtaine 2019 ar fáil anois
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Tá sé fógartha ag an Roinn Talmhaíochta Bia, agus Mara go bhfuil ráitis eatramhacha Nítrigine agus Fosfair (Ráitis N & P) don tréimhse ó Mhí Eanáir go Mí Bealtaine 2019 ar fáil anois ar chóras ar-líne na Roinne ag www.agfood.ie.
Tá na ráitis seo an-úsáideach d'fheirmeoirí le gur féidir pleanáil don chuid eile den bhliain, ionas gur féidir a chinntiú go bhfuiltear ag cloí le teorainneacha na Rialachán Níotráití, trína seachnófar pionóis mar gheall ar na teorainneacha 170 kg Nítrigine an heicteár nó an teorainn dóibh sin a bhfuil maolú faofa 250 kg Nítrigine an heicteár acu a bheith a sárú.
Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe le agfood.ie sin a dhéanamh trí logáil isteach ar www.agfood.ie agus trí chliceáil ar an gcnaipe 'Cláraigh'. Chun uimhir fón póca a chlárú le haghaidh foláirimh téacs SMS amach anseo téigh chuig www.agriculture.gov.ie/contactsupdates.
CRÍOCH