English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Síneadh ar chomhairliúchán poiblí ar chosc ar chianrialtáin láimhe do choiléir turrainge leictreonacha cat & madra

Tá síneadh trí seachtaine fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., leis an gcomhairliúchán poiblí ar an gceist ar cheart cosc a chur ar choiléir turrainge leictreonacha a oibrítear le cianrialtáin láimhe a úsáid ar mhadraí agus cait in Éirinn. Tá cosc ar na coiléir seo a úsáid ar mhadraí agus ar chait i roinnt tíortha Eorpacha ar fhorais leasa ainmhithe. Tá an cheist i dtaobh ar cheart cosc a chur ar a n-úsáid ar mhadraí agus ar chait in Éirinn á breithniú ag an gComhairle Chomhairleach um Leas Ainmhithe Comhpháirteacha, a thugann comhairle don Aire ar na hábhair sin.

Ní bhaineann an comhairliúchán seo ach le húsáid choiléar turrainge leictreonacha ar mhadraí agus ar chait a oibríonn le cianrialtán láimhe. Ní bhaineann sé le húsáid coiléar atá mar chuid de chóras fál/srianta chun dul ar seachrán nó coiléar frith-tafann a chosc. Is féidir aighneachtaí a chur isteach trí ríomhphost chuig animalwelfare@agriculture.gov.ie Tá síneadh ama trí seachtaine ón dáta bunaidh, an 26 Eanáir go dtí an 16 Feabhra 2024, leis an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí.

Nótaí d’Eagarthóirí:

Tá sonraí faoi seo foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne: gov.ie - Animal Welfare (www.gov.ie)gov.ie - Animal Welfare (www.gov.ie)