Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Meabhrúchán chun gluaiseachtaí cothaithigh orgánacha a fhíorú

Is mian leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara feirmeoirí a cuir i gcuimhne faoi na spriocdhátaí tábhachtacha chun gluaiseachtaí múirín orgánach idir feirmeacha a fhíorú.

  • Caithfidh an t-allmhaireoir na gluaiseachtaí cothaithigh orgánacha a tharla idir 01 Eanáir agus 30 Meitheamh 2025 a fhíorú roimh 23:59 ar an 14 Iúil 2025
  • Caithfidh an t-allmhaireoir na gluaiseachtaí cothaithigh orgánacha a tharlaíonn idir 01 Iúil agus 31 Nollaig 2025 a fhíorú faoi 14 Eanáir 2026

Mar a leagadh amach cheana, caithfear gluaiseachtaí cothaithigh orgánacha a thaifeadadh ag an onnmhaireoir laistigh de 4 lá, agus caithfidh an t-allmhaireoir iad a fhíorú de réir na ndátaí cuí thuas.

Seachas líon beag cásanna le cúis mhaith (m.sh. fórsa majeure), ní mór dearbhú agus fíorú na ngluaiseachtaí seo a dhéanamh ar líne. Is féidir é seo a dhéanamh trí cheann díobh seo a leanas:

  1. Roinn Nítrigin agus Fosfair ar chuntas www.agfood.ie, nó
  2. Aip Organic Nutrient Movement na Roinne.

I gcomparáid le www.agfood.ie, cuireann an Aip Organic Movement feidhmeanna breise ar fáil d’úsáideoirí. Áirítear leis seo gnéithe áirithe a líonadh go huathoibríoch bunaithe ar shonraí gluaiseachta roimhe seo agus marcóirí soiléire a sholáthar do ghluaiseachtaí neamhfhíoraithe i gcoinne uimhreacha tréada an onnmhaireora agus an allmhaireora.

Tá lámhleabhar úsáideora don aip agus treoir bhreise maidir le dearbhú agus fíorú gluaiseachtaí cothaithigh orgánacha ar fáil ag www.gov.ie/nitrates/nitrates.

Is mian leis an Roinn freisin cuir i gcuimhne do fheirmeoirí atá ag onnmhairiú múirín orgánach óna sealbhú go gcaithfidh siad dearbhú a dhéanamh faoin ngluaiseacht leis an Roinn laistigh de 4 lá ón uair a tharlaíonn an ghluaiseacht. Tá an riachtanas seo i bhfeidhm ón tús go dtí 2025.

Má tá aon deacrachtaí ag feirmeoirí maidir le dearbhú nó fíorú ar ghluaiseachtaí cothaithigh orgánacha, ba cheart dóibh dul i dteagmháil le nitrates@agriculture.gov.ie nó glaoch ar 053 9163425 roimh an 14 Iúil. Tabharfaidh an Roinn cúnamh ina dhiaidh sin.

Nótaí d’Eagarthóirí

Tá an aip ar fáil le híoslódáil freisin ag:https://nitrates-exports-ui.apps.services.agriculture.gov.ie

Níl sí ar fáil san App Store mar cruthaíodh í ag úsáid creatlach darb ainm Progressive Web Application (PWA).

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat