English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Scéim Nuachóirithe Talmhaíochta Spriocdhírithe (TAMS) - tuilleadh solúbthachtaí agus infhaighteacht ar líne d’Oiliúint Sábháilteachta Feirme fógartha

Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. tuilleadh solúbthachtaí inniu don Scéim Nuachóirithe Talmhaíochta Spriocdhírithe (TAMS) mar fhreagairt ar shaincheisteanna COVID-19. Tá na solúbthachtaí seo á dtabhairt isteach chun go mbeidh sé níos éasca d’fheirmeoirí agus dá ngníomhairí leanúint de pháirt a ghlacadh sa scéim thábhachtach seo i gcás ina dtagann deacrachtaí chun cinn de bharr na srianta sláinte poiblí atá i bhfeidhm faoi láthair.

Dúirt an tAire,

"Tá sé riachtanach go leanfaidh an fheirmeoireacht ag an am seo agus aird again ar na bearta sláinte poiblí agus tá sé tábhachtach go leanfaimis ar aghaidh leis an scéim TAMS le linn na tréimhse seo. Thug mé roinnt solúbthachtaí isteach maidir le socruithe na scéime mar léiriú ar an gcaoi sin nach féidir cleachtais áirithe a dhéanamh ag an tráth seo agus do dteastaíonn socruithe malartacha a bheith ar fáil. "

Is iad na solúbthachtaí i gceist tá:

• Solúbthacht maidir le spriocdhátaí críochnaithe TAMS - is féidir le gach rannpháirtí a bhfuil faomhadh TAMS II nó síntí ama COVID-19 acu a rachaidh in éag idir 1 Aibreán agus an 30 Meitheamh 2021 iarratas a dhéanamh chuig an oifig áitiúil ar shíneadh ama breise trí mhí.

D’fhógair an tAire Stáit Martin Heydon T.D. a bhfuil freagracht aige as Sábháilteacht Feirme inniu freisin na bearta nua atá á dtabhairt isteach chun atosú agus cur isteach teastas oiliúna an Chóid Chleachtais um Shábháilteacht Feirme (COP) a éascú mar chuid d’éilimh íocaíochta TAMS II.

Dúirt an tAire Heydon,

“Tá ríméad orm a fhógairt go bhfuil an oiliúint COP sábháilteachta feirme ar fáil ar líne. Tá an oiliúint seo tábhachtach i bhforbairt chultúr na sábháilteachta ar ár bhfeirmeacha.

Cuireadh an ceanglas deimhniú oiliúna COP sábháilteachta feirme a chur isteach mar chuid de phróiseas éilimh íocaíochta TAMS II ar fionraí go sealadach in 2020 toisc nárbh fhéidir cúrsaí oiliúna ‘i bpearsa’ a reáchtáil go sábháilte. Agus na srianta sláinte poiblí a bhaineann le Covid-19 ag maireachtáil níos faide ná mar a bhíothas ag súil leis agus an gá le hoiliúint sábháilteachta feirme chomh tábhachtach agus a bhí sí riamh, forbraíodh modh athbhreithnithe chun oiliúint sábháilteachta feirme COP a chur ar fáil. Maidir leis an bhforbairt seo, tá na bearta seo a leanas á dtabhairt isteach chun atosú agus cur isteach teastais oiliúna COP sábháilteachta feirme a éascú mar chuid d’éilimh íocaíochta TAMS II.

• Beidh an ceanglas maidir le teastas oiliúna COP sábháilteachta feirme a chur isteach mar chuid d’éileamh íocaíochta TAMS II éigeantach ón 26 Aibreán 2021 ar aghaidh.

• Beidh ar iarratasóirí nach bhfuil teastas oiliúna bailí acu (críochnaithe laistigh de na cúig bliana is déanaí) freastal ar chúrsa oiliúna COP sábháilteachta feirme ar líne.

• Ní mór gach cúrsa oiliúna sábháilteachta feirme a críochnófar tar éis an 28 Feabhra 2021 a chríochnú ar líne le go mbeidh siad inghlactha.

• Tá cúrsa athnuachana críochnaithe ag soláthraithe cúrsaí agus tá siad réidh chun an cúrsa a reáchtáil ar líne.

• Beidh athbhreithniú ar nósanna imeachta curtha i gcrích i Meitheamh 2021, ag braith ar shrianta sláinte poiblí ata i bhfeidhm ag an am sin.

Dheimhnigh an tAire inniu freisin gur faomhadh maoiniú don 70% d’iarratais ar thráinse 20 is airde. Dúirt sé go bhfuil an tráinse 21 reatha de TAMS oscailte d’iarratais agus go ndúnfaidh sé an 16 Aibreán 2021 agus go n-osclófar an chéad tráinse eile an 17 Aibreán. 2021. Osclófar tráinsí breise in 2021 an 23 Iúil 2021 agus an 5 Samhain 2021.

Nóta d’Eagarthóirí:

Tá tuilleadh sonraí faoi bhearta TAMS II ar fáil ag: www.gov.ie/en/service/targeted-agriculture-modernisation-schemes/

CRÍOCH