Rinne an tAire McConalogue seimineár ar Lao Déiríochta go Mairteoil agus seoladh comhairliúcháin ar an bPlean Gníomhaíochta a fhógairt
- Foilsithe: 17 Eanáir 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Teagasc, ICBF agus Bord Bia a d'eagraigh an t-imeacht
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., go mbeidh seimineár ardleibhéil ar siúl an Déardaoin beag seo, an 18 Eanáir, d'fhonn aird a tharraingt ar an bhféidearthacht a bhaineann le córais um Lao Déiríochta go mairteoil a bheith mar rogha d'fheirmeoirí. Beidh an t-imeacht ar siúl i bPort Laoise agus tá sé á eagrú i gcomhpháirt le Teagasc, ICBF agus Bord Bia, mar chuid de chur i bhfeidhm na ngníomhaíochtaí a chomhaontaigh páirtithe leasmhara i bhFís don Bhia 2030 chun córais um mairteoil laonna déiríochta a fhorbairt agus chun cúnamh a thabhairt dóibh.
Osclóidh an tAire McConalogue an seimineár atá dírithe ar phríomhpháirtithe leasmhara in earnálacha na mairteola agus na déiríochta. Ina theannta sin, seolfar comhairliúchán ar Dhréachtphlean Gníomhaíochta chun cúnamh a thabhairt do chórais um mairteoil laonna déiríochta ar fheirmeacha.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Is iarracht chomhoibríoch é an seimineár seo idir mo Roinn, Teagasc, Bord Bia agus ICBF. Táimid ag teacht i gcomhar le páirtithe leasmhara chun plé a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo maidir le forbairt na gcóras um lao déiríochta go mairteoil agus chun cur leis an gcomhoibriú d'fhonn rogha brabúsach agus inbhuanaithe a dhéanamh de chórais um lao déiríochta go mairteoil d'fheirmeoirí. Tá sé tábhachtach go dtuigfear acmhainneacht na gcóras seo go hiomlán roimh an séasúr pórúcháin atá le teacht.”
Mar chuid den seimineár beidh dhá dhíospóireacht phainéil ann, ag a mbeidh feirmeoirí i mbun plé ar ghníomhaíochtaí ag leibhéal na feirme agus beidh gníomhaireachtaí agus ionadaithe tionscail i mbun plé ar an méid is féidir leo a dhéanamh chun cabhrú le feirmeoirí sa réimse seo. Cuirfear deireadh leis nuair a sheolfar comhairliúchán ar Dhréachtphlean Gníomhaíochta maidir le cúnamh a chur ar fáil do chórais um Lao Déiríochta go Mairteoil in Éirinn.
Lean an tAire McConalogue ar aghaidh,
“Táim an-tiomanta i gcónaí d'earnáil na laofheola, mar is léir ón maoiniú breise a cuireadh ar fáil i mBuiséad 2024 atá dírithe ar an earnáil chomh maith leis na tacaíochtaí suntasacha atá i bhfeidhm cheana féin ón CSP. Tá an tionscnamh seo deartha chun teacht leis an tacaíocht sin chun a chinntiú go mbíonn an oiread roghanna agus is féidir ag feirmeoirí beostoic, agus go leanfaidh siad de bheith ag forbairt ar bhealach inbhuanaithe. Is féidir agus ba chóir go n-oibreoidh sé d'earnálacha déiríochta agus mairteola araon agus táimid ag iarraidh tuairimí ón dá earnáil a chloisteáil. Ba cheart do pháirtithe leasmhara a chinntiú go gcloistear a gcuid tuairimí trí rannpháirtíocht ghníomhach sa seimineár agus sa phróiseas comhairliúcháin.”
Dúirt an tOllamh Frank O Mara, Stiúrthóir Teagasc:
“Tá gá le comhtháthú níos fearr idir feirmeoirí déiríochta agus mairteola chun cur leis an bhforbairt ar chórais rathúla um lao déiríochta go mairteoil. Leis an bplean gníomhaíochta deich bpointe seo, atá á ullmhú i gcomhairle leis na hearnálacha déiríochta agus mairteola, cuirfear ar shúile na bhfeirmeoirí déiríochta an tábhacht a bhaineann le cáilíocht fheabhsuithe stoic a phórú, trí úsáid a bhaint as seamhan inscne-aitheanta agus as innéacs mairteola déiríochta (DBI) chomh maith le feirmeoirí mairteola a fhaigheann laonna bunaithe ar an Luach Mairteola Tráchtála (CBV). Cuireann ár n-imeachtaí um Chúram Laonna, atá ar siúl faoi láthair le AHI, le próiseálaithe Déiríochta agus le DairyBeef 500, béim ar an ngá atá le gruth buí leordhóthanach a fháil ó gach lao a rugadh ar fheirmeacha, chun stoc sláintiúil a chinntiú le haghaidh tuilleadh tógála.”
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí
Seo a leanas clár an imeachta:
Am | Mír |
14:30 | An tAitheasc Tosaigh: Liam Herlihy, Cathaoirleach Údarás Teagasc |
14:35 | Aitheasc an Aire: Charlie McConalogue T.D., An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara |
14:50 | Príomhtheicneolaíochtaí chun táirgeadh na Mairteola Déiríochta ar bhonn inbhuanaithe ardbhrabúsach a sholáthar: Nicky Byrne, Taighdeoir, Teagasc |
15:10 | Díospóireacht Phainéil 1: Lao Déiríochta go Mairteoil a sheachadadh ag Leibhéal na Feirme |
Modhnóir: An tOllamh Karina Pierce, UCD | |
Nicky Byrne, Taighdeoir, Teagasc | |
Tom Fennelly, Feirmeoir Déiríochta | |
Aidan Maguire, Feirmeoir Mairteola Déiríochta | |
James O Sullivan, Feirmeoir Mairteola Déiríochta | |
15:35 | Díospóireacht Phainéil 2: Cúnamh do Mhairteoil Déiríochta |
Modhnóir: An tOllamh Karina Pierce, UCD | |
An tOllamh Frank O'Mara, Stiúrthóir Teagasc | |
An Dr Margaret Kelleher, Géineolaí Cainníochtúil, ICBF | |
An tUasal Jim O'Toole, Príomhfheidhmeannach Bord Bia; | |
An Dr Doreen Corridan, Príomhfheidhmeannach an Ionaid Náisiúnta um Pórúchán Eallaigh Teoranta (National Cattle Breeding Centre Limited) | |
An tUasal Philip Carroll, Cathaoirleach Thionscal Feola Éireann | |
An tUasal Pat Sheahan, Cathaoirleach Thionscal Déiríochta Éireann | |
16:25 | Dúnadh: Brendan Gleeson, Ard-Rúnaí, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara |