Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí 2022 Oscailte d'Iarratais
- Foilsithe: 16 Feabhra 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara inniu go bhfuil an próiseas iarratais ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí 2022 (BPS) agus na scéimeanna gaolmhara eile oscailte anois.
Sna laethanta amach romhainn, beidh feirmeoirí ag fáil pacáiste faisnéise BPS sa phost ina mbeidh a gcuid léarscáileanna agus sonraí talún don bhliain 2022. Beidh bileog chabhrach úsáideach sa phacáiste freisin. Cabhróidh an fhaisnéis seo le feirmeoirí agus lena gcomhairleoirí a n-iarratas ar líne a dhéanamh. Is é an dáta deiridh d’iarratais BPS in 2022 ná Dé Luain an 16 Bealtaine 2022. Iarrtar ar fheirmeoirí agus ar chomhairleoirí leas a bhaint as oscailt luath an phróisis iarratais anois seachas fanacht go dtí níos gaire don spriocdháta.
Is féidir le feirmeoirí cur isteach ar gach gné d’Íocaíochtaí Díreacha (BPS, Glasú, Scéim na bhFeirmeoirí Óga, Cúnamh Próitéine, Cúlchiste Náisiúnta, aistriú teidlíochtaí) ar líne. Cuidíonn sé seo lena chinntiú gur féidir leis an Roinn gach iarratas faoi na scéimeanna seo a phróiseáil chomh héifeachtach agus is féidir.
Meabhraítear d’fheirmeoirí a sheiceáil go bhfuil iarratas ceart déanta acu ar Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha (ANC), más infheidhme. Is féidir éilimh bhliantúla ar an mBeart Ionchorpraithe Tuí, an Scéim Comhshaoil Talmhaíochta Ísealcharbóin (GLAS) agus an Scéim um Fheirmeoireachta Orgánach a dhéanamh ar líne freisin.
Nóta d'Eagarthóirí:
Sna laethanta amach romhainn, beidh feirmeoirí ag fáil a bpacáistí BPS 2022 sa phost. Ó 2018 i leith, ní mór na hiarratais seo go léir a dhéanamh ar líne de réir mar a éilíonn Rialacháin an AE. Mar sin, níl aon fhoirm iarratais pháipéir sa phacáiste. Tá na Téarmaí agus Coinníollacha iomlána ar fáil ar líne, nó ar iarratas mar a leagtar amach thíos. Tá an bhileog chabhrach atá i bpacáistí BPS uile na bhfeirmeoirí ar fáil ag Basic Payment Scheme.
Cuirfear luach reatha a dteidlíochtaí íocaíochta (2022) in iúl do gach feirmeoir freisin sna seachtainí atá romhainn trí agfood.ie.
Más mian le feirmeoirí dul i dteagmháil leis an Roinn maidir le hiarratas ar líne is féidir leo é sin a dhéanamh ag
• *049 4368288 maidir le fiosrúcháin faoi chlárú do www.agfood.ie – mar shampla fiosruithe ar phasfhocail caillte, conas clárú srl.
• *057 8674422 maidir le fiosrúcháin ar an iarratas BPS a chomhlánú nuair atá siad cláraithe ar www.agfood.ie nó cóip pháipéir de na Téarmaí agus Coinníollacha a iarraidh.
CRÍOCH