Meabhrúchán a bheith cúramach agus gunnaí dáileoige á n-úsáid chun díobháil d'ainmhithe a chosc
- Foilsithe: 8 Lúnasa 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Lúnasa 2025
Cuireann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i gcuimhne d’fheirmeoirí agus dóibh siúd go léir a oibríonn le hainmhithe a bheith ar an eolas faoin mbaol gortuithe tromchúiseacha agus fiú báis ainmhithe de bharr gunnaí dáileoige nuair a úsáidtear iad go mícheart.
Nuair a ligeann tú eallach amach chun féar a ithe, bíodh a fhios agat go bhféadfadh gunnaí dáileoige díobháil thromchúiseach a dhéanamh dóibh, go háirithe le linn bólais a riaradh.
Is féidir gortuithe don bhéal, don scornach agus don éasafagas tarlú nuair a úsáidtear trealamh mícheart nó i gcás nach bhfuil srian ceart ar ainmhithe.
Tá méadú tagtha ar líon na gcásanna a bhaineann le méid bólais míchuí agus úsáid gunnaí dáileoige mí-oiriúnacha le feiceáil i Saotharlanna Tréidliachta Réigiúnacha na Roinne.
Aithnítear rioscaí comhchosúla gach bliain freisin, i gcaoraigh agus in uain. Tá baint ag úsáid mhícheart gunnaí dáileoige—go háirithe i measc uain óga—le gortuithe trámacha éasafagas, ceallalúitíteas, agus deacrachtaí marfacha (seipticéime/baictéiréime, fuiliú marfach).
Tá srianadh cúramach agus trealamh de mhéid ceart chomh riachtanach i gcaoirigh agus atá i n-eallach.
Tá roinnt cásanna le déanaí ann freisin de ghortuithe trámacha tromchúiseacha i ndáil le huain a bhfuil baint acu le húsáid clibeanna intraruminal. Tá na clibeanna seo dronuilleogach agus i bhfad níos mó ná bólais mianraí tipiciúla agus tá baint acu le damáiste fíocháin agus torthaí marfacha nuair a úsáidtear go míchuí iad.
Chun d’ainmhithe a chosaint:
- Bain úsáid as an méid ceart bólais i dtaobh meáchan agus aois an ainmhí
- Bain úsáid as an gunna dáileoige comhoiriúnach a sholáthraítear leis an táirge i gcónaí
- Srian ainmhithe i gceart chun gluaiseachtaí tobann cinn a sheachaint
- Ná úsáid fórsa i dtaobh bólas agus ná bain úsáid as brú iomarcach. Bí séimh!
- Má tá amhras ort, lorg comhairle tréidliachta
Is féidir le cúpla nóiméad breise a chaitheamh ag úsáid na n-uirlisí cearta damáiste nó anacair fhadtéarmach a chosc do d’ainmhithe—agus cóireáil nó caillteanais chostasaí a sheachaint.
Coinnigh d’ainmhithe slán an séasúr seo agus tabhair aire dóibh.