Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Scéim nua chun coillearnacha dúchasacha a chur ar thalamh poiblí fógartha ag an Aire Calleary agus ag an Aire Hackett

Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Dara Calleary TD, agus an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht maidir le Foraoiseacht sa Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, scéim nua inniu chun maoiniú a chur ar fáil chun coillearnacha dúchasacha a chur ar thailte poiblí. Sásaíonn an scéim seo ceann de na príomhghealltanais atá tugtha i gClár an Rialtais agus déanfaidh Roinn an Aire an scéim a mhaoiniú agus clúdóidh sin an costas a bhaineann le foraoisí den chineál sin a bhunú ar thalamh feiliúnach atá faoi úinéireacht phoiblí.

Tá an scéim dírithe ar na Comhlachtaí Poiblí ar fad, lena n-áirítear:

  • Ranna Rialtais agus Eagraíochtaí Státurraithe
  • Údaráis Ardoideachais agus
  • Údaráis Áitiúla

Dúirt an tAire Calleary:

"Is iontach láidir an teachtaireacht a bheidh comhlachtaí poiblí a ghlacann páirt sa tionscnamh nua seo a thabhairt dá gcustaiméirí, comhpháirtithe sa tionscal agus don phobal go ginearálta, is é sin, go bhfuil siad ag déanamh a gcuid, ar bhealach atá fiúntach, chun cuspóirí timpeallachta a shásamh. Tá mo Roinnse ag súil le bheith i dteagmháil leo agus a bheith ag tabhairt tacaíochta dóibh maidir leis na coillearnacha seo a leagan amach agus a chur."

Cheadaigh an Rialtas an scéim ag deireadh na míosa seo caite agus cuirfear tús leis trí anailís chúlsoláthair talún a dhéanamh chun go ndéanfaidh comhlachtaí poiblí oiriúnacht a dtalamh a mheas do chur.

Dúirt an tAire Hackett:

"Is cuid lárnach d'oidhreacht dúlra, staire agus cultúir na hÉireann coillearnacha dúchasacha, atá uathúil ó thaobh na bithéagsúlachta de. Is léiriú í an scéim seo ar thiomantas an Rialtais maidir le bithéagsúlacht a fheabhsú agus coillearnacha buana a chur a dhéanfaidh carbón a ghabháil, a bheidh ábalta uisce a chosaint agus a chuirfidh lenár dtírdhreach ar feadh bliana fada amach romhainn."

Tá spéis léirithe ag Iarnród Éireann sa scéim, an chéad chomhlacht poiblí a rinne sin.

Dúirt Jim Meade, Príomhfheidhmeannach Iarnród Éireann:

"Aithníonn Iarnród Éireann an tábhacht a bhaineann lena ról i gcaipiteal nádúrtha na tíre a fhorbairt agus a feabhsú ó tharla gurb é an caomhnóir is mó talún poiblí sa tír é. Le tacaíocht ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara táthar ag lorg ceadú chun coillearnach dhúchasach a bhunú ar shuíomh ar thalamh dár gcuid i gContae Ros Comáin mar thogra píolótach faoin scéim seo. Táimid ag déanamh scrúdú ar chúlsoláthar talún anois chun oiriúnacht suíomhanna eile a mheas maidir lena gcur ar aghaidh sa scéim seo."

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an Scéim um Choillearnach a Chur ar Thalamh Poiblí ag www.agriculture.gov.ie/forestservice/grantsandpremiumschemes2014-2020.

Is cuid lárnach d'oidhreacht dúlra, staire agus cultúir na hÉireann coillearnacha dúchasacha, atá uathúil ó thaobh na bithéagsúlachta de. Is iontu a mhaireann ainmhithe, éin, feithidí agus plandaí speisialaithe coillearnaí, lena n-áirítear, gan ach cúpla ceann a lua, an t-iora rua, an cat crainn, an mórchnagaire breac, an cuaichín caol agus an muiléad coille. Cuireann siad líon mór seirbhísí éiceachórais ar fáil, lena n-áirítear carbón a ghabháil, caighdeán uisce a chosaint agus a fheabhsú, gnáthóga níos leithne a nascadh, an taobh tíre a fheabhsú, deiseanna maidir le caithimh aimsire faoin spéir agus léirléamh.

Tá sé mar aidhm leis an Scéim um Choillearnach a Chur ar Thalamh Poiblí an dúlra a chaomhnú trí choillearnacha buana, neamhthráchtála a fhorbairt ar thalamh poiblí a chuirfidh na tairbhí seo a leanas ar fáil:

  • gnáthóga coillearnaí dúchasaí atá caillte a thabhairt ar ais, gnáthóga atá saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de agus atá suntasach ó thaobh cultúir de
  • an scoilteadh atáthar a dhéanamh ar ghnáthóga eile agus na conair bhithéagsúlachta atá á gcailleadh a chúlú laistigh den taobh tíre níos leithne
  • ceapadh carbóin ó fhoraoisí a mhairfidh go brách
  • uisce agus na héiceachórais uisceacha lena mbaineann a chosaint agus a fheabhsú
  • saoráidí coillearnaí tarraingteacha a chur ar fáil, chun sláinte agus folláine a chur chun cinn chomh maith le deiseanna a thabhairt do phobail áitiúla le foghlaim a dhéanamh faoin spéir
  • caighdeán aeir a fheabhsú i gceantair uirbeacha agus i gceantair mháguaird
  • ithir a chosaint agus láithreáin líonta talún agus láithreáin athfhorbraíochta a thabhairt ar ais

Is mar seo a leanas an maoiniú a bheidh ar fáil:

Gné Gníomh maoinithe Ráta Deontais Tairsí Uasta
Gné 1 Cásanna Curtha 1-3 €6,220 / ha (le híoc in 2 ghála)
Gné 2 Cásanna Curtha 4-5 €5,880 / ha (le híoc in 2 ghála)
Gné 3 Conair agus Comharthaíocht Suas le €3,800 / ha €45,600 an méid is mó a íocfar
Gné 4 Áit Súgartha i gCoill Suas le €10,000 in aghaidh an iarratais Suas le €10,000
Deontas ar Shuíomhanna Tréigthe €500/ha €2,500 an méid is mó

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat