English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seachtain Eolaíochta 2022: Dhá thionscadal taighde curaíochta nua á bhfógairt ag an Aire Heydon

  • Deais nua seolta chun rochtain ar thaighde ceannródaíoch a fheabhsú thar réimse leathan den gcóras agraibhia
  • **Sraith seimineár gréasáin an tseachtain seo a chlúdaíonn raon ábhar lena n-áirítear báinsí ilspeiceas, gáis cheaptha teasa a mhaolú, agus bia inbhuanaithe agus sláintiúil

D'fhógair Martin Heydon T.D., an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht speisialta as taighde agus forbairt, maoiniú do dhá thionscadal taighde curaíochta, deais nua taighde, agus sraith seimineár gréasáin eolaíochta.

Tá sé mar aidhm ag an tSeachtain Eolaíochta, a bheidh ar siúl ón 13 Samhain go dtí an 20 Samhain, pobal na hÉireann a chur ar an eolas faoin eolaíocht, plé agus iniúchadh a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an eolaíocht, agus tá an téama sonrach ‘Féidearthachtaí Neamhtheoranta' ann i mbliana. Tá an eolaíocht agus an taighde ríthábhachtach d'fhorbairt inbhuanaithe na hearnála agraibhia, foraoiseachta, mara agus bithgheilleagair.

Ag ceiliúradh na hócáide, d'fhógair an tAire Heydon dhá thionscadal ó Ghlao Eorpach um thaighde agrai-bhithéagsúlachta a bhainfidh leas as maoiniú €1m:

“Tabharfaidh an dá thionscadal seo eolas praiticiúil ar conas is féidir le héagsúlacht feabhas a chur ar ár gcórais talmhaíochta. Díreoidh siad ar athléimneacht na mbarr eorna agus cruithneachta, dhá bharr is tábhachtaí dá chuid, a fheabhsú ar fud an AE.

“Gné lárnach den Straitéis Fís don Bhia 2030 is ea bithéagsúlacht a athshlánú agus a fheabhsú agus cuirfidh an infheistíocht seo i dtaighde atá á fhógairt agam inniu go mór leis an ngealltanas sin a chomhlíonadh.”

D'fhógair an tAire freisin go bhfuil deais nua ar líne seolta a thugann rochtain don phobal ar raon faisnéise agus staitisticí ar thaighde atá á mhaoiniú ag an Roinn.

Ag labhairt dó ar an méid sin, dúirt an tAire Heydon:

“Is maoinitheoir suntasach í an Roinn seo i ndáil le taighde leasa pobail in Éirinn, agus infheistíocht os cionn €207m déanta aici ó 2010 i leith. Tá sé ríthábhachtach go leanfaimid orainn ag infheistiú chun athléimneacht ár gcóras agraibhia a nuachóiriú agus a mhéadú. Tá ról ríthábhachtach ag an taighde a mhaoinímid sa mhéid sin agus tá sé tábhachtach gur féidir leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara araon rochtain a fháil air.

Mar chuid de Sheachtain Eolaíochta 2022, d'fhógair an tAire sraith seimineár gréasáin freisin ar thionscadail atá á maoiniú ag an Roinn.

Ina measc tá:

  • an tionscadal “SMARTSWARD” lena ndéantar measúnú ar úsáid báinseach ilspeiceas chun feirmeoireacht inbhuanaithe féaraigh a dhéanamh;
  • ceithre thionscadal a bhreathnaíonn ar mhaolú agus ar mhonatóireacht gás ceaptha teasa ón talmhaíocht;
  • agus dhá thionscadal ar an Suirbhé Náisiúnta ar Chaitheamh Bia do Dhaoine Fásta agus treoirlínte cothaithe maidir le bia inbhuanaithe agus sláintiúil.

Dúirt an tAire:

“Cé go maoiníonn mo Roinn raon leathan réimsí taighde, tá rogha tionscadal roghnaithe againn ar ábhair atá an-spéisiúil agus mholfainn do gach duine clárú leis na seimineáir ghréasáin seo ar láthreán gréasáin na Roinne.”


Nótaí don Eagarthóir:

Dámhachtainí taighde c.€1 milliún:

Comhordaitheoir Comhpháirtithe Tionscadal Dámhachtain
Sonia Negrao UCD Éagsúlacht Sean-Eorna agus Eorna Nua a Ghnóthú agus a Chur Chun Tairbhe do Thalmhaíocht atá Réitithe don Todhchaí €496,505.13
Fiona Doohan UCD, Teagasc Éagsúlacht ghéiniteach cruithneachta a shainaithint agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe chun athléimneacht agus slándáil an tsoláthair bhia Eorpaigh a fheabhsú. €499,693.00

Eascraíonn na dámhachtainí seo as an nglao comhpháirteach arna reáchtáil ag Tionscnamh Cláir Nasctha na hEorpa ar

Thacaíocht airgeadais do thaighdeoirí Éireannacha sna tionscadail rathúla seo (a bhfuil comhpháirtithe ó thíortha eile AE páirteach iontu freisin) á cur ar fáil trí Chlár Taighde an DAFM. Tá na dámhachtainí ag brath ar chaibidlíochtaí conartha a chur i gcrích go rathúil leis na comhpháirtithe go léir a bhfuil baint acu le gach tionscadal.

Deais Taighde DAFM:

Access the dashboard.

A video explaining how to navigate the Dashboard and utilise its functions can be viewed on the DAFM YouTube channel here: https://www.youtube.com/watch?v=bmA6FkPrw5c

Seimineáir Ghréasáin Sheachtain Eolaíochta an DAFM 2022:

‘SMARTSWARD', Measúnú a dhéanamh ar úsáid báinseach ilspeicis: na tairbhí iolracha don fheirmeoireacht féarach-bhunaithe inbhuanaithe

Cainteoirí: An tOllamh Tommy Boland, an Dr Helen Sheridan, Michelle Kearns

Seimineár Gréasáin Poiblí Dé Luain an 14 Samhain 9:30am – 10:15am.

https://register.gotowebinar.com/register/5044545481302021904

Comhoibriú Idirnáisiúnta Taighde: Monatóireacht agus maolú gás ceaptha teasa ón talmhaíocht a neartú trí rannpháirtíocht na hÉireann sa Líonra um an Limistéar Taighde Eorpach, “ERAGAS”.

Cainteoirí: An Dr Karl Richards, an tOllamh Bruce Osborne, an tOllamh Paul Ross, an Dr Paul Smith

Seimineár Gréasáin Poiblí Dé Máirt an 15 Samhain 9:30am – 10:45am.

https://register.gotowebinar.com/register/2690126048529956876

An Suirbhé Náisiúnta ar Chaitheamh Bia do Dhaoine Fásta agus Aistriú i dtreo bia inbhuanaithe agus sláintiúil

Cainteoirí: An Dr Janette Walton, an Dr Sinead McCarthy

Seimineár Gréasáin Poiblí Dé hAoine an 18 Samhain 11:30 – 12.30

https://register.gotowebinar.com/register/5669970785060306190