Síneadh ama á fhógairt ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar an dáta deiridh do Scéim Íocaíochta Eisceachtúla na Gairneoireachta (SÍEG)
- Foilsithe: 16 Meitheamh 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá síneadh gairid ar Scéim Íocaíochta Eisceachtúla na Gairneoireachta (SÍEG) fógartha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara inniu. Dúnfar an Scéim anois ag meán oíche Dé hAoine, an 24 Meitheamh 2022. Bhí sé le dúnadh ag meán oíche Dé hAoine seo chaite, an 17 Meitheamh.
Cuirfidh an SÍEG, a osclaíodh níos luaithe an mhí seo, tacaíocht ar fáil i bhfoirm íocaíochta aonuaire do shaothróirí in earnáil gairneoireachta ríthábhachtach na hÉireann.
I measc na bhfo-earnálacha is mó i mbaol agus a áirítear faoin Scéim seo, tá saothróirí tráchtála in earnáil na mbarraí ard-sreang tithe gloine, earnáil glasraí na páirce, earnail na muisiriún agus earnáil na n- úll. Dearadh í d'fhonn slándáil ghearrthéarmach agus, dá bharr, inmharthanacht fhadtéarmach na n-earnálacha sin a chinntiú.
Maoinítear an beart tacaíochta ar fiú €2.8 milliún é ón leithdháileadh de chuid na hÉireann,, mar a d’fhógair an Coimisiún Eorpach ar an 23 Márta, i leith an chúnaimh coigeartaithe eisceachtúil do na táirgeoirí in earnálacha na talmhaíochta a ndeachaigh ionradh mídhleathach na Rúise ar an Úcráin i bhfeidhm orthu.
Meabhraítear d'iarratasóirí eolas a chur ar Théarmaí agus Coinníollacha na Scéime agus ar na Ceisteanna Coitianta a fhreagraíonn na ceisteanna is coitianta atá ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne.. Ba cheart na foirmeacha iarratais críochaithe agus na doiciméid tacaíochta a mbaineann leo a sheoladh trí rPhost chuig heps@agriculture.gov.ie faoi mheán oíche Dé hAoine, an 24 Meitheamh 2022.
Le tabhairt faoi deara ag Eagraitheoirí:
Eligibility criteria and other details are laid out in the term and conditions of the scheme.
Déanfar na híocaíochtaí leis an saothróirí incháilithe faoin 30 Meán Fómhair 2022.
Ba cheart aon cheist a baineann leis an Scéim a dhíriú chuig::
- Guthán: 01 5058886
- rPhost: heps@agriculture.gov.ie