Scéim Tacaíochta Airgeadais nua maidir le Tógáil Laonna fógartha ag an Aire Creed
- Foilsithe: 19 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 9 Márta 2020
Tá Scéim Tacaíochta Airgeadais maidir le Tógáil Laonna fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an tUasal Michael Creed T.D. Dúirt an tAire Creed, “is cuid de shraith bearta an tionscnamh seo atá á gcur i bhfeidhm ag páirtithe leasmhara roimh shéasúr breithe laonna an Earraigh le súil is na torthaí is fearr agus is féidir maidir le leas laonna a chinntiú”.
Dheimhnigh an tAire go bhfuil €1.5 milliún á chur ar fáil aige chun an scéim a mhaoiniú.
Mar chuid den infheistíocht, díreofar go príomha ar thacú le córais beathaithe laonna, lena n-áirítear beathaitheoirí laonna, cairteacha bainne le meascthóir san áireamh agus beathaitheoirí sine do laonna. Nuair a cheannaíonn feirmeoir ceann de na nithe sin, beidh siad incháilithe tacaíocht a fháil len iad a cheannach, ar nós teasairí bainne do laonna, racaí foráiste/féir do laonna, trachanna mine do laonna, bacainní bia do laonna agus rannadóirí cró do laonna.
Dúirt an tAire gur €1,000 gan CBL san áireamh an infheistíocht is lú atá ag teastáil, cé gurb é €7,500 gan CBL san áireamh an infheistíocht is mó a mholtar. Beidh cúnamh deontais 40% ag baint le hiarratais a bhaineann amach téarmaí agus coinníollacha na scéime. (D'fhéadfaí an figiúr seo a laghdú sa chás go mbíonn róchlárú i gceist). Dheimhnigh an tAire Creed go mbeifear ábalta iarratais a dhéanamh ón 7 Eanáir 2020. Beidh téarmaí agus coinníollacha agus na sonraíochtaí ábhartha ar fáil ar láithreán gréasáin DAFM.
Chomh maith leis sin, dúirt an tAire Creed go raibh sé féin agus a Roinn i mbun cainteanna le páirtithe leasmhara sna hearnálacha beostoic agus gur tugadh faoin mbeart seo sa bhreis ar chéimeanna eile atá á nglacadh ag páirtithe leasmhara éagsúla d'fhonn leas laonna a chinntiú. Áirítear leo sin:
- aois íosta nuair is féidir laonna a dhíol/a bhogadh ón bhfeirm ar a rugadh iad - faoi láthair, éilítear nach mór dóibh a bheith 10 lá d'aois ar a laghad.[i]. Toisc go n-aithnítear go bhfuil laghdú ag teacht ar líon na laonna fireanna déiríochta atá á dtrádáil i ndíolacháin idir feirmeacha le blianta beaga anuas, glacfaidh ICOS agus marglanna ról lárnach ó thaobh daoine a thógann laonna go sainiúil a nascadh leis an earnáil déiríochta agus iad a chomhordú
- d'eagraigh Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann seimineáir maidir le sláinte agus leas laonna i roinnt áiteanna ar fud na tíre
- beidh seimineáir bhreise maidir le haire a thabhairt do laonna á gcur ar fáil ag Teagasc agus Sláinte Ainmhithe na hÉireann go luath san earrach
- thiomsaigh AHI leabhrán le gairid maidir le hAire an Thabhairt do Laonna agus dáileadh é sin ar gach próiseálaí bainne lena roinnt ar a gcuid soláthraithe
- rinne DAFM teagmháil le honnmhaireoirí d'fhonn leas laonna agus iad á n-iompar chuig an mór-roinn a chinntiú agus chuir an Roinn comhairle ar fáil dóibh maidir le caighdeáin níos láidre agus riachtanais a bhfuil nuashonrú déanta orthu le gairid maidir le córais áirithintí i sáinseáin sa Fhrainc
- faoi láthair, tá an Chomhairle Chomhairleach Leas Ainmhithe Feirme (FAWAC) ag tabhairt leabhrán comhairleach nua maidir le laonna a thógáil chun críche. Déanfar é sin a dháileadh ar gach feirmeoir déiríochta agus tagann sé le hiarrachtaí a rinneadh le linn na bliana faoin ngné Aistrithe Eolais den Chlár Forbartha Tuaithe reatha
D'fháiltigh an tAire roimh an rannpháirtíocht láidir ó pháirtithe leasmhara chun oibriú i dtreo caighdeáin a fheabhsú go leanúnach maidir le leas laonna. Thug sé achoimre ar a thuairim go bhfuil ról ceannaireachta láidir ag próiseálaithe bainne chun caighdeáin an tionscail a threorú agus tionchar a imirt orthu d'fhonn ionchas tomhaltóirí a bhaint amach agus dúirt sé go raibh sé sásta a lua go bhfuil bearta déanta ag próiseálaí mór amháin maidir le treoirlínte bainistithe laonna déiríochta a eisiúint in éineacht lena dhoiciméad beartais maidir le bainne a cheannach. Dheimhnigh an tAire Creed go raibh sé ag scríobh chuig na 17,000 feirmeoir déiríochta ar fad chun iad a spreagadh chun ullmhúchán leordhóthanach a dhéanamh ag an staid seo don séasúr breithe do laonna atá romhainn.
“Baineann fíorthábhacht leis an iarracht seo d'fhonn a chinntiú go gcuirtear na caighdeáin leasa is airde i bhfeidhm ar bhonn uilechoiteann ar fheirmeacha, i marglanna agus san earnáil iompair. Tá na gníomhartha seo ríthábhachtach freisin chun íomhá na hÉireann a chosaint mar tháirgeoir bia atá inbhuanaithe agus ar ardchaighdeán,” a dúirt an tAire ar deireadh.
Nótaí d'Eagarthóirí
Tá an aois 10 lá maidir le laonna a dhíol/a aistriú á hathbhreithniú tuilleadh sa Roinn faoi láthair lena chinntiú go bhfuil na torthaí a bhfuiltear ag súil leo maidir le leas ainmhithe á mbaint amach. Tá forálacha ann, de réir iarratas faoi leith a dhéanamh agus faoi cheadúnas, maidir le cead a thabhairt laonna níos óige a bhogadh go díreach idir feirmeacha i gcásanna eisceachtúla mar gheall ar chúinsí leasa.
CRÍOCH