Rabhadh tugtha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara maidir le talamh a dhó go mídhleathach
- Foilsithe: 1 Márta 2019
- An t-eolas is déanaí: 13 Aibreán 2020
Tá rabhadh láidir tugtha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara d'fheirmeoirí agus a gcuid comhairleoirí maidir le talamh talmhaíochta agus talamh atá incháilithe d'fhoraoiseacht incháilithe a dhó go mídhleathach le linn an tséasúir choiscthe i.e. ón 1 Márta go dtí an 31 Lúnasa.
Má dhónn tú talamh i ndiaidh an 1 Márta:
- d'fhéadfaí tú a ionchúiseamh
- ní bheidh talamh dá leithéid incháilithe d'íocaíocht faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí ná scéimeanna eile limistéarbhunaithe
- trí thalamh atá dóite go mídhleathach a chur san áireamh san iarratas ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí 2019, d'fhéadfadh íocaíocht laghdaithe agus pionóis a bheith mar thoradh air faoin scéim seo agus faoi scéimeanna eile limistéarbhunaithe, e.g. Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí
- chomh maith leis sin, d'fhéadfadh talamh do chomharsan a bheith neamh-incháilithe ar íocaíocht trí thalamh a dhó go mídhleathach
- nuair a aithnítear gur dódh tailte le linn an tséasúir choiscthe, d'fhéadfadh oifigigh na Roinne talamh dá leithéid a scrúdú
Ba chóir d'fheirmeoirí agus don phobal i gcoitinne, cibé más ag obair nó ag baint sult as an tuath atá siad, a bheith aireach ar an díobháil is féidir a dhéanamh trí thalamh a dhó, go háirithe mar gheall ar an aimsir thirim atá ann faoi láthair.
Tá comhairle tugtha ag an Roinn freisin go bhfuil Fógra Leibhéal Buí i dtaobh Dainséar ó Thinte Foraoise eisithe ag an DAFM. Ciallaíonn rabhadh den leibhéal seo gur gá tuiscint níos mó a bheith ag gach duine a bhaineann leas as an taobh tíre ar an mbaol a bhaineann le tinte. Beidh an coinníoll seo ar an stádas réamhshocraithe is ísle ach amháin sa chás go ndéanann an DAFM an stádas a uasghrádú. Leanfaimid d'eolas nuashonraithe a chur amach maidir leis an mbaol atá ann agus na bearta maolaithe is féidir a ghlacadh. Comhairlítear d'úinéirí agus do bhainisteoirí foraoise a gcuid pleananna dóiteáin agus teagmhais ábhartha eile ar nós árachas, toitbhearnaí, rochtain agus pointí uisce, héileacaptair etc. a sheiceáil agus a thabhairt chun dáta.
Iarrann an Roinn ar gach duine a bhaineann leas as an tuath a bheith airdeallach, aon ghníomhaíocht amhrasach a thuairisciú don Gharda Síochána agus aon tine atá imithe ó smacht nó nach bhfuiltear ag faire uirthi a chur in iúl láithreach do na seirbhísí Éigeandála agus Dóiteáin via an tseirbhís 112/999.
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí:
Leis na hAchtanna um Fhiadhúlra a dhéantar dó fásra a rialú. Is cion é faoi Alt 40 den Acht um Fhiadhúlra, 1976 (arna leasú le hAlt 46 den Acht um Fhiadhúlra, 2000) aon fhásra ar thalamh nach bhfuil saothraithe a dhó ón 1ú Márta go dtí 31ú Lúnasa in aon bhliain. Tá duine a mbéarfar air ag dó fásra laistigh den tréimhse choiscthe sin faoi réir ionchúiseamh ag an nGarda Síochána nó ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS). Níl aon ról ag an DAFM maidir le hionchúisimh.
Ní bheidh aon talamh a dhéantar a dhó go mídhleathach incháilithe d'íocaíocht faoi na scéimeanna limistéarbhunaithe.
Ní mór d'iarratasóirí faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí agus faoi scéimeanna eile limistéarbhunaithe cloí le Traschomhlíonadh, ina n-áirítear ceanglais maidir le fásra a dhó agus an díobháil a dhéantar do thalamh ainmnithe mar gheall air. Féadtar pionós a ghearradh ar íocaíochtaí atá dlite faoi na scéimeanna seo nuair a aithnítear iarratasóir a bheith ag sárú na gceanglas seo mar thoradh ar scrúdú a bheith déanta nó Trasthuairisc a bheith faighte ón NPWS.
Meastar talamh a aithnítear a bheith dóite le linn an tséasúir choiscthe sonraithe a bheith neamh-incháilithe go huathoibríoch do na scéimeanna tacaíochta éagsúla.
Chomh maith leis sin déanfar fógra a eisiúint ar theachtaireacht téacs chuig feirmeoirí maidir leis an méid thuas
Is féidir teacht ar an leibhéal rabhaidh i leith tinte foraoise de chuid an DAFM ag www.agriculture.gov.ie/forestservice/firemanagement.