Seacht gcalafort de chuid na hÉireann ainmnithe ag an Aire McConalogue le go mbeidh soithí as Tuaisceart Éireann atá cláraithe sa RA ábalta gabhálacha a thabhairt i dtír
- Foilsithe: 18 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. inniu go bhfuil cinneadh déanta aige cúig chalafort eile de chuid na hÉireann a ainmniú chun go mbeidh soithí as Tuaisceart Éireann atá cláraithe sa RA ábalta gabhálacha a thabhairt i dtír chun críocha IUU agus NEAFC.
Is iad an cúig chalafort nua atá ainmnithe ná Ros an Mhíl, Binn Éadair, An Caisleán Nua, Ráth Maoláin agus Ailt an Chorráin, chomh maith leis na Cealla Beaga agus Baile Chaisleán Bhéarra atá fós ainmnithe do ghabhálacha shoithí ar tríú tír í an tír bhunaidh.
Tá sé deimhnithe ag an Aire go bhfuil sé ag obair lena chinntiú go mbeidh na fógraí agus riachtanais is gá i bhfeidhm chun go mbeidh na calafoirt seo ag feidhmiú ó Dé Luain an 1 Feabhra 2021.
Faoi na hainmniúcháin nua beidh Ros an Mhíl agus Binn Éadair ábalta glacadh le gabhálacha d'iasc grinnill ó shoithí faoi 24 méadar ar fad agus beidh siad ag feidhmiú ó Luan go hAoine ón 10 ar maidin go dtí a 10 san oíche.
Beidh an Caisleán Nua, Ráth Maoláin agus Ailt an Chorráin ainmnithe do ghabhálacha de speicis neamhchuótaí ó shoithí faoi 18 méadar agus beidh siad ag feidhmiú ón 2 tráthnóna go dtí 8 tráthnóna ó Luan go hAoine.
Ón 1 Eanáir 2021, is tríú tír í an Ríocht Aontaithe agus dá bhrí sin, tá sí faoi réir na reachtaíochta iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhrialáilte agus Neamhthuairiscithe (IUU) agus cheanglais an Choimisiúin um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC). Ciallaíonn sé sin, nach mór do shoithí ar bith atá cláraithe sa RA, lena n-áirítear Tuaisceart Éireann, cloí le riachtanais gabhálacha tríú tíre nuair atá gabhálacha á dtabhairt i dtír san AE, lena n-áirítear calafoirt na hÉireann agus atá ina thoradh díreach ar an mBreatimeacht agus san áireamh sa Phrótacal ar Éirinn / Thuaisceart Éireann. Go dtí gur thángthas ar chomhaontú maidir leis an gcaidreamh a bheadh idir an RA agus an AE amach anseo ar Oíche Nollaig, ní raibh sé fós soiléir cibé an mbeadh teacht ag soithí de chuid Thuaisceart Éireann ar uiscí na hÉireann a raibh teacht acu roimhe seo orthu.
Dúirt an tAire,
"is cinneadh tábhachtach é seo a chuirfidh ar chumas iascairí a bhfuil soithí beaga acu leanúint lena slí mhaireachtála ar bhealach sábháilte.
Lean sé ar aghaidh agus dúirt
"i ndiaidh an Bhreatimeachta, tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh, tacú lenár n-iascairí agus pobail iascaireachta agus gach is féidir linn a dhéanamh a dhéanamh dóibh leanúint lena slí mhaireachtála.
Beidh ar aon bháid atá cláraithe sa RA agus Tuaisceart Éireann a bheidh ag tabhairt gabhálacha i dtír in aon cheann den seacht gcalafort sin cloí le riachtanais bhreise cáipéisíochta agus nósanna imeacht ná mar a bhí roimh an mBreatimeacht. Tá calafoirt a ainmniú laistigh d'údarás an Stáit, ach tá gach riachtanas agus prótacal faoi réir dhlí an AE agus an dlí idirnáisiúnta agus ní mór cloí go docht leo le go mbeidh cead isteach acu sna calafoirt.
'Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do SEPA as a chuid oibre leis na socruithe is gá a chur i bhfeidhm d'fhonn na hainmniúcháin bhreise calafoirt seo a chur ar fáil agus tá mé sásta go mbeidh mar thoradh air sin go mbeidh sé de chumas ar na hiascairí nach raibh in ann a bheith ag iascaireacht mar gheall ar an toradh a bhí ar an mBreatimeacht teacht ar roinnt calafoirt eile," a dúirt an tAire mar fhocal scoir.
CRÍOCH