Scéim Dreasacht na Curaíochta agus Scéim na mBarraí Próitéine/Meascán Gránaigh ar oscail d'iarratais anois
- Foilsithe: 27 Meitheamh 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go bhfuil an córas iarratais ar líne le haghaidh Scéim Dreasacht na Curaíochta agus Scéim na mBarraí Meascán Próitéine/Arbhair ar oscailt anois le haghaidh iarratas a ghlacadh. Is féidir le feirmeoirí ar mian leo cur isteach ar an scéim a leithéid a dhéanamh iad féin nó trína gcomhairleoir suas go dtí an 20 Iúil 2022 trí logáil isteach ar Chóras na gCúnamh Eisceachtúil ag www.agfood.ie.
Tá na litreacha á n-eisiúint faoi láthair chuig iarratasóirí incháilithe atá bunaithe ar na barraí a ndearbhaíodh ar a gcuid iarratas ar an Scéim Buníocaíochta 2022 (SBÍ). Siad na barraí a dearbhaíodh ar an iarratas SBÍ 2022 an bonn le dul isteach sna scéimeanna seo agus le haghaidh aon íocaíochtaí a fháil amach anseo faoi na scéimeanna. Ní mór d’iarratasóirí cur isteach ar na Scéimeanna ag www.agfood.ie lena bheith incháilithe d'aon íocaíocht faoi na Scéimeanna.
TTá sé mar aidhm ag Scéim Dreasacht na Curaíochta agus ag Scéim na mBarraí Meascán Próitéine/Arbhair feirmeoirí a spreagadh le haghaidh tuilleadh barra curaíochta agus próitéine a fhás chun an spleáchas ar ábhar beatha allmhairithe a laghdú. Siad rátaí na n-íocaíochta ná €400 in aghaidh an heicteáir do Scéim Dreasacht na Curaíochta agus €150 in aghaidh an heicteáir do Scéim na mBarraí Meascán Próitéine/Arbhair.
Tá Téarmaí agus Coinníollacha na Scéimeanna ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne agus is féidir á bhfeiceáil ag: