Meabhrúchán maidir le teorainn amhphróitéine i mbia comhchruinnithe

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Meabhrúchán maidir le teorainn amhphróitéine i mbia comhchruinnithe

Mar fhreagairt ar na coinníollacha aimsire le déanaí, agus ar an moill ar scaoileadh iomlán beostoic amach i go leor codanna den tír, is mian leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara meabhrú a thabhairt d’fheirmeoirí, dá gcomhairleoirí agus do mhuilte beatha maidir leis an solúbthacht atá ann i ndáil leis an teorainn 14% amhphróitéine i mbia comhchruinnithe atá infheidhme ón 15 Aibreán go dtí an 30 Meán Fómhair, mar atá leagtha amach sna Rialacháin um Dhea-Chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint (IR Uimh. 588/2025, arna leasú).

Tá an beart seo i bhfeidhm chun barrachais nítrigine a laghdú le linn phríomhshéasúr an fhéaraigh nuair a chuireann féar ardchaighdeáin dóthain amhphróitéine ar fáil d’eallach fásta. Mar sin féin, aithníonn an Roinn an tábhacht phríomhúil a bhaineann le haiste bia chothrom a sholáthar d’ainmhithe de réir a gcoinníollacha.

Baineann an ceanglas chun amhphróitéin i mbia comhchruinnithe a theorannú go huasmhéid 14% ar bhonn “mar a bheathaítear” ón 15 Aibreán go dtí an 30 Meán Fómhair le gach feirmeoir a bheathaíonn bia comhchruinnithe do bha déiríochta agus d’eallach eile atá os cionn dhá bhliain d’aois ar fhéar. Ó thaobh cur chun feidhme praiticiúil de, déantar measúnú ar chomhlíonadh agus aird á tabhairt ar an dáta ar ceannaíodh an bia comhchruinnithe.

Is mian leis an Roinn a mheabhrú nach bhfuil feidhm ag an gceanglas i gcás nach mbíonn eallach amuigh faoin aer ar fhéar go lánaimseartha.

Fiú i gcásanna ina mbíonn eallach ar fhéar go lánaimseartha, cheadaigh an Roinn i gcónaí, agus leanfaidh sí de chead a thabhairt, do chásanna ina bhfuil leibhéal níos airde amhphróitéine de dhíth i mbia comhchruinnithe chun leas ainmhithe a chothabháil nó chun freastal ar riachtanais chothaitheacha an ainmhí. Sa chás sin, leanann an Roinn de ghlacadh le dearbhú i scríbhinn ón soláthraí beatha, ó chothaitheoir athchogantach aitheanta nó ó chomhairleoir creidiúnaithe de chuid na Seirbhíse Comhairle Talmhaíochta á rá go bhfuil leibhéal níos airde amhphróitéine de dhíth.

Ba cheart i dtaifid ar bheatha cheannaithe na cainníochtaí agus na cineálacha bia comhchruinnithe, lena n-áirítear an cion amhphróitéine, a tugadh do bheostoc ar an ngabháltas, a chur san áireamh. Faoi IR Uimh. 588/2025, arna leasú, ba cheart na taifid seo a choinneáil ar feadh 5 bliana agus iad a chur ar fáil lena n-iniúchadh más gá.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat