Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráitis N & P go dtí Meán Fómhair 2019 ar fáil anois

Tá sé fógartha ag an Roinn Talmhaíochta Bia, agus Mara go bhfuil ráitis eatramhacha Nítrigine agus Fosfair (Ráitis N & P) don tréimhse ó Eanáir go Meán Fómhair 2019 ar fáil anois ar chóras ar-líne na Roinne ag www.agfood.ie.

Tá na ráitis seo an-úsáideach d'fheirmeoirí le gur féidir pleanáil don chuid eile den bhliain, ionas gur féidir a chinntiú go bhfuiltear ag cloí le teorainneacha na Rialachán Níotráití, trína seachnófar pionóis mar gheall ar na teorainneacha 170 kg Nítrigine an heicteár nó an teorainn dóibh sin a bhfuil maolú faofa 250 kg Nítrigine an heicteár acu a bheith á sárú.

Meabhraítear d'fheirmeoirí freisin nach mór gach Foirm maidir le Taifid Níotráití do 2019 a chur ar aghaidh chuig an Rannóg Níotráití roimh an 31 Nollaig 2019.

Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe le agfood.ie sin a dhéanamh trí logáil isteach ar www.agfood.ie agus trí chliceáil ar an gcnaipe 'Cláraigh'. Chun uimhir fón póca a chlárú le haghaidh foláirimh téacs SMS amach anseo téigh chuig https://www.agriculture.gov.ie/contactsupdates/ chun teacht ar an bhfoirm cláraithe.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat