Scoil Samhraidh Bhliantúil do Bheachairí FIBKA oscailte ag an Aire Doyle
- Foilsithe: 11 Lúnasa 2019
- An t-eolas is déanaí: 18 Aibreán 2020
Chuir an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle TD, fáilte roimh rannpháirtithe ó Éirinn agus thar lear chuig 73ú Scoil Samhraidh Bhliantúil do Bheachairí Chónaidhm Chumainn Bheachairí na hÉireann atá ar siúl faoi láthair i mBaile Mhic Gormáin, Co na Mí.
Le linn dó an Scoil Samhraidh a oscailt, mhol an tAire Doyle FIBKA as a rannpháirtíocht chun scileanna beachairí a fhorbairt agus thug sé aitheantas don ról tábhachtach atá ag beacha ina bpailneoirí do bharra talmhaíochta agus gairneoireachta chomh maith leis an éiceachórais a chothabháil.
Leag an tAire béim ar an bPlean Náisiúnta um Pailneoirí agus dúirt:
"Cuireadh treoirlínte feirmeoireachta ar fáil faoin bPlean um Pailneoirí Uile-Éireann 2015-2020 agus é mar aidhm leo a bheith chun leasa pailneoirí chomh maith len iad a chosaint, beacha meala ina measc."
Ina dhiaidh sin, leag an tAire béim ar Ghlao ar Thograí Taighde na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara le gairid faoin gClár Náisiúnta Beachadóireachta nua (2019-2022).
Is é aidhm an chláir:
- cúnamh teicniúil a chur ar fáil do bheachairí
- dul i ngleic le hIonróirí agus galair sna coirceoga, varróis go háirithe
- comhoibriú le comhlachtaí speisialtóireachta chun cláir taighde feidhmí a chur i bhfeidhm i réimse na beachadóireachta agus táirgí beachadóireachta
Dúirt an tAire Doyle leis na beachadóirí:
"Deis iontach a bheidh sa Chlár Náisiúnta Beachadóireachta nua do bheachadóireacht na hÉireann leanúint de chur chuige eolaíoch a chruthú maidir leis an tslí is féidir coilíneachtaí den bheach meala a chosaint agus faoina gcuirtear meicníocht sárluachmhar ar fáil chun taighde spriocdhírithe a dhéanamh don earnáil bheachadóireachta in Éirinn."
Leanann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara de líon tacaíochtaí eile a chur ar fáil don earnáil bheachadóireachta lena n-áirítear taighde a chómhaoiniú faoin gClár Náisiúnta Beachadóireachta, cúnamh deontais a chur ar fáil chun infheistíochtaí caipitil a dhéanamh i saintrealamh a bhaineann le beachadóireacht a éascú, tacaíocht a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí arna gcur i gcrích ag eagraíochtaí náisiúnta beachadóireachta agus seirbhís dhiagnóiseach a chur ar fáil saor in aisce maidir le galair bheach.
Le linn na Scoile Samhraidh a bheidh ar siúl i mBaile Mhic Gormáin go dtí Dé hAoine seo chugainn, freastalófar ar gach leibhéal, idir thosaitheoirí agus bheachadóirí a bhfuil taithí acu.
CRÍOCH
Nótaí d'eagarthóirí:
Is féidir tuilleadh sonraí maidir le Cúrsa Samhraidh FIBKA a fháil ag: irishbeekeeping.ie/beekeeping-summer-school-gormanston-2019.
Is féidir sonraí maidir le Clár Náisiúnta Beachadóireachta na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus eolas eile maidir le beachadóireacht a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara: www.agriculture.gov.ie/farmingsectors/beekeepinghoney.
Tá breis agus 3,100 comhalta ag Cónaidhm Chumainn Bheachairí na hÉireann (FIBKA). Bíonn tionchar mór ag aimsir na hÉireann ar choilíneachtaí agus ar an méid meala a tháirgtear in Éirinn. Chomh maith le mil a dhéanamh, bíonn ról tábhachtach ag beacha maidir le barra bia agus plandaí fiáine a phailniú.
Tá an Clár Náisiúnta Beachadóireachta cómhaoinithe ag an gCoimisiún Eorpach agus ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Tháinig deireadh le glaonna ar thograí faoin gclár seo an 2 Lúnasa. Faoin gclár rinneadh monatóireacht ar chaillteanais i gcoilíneachtaí beach meala na hÉireann le linn an gheimhridh le deich mbliana anuas mar chuid de líonra taighde idirnáisiúnta COLOSS trína bhféachtar leis na cúinsí a mbíonn tionchar acu ar mhortlaíocht coilíneachtaí beach meala a aithint.