English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Roghanna maidir le Bandáil Níotráite d'fheirmeoirí déiríochta fógartha ag an Aire McConalogue

  • D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, gur féidir le feirmeoirí
  • Déiríochta eolas a chur ar fáil anois chun an banda eisfheartha nítrigine dá mba déiríochta in 2023 a dheimhniú. Lena chois sin, dheimhnigh an tAire go bhfuil trí rogha ar fáil d'fheirmeoirí chun a meánráta le haghaidh 2023 a chinneadh.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue,

“Tuigim gur ceanglas breise nua agus suntasach é bandáil d'fheirmeoirí déiríochta. Cuid riachtanach ba ea an ceanglas seo, áfach, dár gClár Gníomhaíochta Níotráite agus de Mhaolú Níotráite ag leibhéal AE. Bhí mé ag iarraidh go mbeadh an próiseas nua chomh solúbtha agus ab fhéidir agus is féidir liom trí rogha don bhliain 2023 a dheimhniú.”

Tá trí rogha ag feirmeoir chun cinneadh a dhéanamh maidir le meántáirgeacht bainne a t(h)réada chun a b(h)anda le haghaidh 2023 a dheimhniú:

1. Roghnaigh an meán rollach le haghaidh na dtrí bliana roimhe sin (2020, 2021, 2022), nó

2. Roghnaigh an bhliain roimhe is déanaí (2022), nó

3. Roghnaigh meántáirgeacht bainne 2023 an tréada (ar fáil díreach le haghaidh 2013)

Anois is féidir le feirmeoirí déiríochta úsáid a bhaint as suíomh gréasáin Irish Cattle Breeding Federation (ICBF) chun an rogha is mian leo le haghaidh 2023 a roghnú mar aon lena mbanda gaolmhar. Tá cead ag gach feirmeoir déiríochta tairseach ICBF a úsáid.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire freisin,

“Molaim do gach feirmeoir déiríochta, agus más gá, dá gcomhairleoirí, tairbhe a bhaint as tairseach ICBF a luaithe agus is féidir. Cuirfidh sé seo ar a gcumas a gcatagóir bhandála le haghaidh 2023 a dheimhniú agus plean a dhéanamh chun a f(h)eirm a bhainistiú dá réir d'fhonn comhlíonadh leis na Rialacháin Níotráite a chinntiú, lena n-áirítear, más cuí, na teorainneacha ráta stocála atá sonraithe faoin Maolú Níotráite.”

Níor thoiligh líon beag feirmeoirí déiríochta cead a thabhairt dá gceannaitheoir bainne a gcuid sonraí a roinnt le ICBF. Beidh toiliú ag teastáil ionas gur féidir leo fiafraigh dá gceannaitheoir bainne ráiteas ceannaitheora Bainne a chomhlánú agus eolas tacaíochta a chur ar fáil don Roinn ionas gur féidir banda ráta eisfheartha a dtréada a dheimhniú.

I láthair na huaire, tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag scríobh chuig gach feirmeoir déiríochta maidir le bandáil. Táthar ag fiafraí díobh eolas a chur ar fáil chun a mbanda ráta eisfheartha le haghaidh 2023 dá dtréad a chur ar fáil faoin 16 Márta 2023.

Mar fhocal scoir dúirt an tAire an méid seo a leanas,

“Tá tábhacht le cosaint agus feabhsú cháilíocht uisce na hÉireann chomh fada is a bhaineann le huaillmhian ár dtionscail agus chun Maolú Níotráite na hÉireann a chothabháil amach anseo. Chomh maith leis sin, is mian liom oibriú le feirmeoirí chun an t-athrú seo a éascú ar bhealach atá chomh praiticiúil agus is féidir agus tá obair curtha i gcrích agam le mo chomhghleacaí, an tAire Darragh O’Brien, chun tacú leis an athrú seo.”


Nótaí do na hEagarthóirí

Go dtí deireadh 2022 glacadh leis go raibh gach bó déiríochta in Éirinn ag táirgeadh 89kg de nítrigin aolaigh bheostoic don bhó sa bhliain. Is léir ó thaighde eolaíochta, áfach, go bhfuil táirgeacht bainne méadaithe mar bhonn le ráta eisfheartha cothaithigh na bó déiríochta a mhéadú freisin. Tá an taighde seo curtha san áireamh i mbandáil rátaí eisfheartha na bó déiríochta agus beidh an bhandáil in úsáid ag gach feirmeoir déiríochta in Éirinn chun an t-ualach cothaitheach uasta ar fheirmeacha a chothromú.

Ó 2023 ar aghaidh, sannfar gach tréad ba bainne chuig ceann den trí bhanda gach bliain bunaithe ar mheántáirgeacht bainne bhliantúil bainne le haghaidh gach bó mar seo a leanas:

Banda

Meán an Tréada Táirgeacht Bainne Ráta Eisfheartha Nítrigine (kg/bó/bliain)
1 <=4,500kg 80
2 4,501-6,500 kg 92
3 >6,500kg 106

Tá tuilleadh eolais maidir le bandáil, lena n-áirítear freagraí ar cheisteanna coitianta, le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne freisin anseo.