English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Réamhaisnéis Nematodirus 2022 na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara


Réamhrá

Gach earrach, cuireann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM), i gcomhar le Met Éireann, COBÁC agus Teagasc, comhairle ar fheirmeoirí maidir le baol an ghalair a thuartar, go háirithe i leith uan, de bharr na cruinnphéiste Nematodirus battus.


An Galar

Is galar seadánach trom é an nematodirosis in uain idir sé agus 12 seachtaine d’aois a éiríonn ionfhabhtaithe trí líon mór larbhaí ionfhabhtacha a ionghabháil ón bhféarach ar fhéarach éillithe. Tá saolré an N. battus, neamhchosúil le saolré gcruinnphéisteanna eile sa mhéid is nach dtarlaíonn gor na huibheacha a chuirtear ar an bhféarach go dtí an bhliain dár gcionn le haghaidh na larbhaí ionfhabhtacha a scaoileadh. Tarlaíonn a leithéid le linn oll-imeacht an ghoir san earrach nuair a éiríonn teocht na cré tar éis tréimhse fhuar. Tarlaíonn an galar go hiondúil i mí Aibreáin, mí Bealtaine agus mí Meitheamh.

I ndiaidh á n-ionghabháil ag na huain, ionraíonn larbhaí an Nematodirus ar chonair na stéige. Aithnítear an buinneach throm, an díhiodráitiú agus cailliúint an mheáchain mar thréithe den ionfhabhtú. I gcásanna ráige, is féidir uain a fheiceáil ag bailiú timpeall ar trachanna uisce mar gheall ar an tart trom a thagann orthu. Ní chuireann an seadán isteach ar chaoirigh fásta.

Sé an bealach is fearr an galar seo a chosc ná trí uain na bliana reatha a choinneáil ó aon fhéarach ar a raibh uain nó laonna óga (is féidir leosan a bheith ina n-iompróirí an ionfhabhtaithe chomh maith) ag innilt an bhliain roimhe sin. Baineann baol ar leith le feirmeacha ar rátaí arda na stocála. D’fhéadfadh go mbeadh uain chúpla, nó uain aonair a bheirtear do chaoraigh ar lag-chumas bleáin i mbaol níos airde ó thaobh an ghalair a fhorbairt agus iad ag tosú ag ithe níos mó féir níos luaithe ina gcuid saol. Má tá féarach glan neamh-innilte ar fáil, ba chóir an tosaíocht a thabhairt ar dtús dá leithéid uan.


Cathain a thuartar go dtarlóidh an galar i mbliana

Ceaptar go mbeidh buaicphointe gor na n-uibheacha Nematodirus i mbliana idir an 6 agus an 18 Aibreán, tráth atá gar don ghnáththréimhse gor na n-uibheacha, toisc go bhfuil meánluachanna Mhárta na bliana 2022 gar do mheánteocht fadtéarmach na cré.

Tarlóidh uas-ghor na n-uibheacha i bhformhór na tíre thart ar an dara agus an tríú seachtain d’Aibreán cé is moite den limistéar ar chósta theas, thiar agus thiar thuaidh na tíre a bheidh níos luaithe agus ceaptar dtarlóidh buaic gor na n-uibheacha sa limistéar sin ag deireadh mí Mhárta agus tús mí Aibreáin.

Féach ar an léarscáil thíos (Fíor 1) chun an t-am a gceaptar go dtarlóidh buaic gor na n-uibheacha Nematodirus ar fhéarach a fheiceáil.


Cathain ar chóir na huain a chóireáil?

Ba cheart cóireáil a chur ar uain i mbaol (sé sin, idir sé agus 12 sheachtain d’aois go hiondúil agus á bhféaradh ar fhéarach éillithe) thart ar dhá sheachtain tar éis bhuaic ghor na n-uibheacha Nematodirus.

Ba cheart machnamh a dhéanamh áfach ar dháileog a thabhairt d'uain níos luaithe ar fheirmeacha ar leith ina dtugtar faoi deara na comharthaí cliniciúla atá ag teacht leis an Nematodirus, toisc go bhfuil na treoirlínte cóireála thuas bunaithe ar bhuaic-thréimhse mheasta gor na n-uibheacha.

Foinse: Met Éireann

Fíor 1. Na dátaí measta i mí Mhárta agus i mí Aibreáin na bliana 2022 nuair a cheaptar go dtarlóidh buaic-ghor na n-uibheacha Nematodirus ar fhéarach


Cén péisteoir ba cheart a úsáid?

Siad na beinsimidasóil (an bá geal) rogha na gcóireála le haghaidh ionfhabhtuithe an Nematodirus agus tá siad éifeachtach i gcoinne céimeanna larbha agus fásta na péiste araon. Cabhróidh úsáid an chineáil frith-heilmintigh seo mar rogha na cóireála céadrogha freisin le nochtadh na bpéisteanna eile ar nós an Trichostrongylus agus an Teladorsagia de chineálacha eile frith-heilmintigh (m.sh. lachtóin mhacra-thimthriallacha) a laghdú ag an am díreach i séasúr an fhéaraigh nuair nach bhfuil gá le cóireáil a dhéanamh dóibh siúd. Cabhróidh a leithéid le héifeachtúlacht na ndrugaí seo a choinneáil agus tá sé thar a bheith tábhachtach ar fheirmeacha a bhfuil fadhbanna acu cheana féin maidir le frithsheasmhacht in aghaidh na mbeinsimidasól i líónta cruinnphéisteanna coitianta an bhoilg/na stéige.

Níl aon bhá ann le gníomhaíocht iarmharach éifeachtach i gcoinne an Nematodirus. Ciallaíonn sé seo, de réir mar a leanann na huain ag innilt, gur féidir á n-ath-ionfhabhtú leis na larbhaí agus, dá dheasca, gur féidir go dteastódh á gcóireáil arís agus arís eile leis na péisteoirí céanna nó cosúla ag eatraimh dhá nó trí sheachtain ar feadh an earraigh.


An Nematodirus agus an choccidióis in uain

Ba cheart cuimhneamh freisin gur féidir le seadáin eile a bheith mar chúis buinnigh d'uain óga a dteastaíonn bearta rialaithe agus cógais éagsúla uathu. Is féidir glacadh leis go mícheart gurb é an Nematodirus is cúis le buinneach thromchúiseach in uan nuair is ionfhabhtú coccidióiseach an chúis i ndáiríre. Cabhraíonn uainíocht an fhéaraigh agus gluaiseacht rialta na dtrachanna beathaithe agus na n-ionad uisce go dtí achair níos tirime leis an gcoccidióis a chosc in uain óga mar cruthaíonn an scalladh áitiúil coinníollacha an tais a oireann do scaipeadh an choccidia. Cabhróidh ardú na dtrachanna beathaithe freisin leis an éilliú faecach a laghdú agus, dá bharr, tarchur na coccidióise. I gcásanna áirithe, is féidir leis an Nematodirosis agus an choccidióis a tharlú le chéile, rud a fhágann galar tromchúiseach mar thoradh air.


Comhairle tréidliachta agus áiseanna diagnóiseacha saotharlainne

Ba chóir dul i gcomhairle le cleachtóir tréidliachta príobháideach chun diagnóis chruinn a fháil agus comhairle a fháil maidir leis an gcógais cuí nuair a bhreathnaítear uain a bhfuil buinneach throm orthu agus a mbíonn brú orthu. Is fíor a leithéid go háirithe nuair is beag feabhas, nó feabhas ar bith ata tar éis teacht ó chéad cóireáil na péisteoireachta. Toisc gur féidir an Nematodirosis agus an choccidióis a tharlú ag an am céanna, d'fhéadfadh go mbeadh gá le cóireáil atá dhírithe ar an dá phataigin.

Moltar aon uan a fhaigheann bás gan choinne a tharchur chuig cleachtóir tréidliachta príobháideach nó chuig saotharlann tréidliachta réigiúnach le haghaidh scrúdú iarbháis mar gur féidir leo bás a fháil ó N. battus sula dtagann aon chomharthaí cliniciúla chun solais.

Siad céimeanna an larbha is cúis le héifeachtaí pataigineacha an tseadáin seo. Mar sin, ní chuireann comhaireamh na n-uibheacha faecacha amháin bonn iontaofa ar fáil i leith cinniú a dhéanamh maidir le cathain is cóir an t-uan a chóireáil.